An Chatalóin chun neamhspleáchas a fhógairt
Má éiríonn le 'Sí' in 2017


Tá sé ráite ag an Uachtarán ar Pharlaimint na Catalóine go bhfógróidh siad neamhspleáchas ón Spáinn má bhíonn an bua ag an fheachtas ar son saoirse i reifreann nua ar an bhliain seo chugainn.

Bhí Carles Puigdemont ag caint leis an tseirbhís nuachta France24 inniu nuair a thug sé an méid sin le fios.

Tá a ráiteas neamhbhalbh i ndiaidh splanc eile a chur i bpróiseas neamhspleáchais na Catalóine atá ag bailiú nirt le tamall de bhlianta anuas.

An tseachtain seo caite ghlac Parlaimint na Catalóine le bille go n-eagrófar reifreann ceangailteach ar neamhspleáchas faoi mhí Mheán Fómhair 2017.

Cé go bhfuil rialtas agus córas dlí na Spáinne cheana féin ag cur i gcoinne an reifrinn, tá sé mínithe ag Puigdemont go leanfaidh an Chatalóin ar aghaidh lena bpleananna ar aon chaoi.

Agus anois tá sé curtha in iúl ag an Uachtarán go bhfógróidh an réigiún féinrialaitheach neamhspleáchas má vótálann tromlach an phobail ina fhabhar ar an bhliain seo chugainn.

“Tá polaiteoirí Spáinneacha tar éis droim láimhe a thabhairt don fhírinne Chatalónach,” ar seisean.

“Tá fadhb ag an Spáinn leis an daonlathas.

“Conas is féidir pionós a ghearradh orthu siúd ar mhian leo guth a thabhairt do shaoránaigh?”

Is tagairt í sin don chás cúirte atá ar siúl ag rialtas na Spáinne i gcoinne ionadaithe poiblí Catalónacha as cead a thabhairt don reifreann ar neamhspleáchas a reáchtáladh i Samhain 2014, reifreann nár thug Maidrid aon aitheantas oifigiúil dó.

Níl aon amhras ach go mbagróidh rialtas na Spáinne an dlí ar pharlaiminteoirí na Catalóine i gcás an reifrinn nua seo chomh maith ach is léir ó chaint Puigdemont go bhfuil a rialtas féin níos mó ná toilteanach brú ar aghaidh má thugann vótóirí tacaíocht don phróiseas.

Ag labhairt dó ar an chomhdhéanamh a bheadh ag aon stát úrnua Catalónach, luaigh Puigdemont nach stát náisiúnaíoch a bheadh ann agus go mbeadh “iolracht teangacha” i bhfeidhm ann.