An comóradh eile:
35 bliain ó Stailc Ocrais 1981

Ba é Cónall Ó Corra as Coláiste Feirste a bhuaigh Abair 2016 le déanaí, comórtas cainte poiblí a reáchtálann Gael Linn do scoileanna dara leibhéil i gCúige Uladh. Seo thíos a óráid bhuach faoi Stailc Ocrais 1981.


A mholtóirí agus a chomradaithe,

Tá comóradh thar a bheith tábhachtach faoi lán seoil in Éirinn i láthair na huaire, agus is é sin Comóradh 100 bliain Éirí Amach na Cásca.

Tá na meáin ach go háirithe líon lán leis an díospóireacht, leis an chomóradh agus leis an anailís faoin tréimhse ríthábhachtach seo i stair na tíre seo.

Ach, a chairde, tá comóradh eile le déanamh againn i mbliana, cé nach bhfuil aird na n-údarás dírithe air ar chor ar bith.

Is é sin, an Stailc Ocrais a thit amach, 35 bliain ó shin i mbliana.

Tá sé ar intinn agamsa inniu ardán a thabhairt don éacht shuntasach seo agus é a phlé i gcomhthéacs an lae inniu.

I dtús báire, caithfidh mé a rá go gcuireann sé samhnas orm an dóigh a bpléitear leis an streachailt a bhí againn in Éirinn le 40 bliain anuas.

Déantar ceiliúradh ar bhuanna cogaíochta in éadán na Sasanach roimh chríochdheighilt, agus is maith an rud é sin, i mo bharúilse.

Ach creidim go ndéantar faillí ar na hiarrachtaí a rinneadh le linn na tréimhse sin a dtugtar ‘Na Trioblóidí’ uirthi.

Nárbh é Éire shaor a bhí mar sprioc ag ceannairí an Éirí Amach agus ag an arm a throid ar son na saoirse?

Agus, nárbh é Éire shaor a bhí mar sprioc ag na Stailceoirí Ocrais?

Is léir gur fimíneachas amach is amach atá ann agus tá mé tinn tuirseach den athbhreithniúchas seo ar ár stair féin.

Tchítear dom gur thréig an rialtas sa deisceart muintir an tuaiscirt nuair a scaradh an tír agus nach raibh suim dá laghad acu bheith ag tacú leis na Stailceoirí Ocrais agus daoine eile nach iad.

Do dhaoine níos óige atá anseo inniu nach dtuigeann cad é a bhí i gceist leis an Stailc Ocrais, míneoidh mé daoibh í.

Bhí córas thar a bheith leatromach agus míchothrom i bhfeidhm sna Sé Chontae a thug tosaíochtaí do phobal amháin.

Nuair a rinneadh iarracht cothromas a bhaint amach, cuireadh tús le coimhlint a mhair 30 bliain.

Cuireadh na mílte fear agus bean óg i bpríosún agus stádas speisialta acu i dtús báire.

Ach in 1976 cuireadh deireadh leis an stádas seo agus pléadh leis na daoine seo amhail is gur choirpigh iad, cosúil le coirpeach ar bith eile a dhéanfadh ionsaí ar pháistí nó a leithéid eile.

I ndiaidh ceithre nó cúig bliana de throid agus de streachailt sa Cheis Fhada agus i bpríosúin eile ar fud na tíre, i ndiaidh bhrúidiúlacht na ngardaí sa phríosún, i ndiaidh bheith ar stailc gan nigh, i ndiaidh a gcuid caca a chur ar bhallaí a gcillíní, agus nuair a bhí a seacht ndícheall déanta acu le léiriú gur cimí polaitiúla iad, shocraigh na fir chróga seo go rachadh siad ar Stailc Ocrais.

stailceoiri-ocrais

Sa deireadh, fuair 10 fear cróga bás ar son na tíre seo.

Rud amháin nach dóigh liom a bhfuil ar eolas ag a lán daoine go raibh an 10 sin líofa sa Ghaeilge.

Thuig siad tábhacht na Gaeilge sa streachailt ar son na saoirse, rud a thuig go leor dóibh siúd a bhí páirteach in 1916.

Lá Fhéile Pádraig 1981, scríobh Roibeard Ó Seachnasaigh ina dhialann don uair dheireanach.

Is i nGaeilge a scríobh sé.

Ceannródaí a bhí ann nó d’aithin sé go dtiocfadh leis an Ghaeilge an chúis ar son na tíre a thiomáint.

Cuireann sé mana Phádraig Mhic Phiarais i gcuimhne dom: “Ní amháin saor ach Gaelach chomh maith, ní amháin Gaelach ach saor chomh maith”.

Scríobh sé faoin teanga, faoin tábhacht a bhí léi a bheith sna meáin chumarsáide, a bheith mar theanga bheo, faoin tábhacht a bhí le Gaelscoileanna a bhunú mar a bhí ar Bhóthar Seoighe i mBéal Feirste cheana féin agus faoin tábhacht an Ghaeilge a bheith in úsáid i ngnónna in Éirinn fosta.

Ar ndóigh, tá an-mheas agam agus ag go leor den phobal ar na fir seo ar fad.

Rinne siad íobairt atá ar chomhchéim le híobairt ar bith eile i stair na tíre seo.

Bímis bródúil as na daoine seo a thug a saol ar mhaithe le sochaí níos fearr, níos cothroime, agus níos Gaelaí.

Deir sé sa Bhíobla nach dtig onóir ná éacht níos mó a dhéanamh ná do shaol a thabhairt suas do do chairde.

Creidimse gur sin an rud a rinne na laochra seo.

Ní raibh siad ag iarraidh bás a fháil agus níor fhéinbhás a bhí ann, mar a deirtear go tarcaisneach i leith na stailceoirí.

Ní raibh an dara rogha acu ach an modh seo a úsáid agus ní mór dúinne uilig a bheith buíoch díobh.

Leag an Stailc Ocrais síos an bealach le go dtiocfadh linn síocháin agus forbairtí a bhaint amach sna blianta ina diaidh.

Bímis buíoch as na cearta atá againn anois mar gheall ar na híobairtí a rinne siad, mar gheall ar na Gaelscoileanna atá ar fud na tíre, mar gheall ar an chumhacht atá againn sa tír agus mar gheall ar an tsochaí níos fearr atá ann.

Is iadsan a bhrúigh an streachailt chun tosaigh.

Ná déanaimis dearmad ar Roibeard Ó Seachnasaigh, Proinnsias Ó hAodha, Réamann Mac Craois, Patsaí Ó hEára, Seosamh Mac Dónaill, Máirtín Hurson, Caoimhín Ó Loingsigh, Ciarán Ó Dochartaigh, Tómas Mac Giolla Bhuí agus Micí Ó Daimhín.