‘An chéad díospóireacht uachtaránachta i Meiriceá thart agus 2020 éirithe níos measa arís’

Mar is eol d’éinne a bhfuil aithne acu orm (nó a chonaic mo chuntas Twitter), cuirim suim mhór i bpolaitíocht Mheiriceá. 

Ba ghnách liom na scannalacha agus na scéalta a leanúint, agus taitneamh a bhaint as an gconspóid gan stad a bhaineadh le cúrsaí polaitíochta sna Stáit. Bhí spraoi ann! 

Ó 2016, an bhliain a toghadh Donald Trump ina uachtarán ar an tír is cumhachtaí ar domhain, áfach, is oth liom a rá go bhfuil an spraoi sin imithe.  Anois, cuirim suim ann mar go bhfuilim buartha go dtitfeadh an daonlathas as a chéile ann; leanaim na scéalta ar fhaitíos go dtosnófaí an Tríú Cogadh Domhanda. 

Reachtáladh an chéad díospóireacht uachtaránachta den fheachtas aréir agus ba chosúil le cogadh domhanda é, mar a tharlaíonn sé. Tháinig Donald Trump, Uachtarán Poblachtánach Mheiriceá, agus iarrthóir na nDaonlathach, an t-iar-LeasUachtarán Joe Biden, le chéile ar an stáitse in Ohio le plé a dhéanamh ar na hábhair is tábhachtaí do shaoránaigh na Stát. 

Ní dhearnadh plé cuimsitheach ar ábhar ar bith, ach rinneadh slad ar an bpróiseas daonlathach. 

Screadáil, búireach, caint ghonta, maslaithe pearsanta; agus tuilleadh mar é ar fad tar éis 15 nóiméad. Tháinig Donald Trump roimh Joe Biden gach uair a labhair an t-iar-LeasUachtarán – in ainneoin iarrachtaí an chathaoirligh, Chris Wallace ó Fox News, stop a chur leis. 

Thug Biden le fios go raibh sé ag deireadh na feide nuair a d’impigh sé ar Trump a chlab a dhúnadh – tar éis fiche nóiméad. Caithfear a rá go raibh Trump é féin níos achrannaí le linn na díospóireachta; níor thug sé deis dá chéile comhraic aon tuairim a thabhairt, mhaslaigh sé clann Biden, ach go háirithe mic Biden – duine amháin acu atá ar shlí na fírinne, agus ba léir nach raibh ullmhaithe aige ach na líomhaintí a chuir sé i leith Joe Biden ó thús deireadh. 

Iarradh ar Trump labhairt amach i gcoinne grúpaí ciníocha; dhiúltaigh sé don iarratas simplí sin. Tugadh ainmneacha ar an mbeirt iarrthóirí, agus chuaigh lucht Twitter ar mire agus iad ag iarradh teacht ar thuiscint ar a raibh ar siúl. Lean an argóint ar aghaidh ar feadh uair go leith, a fágadh an lucht féachana díomách agus trína chéile ag an deireadh. 

Iarradh orm cúpla uair inniu achoimre a dhéanamh ar an díospóireacht aréir. Is deacair sin a dhéanamh gan focail mhóra a úsáid, mar a rinne an t-iriseoir Dana Bash ar CNN aréir nuair a chuir sí síos ar an ócáid mar “shitshow”. Aontaím léi, agus níl cur síos níos fearr ann. 

Táthar ag súil le péire eile, ag an bpointe seo níl a fhios agam an molfainn féachaint orthu — mura mbíonn deoch láidir i do láimh agat.