An fhírinne faoin tSiria
Tá NATO sáite sa chogadh samhnasach...

Tugann an t-iriseoir polaitiúil Gearóid Ó Colmáin léargas beacht ar na cúiseanna gránna taobh thiar den chogadh sa tSiria agus míníonn sé conas atá SAM, an Bhreatain agus tíortha eile NATO ag tacú le sceimhlitheoireacht sa tír agus níos faide i gcéin…


Dúirt rialtas na Rúise le déanaí go raibh bunchuspóir míleata bainte amach acu sa tSiria agus go raibh siad chun a dtrúpaí a tharraingt amach as an tír.

Bhí arm na Rúise ag troid in aghaidh an Stáit Mhoslamaigh ó Mheán Fómhair 2015.

Fuair eagras sceimhlitheoireachta an ‘Stáit Mhoslamaigh’ seilbh ar chuid den tSiria sa bhliain 2014, i gcomhthéacs an anoird a bhí ann sa ‘chogadh cathartha’ sa tír.

Ach anois, tá Arm Arabach na Siria ag dul ó neart go neart.

Tá trealamh míleata den chéad scoth acu agus dealraíonn sé go bhfuil siad in ann anois an tír a shaoradh ó smacht na n-antoisceach.

Ach nach bhfuil sé fíor freisin go bhfuil an tír faoi smacht na deachtóireachta?

Nach bhfuil an tír ag fulaingt ó ainghníomhartha ‘réimeas’ Bashar Al-Assad?

Nach bhfuil an comhaontas idirnáisiúnta ag iarraidh daonlathas a chur chun cinn sa tír agus cabhair a thabhairt do ‘reibiliúnaigh mheasartha’?

Níl.

Chun é sin a mhíniú, áfach, ní foláir dúinn cúpla pointe tábhachtach a thuiscint faoi bheartas eachtrach na Stát Aontaithe agus a gcomhghleacaithe san Eoraip agus sa Mheánoirthear.

Tar éis thitim Bhalla Bheirlín in 1989, d’athraigh beartas eachtrach na Stát Aontaithe maidir le réimis a raibh siad ag brath orthu sa Mheánoirthear, réimis cosúil leis an Iaráic de chuid Saddam Hussein.

Tar éis chéad Chogadh na Murascaille (Gulf War), bhí sé soiléir nach raibh siad ag brath ar réimis mar sin níos mó mar ní raibh aon bhagairt ón Aontas Sóivéadach a thuilleadh.

Chuir na Stáit Aontaithe Saddam Hussein i gcumhacht in 1968 chun na Cumannaigh san Iaráic a scrios, agus bhí siad ag brath ar réimeas san Éigipt chomh maith ina gCogadh Fuar in aghaidh an Aontais Shóivéadaigh.

Ach tar éis lanscor an Aontais Shóivéadaigh áfach d’athraigh geopholaitaíocht an domhain agus ní raibh gá níos mó ag Washington le réimis cosúil le Saddam agus Mubarak.

Mar sin, in 2005, chinn Washington réimeas Mubarak san Éigipt a chur as cumhacht, mar nach raibh Uachtarán na hÉigipte ag comhoibriú leis na Stáit Aontaithe i gcogadh na hIaráice.

Bhí Mubarak i gcoinne dheighilt na Súdáine freisin, tionscnamh atá ar súil ag Washington agus Tel Aviv le roinnt blianta.

Thosaigh ullmhucháin an Earraigh Arabaigh in 2005 nuair a sheol Foras Náisiúnta an Daonlathais (National Endowment for Democracy) roinnt eagras ‘chearta daonna’ agus ‘cothú an daonlathais’ chuig an Éigipt agus an Túinéis chun daoine óga sna tíortha sin a thraenáil ar conas ‘réabhlóid neamhfhoréigeanach’ a chur ar bun.

Bhí sé ar intinn ag Washington agus Tel Aviv na Bráithre Moslamacha a chur i gcumhacht chun an réigiún a dhíchobhsú ionas go mbeadh Iosrael in ann tiarnas an Stáit Ghiúdaigh a bhunú sa Mheánoirthear de réir Phlean Yinon, cáipéis a d’fhoilsigh feidhmeannaigh Stát Iosrael sa bhliain 1982.

Mar sin, nuair a d’éirigh le ‘réabhlóidigh’ sa Túinéis agus san Éigipt an réimeas a athrú – le cabhair ó naoscairí (snipers) proifisiúnta a scaoil póilíní agus léirsitheoirí go léir chun anord a chruthú – socraíodh chun díriú ar an Libia.

Bhain Ionad Fiosrúcháin na Stát Aontaithe (CIA) úsáid as naoscairí freisin ansin nuair a sheol Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (NATO/ECAT) gallóglaigh Mhoslamacha antoisceacha chun an Libia a scrios.

Bhí scéal eile ar fad, áfach, ag na meáin chumarsáide.

Dúirt siad go raibh Muammar Gaddafi ciontach as sléacht a dhéanamh ar a phobal féin agus gur foláir do ‘chomhaontas idirnáisiúnta’ rud éigin a dhéanamh chun ‘daoine a chosaint’.

Ní raibh ann ach casus belli agus ocht mí níos déanaí bhí an Libia, an tír ba shaibhre san Aifric agus dóchas na mór-roinne, scriosta.

Mar sin, sheol ECAT a shaidhdúirí turastail agus a ghallóglaigh Mhoslamacha antoisceacha chuig an tSiria.

Níor athraigh an modus operandi míleata.

D’eagraigh na Bráithre Moslamacha agóid in Daara, cathair i ndeisceart na tíre, ar 17 Márta 2011.

Scaoil naoscairí le póilíní agus mharaigh siad ochtar ach, cosúil le cás na Libia, dúirt na meáin chumarsáide scéal eile, scéal a bhí scríofa dóibh ag séirbhísí rúnda ECAT.

Bhí ‘Cogadh na Siria’ curtha sa tsiúl acu.

Bhí mise ag taisteal sa tSiria ag an am agus bhí a lán daoine ag gearán nach raibh a dhóthain saighdúiri sna sráideanna chun daoine a chosaint ó na sceimhlitheoirí.

Ó shin i leith tá formhór na meán cumarsáide ag brath ar ráitis Fhaireachlann na Siria um Chearta an Duine (Syrian Observatory for Human Rights), eagraíocht a d’fhorbair Roinn Gnóthaí Eachtracha na Breataine chun bolscaireacht a dhéanamh i gcoinne rialtas Bashar Al-Assad.

siria

Mar sin, nuair a dhéanann na ‘réibiliúnaigh’ coireanna, insíonn Faireachlann na Siria um Chearta an Duine le preas an domhain go raibh Arm Arabach na Siria ciontach astu.

Oibríonn sé sin go han-mhaith mar bholscaireacht chogaidh mar ní bhíonn a dhóthain eolais ag gnáthdhaoine san Eoraip agus sna Stáit Aontaithe faoin réaltacht laethúil i dtíortha ar nós na Siria.

Sílim go bhfuil iriseoirí a insíonn bréaga gan aon iarracht a dhéanamh a bheith oibiachtúil ina dtuairiscí, sílim go bhfuil siad comhpháirteach le cinedhíothú agus le coireanna in aghaidh na daonnachta.

Caithfimid a bheith soiléir faoi rud amháin.

Tá ECAT ag cothú agus ag tacú le sceimhlitheoireacht sa tSiria agus caithfimid é sin a thabhairt chun solais nuair a mhaíonn siad go bhfuil siad ag iarraidh pobal na hEorpa a ‘chosaint’ ó na sceimhlitheoirí céanna!

Má theastaíonn uainn an cogadh sa tSiria a stopadh, ba chóir dúinn éisteacht le feachtasóirí síochána, daoine mar Máiread Maguire, sealbhóir dhuais Nobel, Alan Lonergan, stiúirthóir SADAKA (Eagraíocht na Dlúthpháirtíochta idir Éire agus an Phalaistín) agus a lán daoine eile.

Chuaigh siad go dtí an tSiria roinnt uaireanta agus is féidir leo a dhearbhú gach rud atá scríofa anseo.

Ní bheidh aon síocháin ar domhan gan an fhírinne agus is fírinne shearbh shamhnasach í an cogadh atá á fhearadh ag an impiriúlachas in aghaidh mhuintir na Siria.


Is iriseoir é Gearóid Ó Colmáin le American Herald Tribune agus tráchtaire le RT International, Press TV agus Sputnik France. Is féidir é a leanúint ar Twitter anseo.

  • Eoin

    Deachtóirí ar fad a bhí sna ceannairí ar leag Meirceá iad sa Mheán Orthear agus níl aon dabht ach go raibh siad ag cur a bpobal faoi chois. Tá sé sin léirithe ag go leor scríbhneoirí ar nós Annick Cojean i gcás Gaddafi, Kanan Makiya i gcás Saddam Hussein, srl. Agus tá a fhios againn gur úsáid siad foiréigean i gcoinne a bpobal féín chun iad a choimeád faoi chois. Is deacair, dá bhrí sin, a fheiceáil cén rud a raibh sé de cheart ag an Iarthar a dhéanamh san Earrach Araibeach – bhí an chuma ar an scéal go bhféadfadh pobail na dtíortha sin iad féin a shaoradh ón tíorántacht dá bhtabharfadh an t-Iarthar airm dóibh, rud a rinneadh.

    Dá bhrí sin, níl sé ceart agat Meiriceá a léiriú mar ‘mháthair an oilc’ a chúisigh an choimhlint agus an foiréigean ar fad sa réigiún. Ní raibh an t-Iarthar ach ag iarraidh cabhrú le muintir na háite éirí amach i gcoinne an ansmachta agus daonlathas a chur ar bun. B’fhéidir gur botún a bhí ann don Iarthar fáil réidh leis na deachtóirí toisc gur cúisigh an t-Earrach Arabach go leor mí-sheasmhachta agus fadhbanna don cheantar agus don Eoraip mar gheall ar ghéarchéim na dteifeach agus an sceimhlitheoireacht.

    Ach an rud is mó a chúisíonn foiréigean agus coimhlint sa cheantar ná na coimhlintí seicteacha, eitneacha agsus reiligiúnta – níl an locht ar an Iarthar dóibh seo. Le breis is míle bliain tá coimhlint ar siúl idir Sunni agus Shia, iad ag déanamh sléachta agus áir ar a chéile as easaonas reiliúnta a théann siar go dtí laethanta tosaigh Ioslaim. Ní féidir an locht a chur ar an IArthar as sin, cé go mba mhaith le léithéidí Chomsky a rá gurb é an t-Iarthar máthair gach oilc sa réigiún (agus ar domhan)!

    • Aonghus Ó hAlmhain

      “Ach an rud is mó a chúisíonn foréigean agus coimhlint sa cheantar ná na
      coimhlintí seicteacha, eitneacha agus reiligiúnda – níl an locht ar an
      Iarthar dóibh seo.”

      Tá cuid den fhírinne agat, ach ní iomlán na fírinne. Is iad impireachtaí an Iarthair a tharraing teorainn na stáit úd tar éis an impireacht Ottaman a scrios – d’aon uaim chun ná beadh tíortha seasmhacha ann. (Sykes Picot)

      Thacaigh an Iarthar leis na deachtóirí fad is a bhí úsáid le baint astu.

      Ba fronta sa Chogadh Fuar an réigiún, agus is fronta fós é.

      • Eoin

        B’fhéidir gur botún a bhí i Sykes-Picot ach ní dócha go n-oibreodh aon struchtúr polaitiúil eile sa réigiún ach an oiread. Tá triail bainte as struchtúir eile ó shin i leith – náisiúnachas pan-Arabach, stát Ioslamach (san Iaráin agus Araib Sháideach), agus an rud is déanaí ná cailifeacht. Tá teipthe ar na córais soe ar fad – aithnítear gurb é an náisiún-stát an t-aon rud a raibh aon rath leis go dtí seo. Dá bhrí sin, níor cheart an milleán a chur as coimhlint agus foiréigean an cheantair – caithfear breathnú ar dhinimic inmheánach an cheantair (Ioslam radacach, frith-Sheimíteachas, droch-chórais eacnamaíochta, srl.) chun marbhántacht an cheantair a thuiscint. Fiú má tá ról immeallach ag stair an chóilíneachais in easpa forbartha an cheantair, ní fiú bheith de shíor ag clamhsán faoi agus ag rámhaille i gcoinnne an Iarthair, faoi mar a dhéanann polaiteoirí an cheantair agus iriseoirí áirithe ón Iarthar ar nós an Cholmánaigh anseo. Caithfidh muintir an Mheán Oirthir freagracht a ghlacadh as na cinntí a dhéanann siad féin agus an ról atá acu féin i dtodhchaí a dtíortha.

        Tá go leor tíortha iar-chóilíneacha eile amhail an Choiré Theas, an Téaváin agus eile a bhfuil éirithe go han-mhaith leo in ainneoin an chóilíneachais. Tá an Ind agus an tSín ag teacht chun cinn anois freisin. Léiríonn sé seo nach feidir an ‘milleán’ a chur ar thírotha an Iarthair as droch-sheasamh an Mheán Oirthir – dá mba rud é go ndéanfadh muintir na háite polasaithe éagsúla a leanúint d’fhéadfaidís dul chun cinn a dhéanamh. Ach in áit a leithéid de rud a mholadh, ní dhéanann iriseoirí ar nós an Cholmánaigh ach a rá go bhfuil an t-Iarthar ina mháthair ar gach olc agus gur de bharr pholasaithe an Iarthair go bhfuil easpa forbartha ann sa Mheán Oirthear.

  • Eoin

    https://www.youtube.com/watch?v=L7GAbVhjTSw

    Tá mé díreach tar éis teacht ar fhíseán de chuid Ghearóid Uí Cholmáin ina ndeir sé gur plean de chuid Mheiriceá é géarchéim na dteifeach chun an Eoraip a mhilleadh! Anuas air sin, tá Meiriceá ag iarraidh an domhan ar fad a scriosadh chun an domhandú a chur i gcrích. Ar mhiste leat, a Ghearóid a rá linn cé go díreach i Meiriceá atá freagrach as an bplean seo? Na Giúdaigh? Elders of Zion? Daoine seiftiúla eile?

    Tá ‘teoiric’ ag Gearóid gurb é ‘impiriúlachas Mheiriceá’ is cúis le gach droch-rud a tharlaíonn ar domhan, fiú an bunchreidmheachas Moslamach! Cén fhianaise atá agat dó seo, a Cholmáin? Nach dóigh leat go bhfuil Moslamaigh in ann gníomhú as a stuaim féin, gan chur isteach ó Mheiriceá? An comhcheilg de chuid Mheiriceá é an Coráin freisin? An é Meiriceá atá ciontach as an dúil chráifeach atá ag Moslamaigh neamh-Mhoslamaigh a chur faoi chois nó a mharú? Is dócha go ndéarfadh Gearóid linn nach reiligiún aosta é Ioslam agus nach bhfuil Moslamaigh ag déanamh cogaidh ar reiligiúin eile agus ag cur daoine faoi chois le breis is 1000 bliain: is comhcheilg de chuid Mheiriceá é seo ar fad. Cé go ndeir an stair linn go raibh impireacht Ioslamach ann a ghabh tailte sa Mheán Oirthear, tuaisceart na hAfraice, san Ind agus fiú san Ibéir agus sa sa tSicil, tá dul amú ar na staraithe – chruthaigh Meiriceánaigh miotas seo an impiriúlachais Mhoslamaigh chun míchlú a tharraingt ar Mhoslamaigh!

    Abair linn, a Ghearóid, nuair a deir Moslamaigh radacacha go bhfuil siad ag iarraidh neamh-Mhoslamaigh a mharú, an ag glacadh le horduithe atá siad ó Mheiriceá? Agus Charlie Hebdo? An gníomhaithe Iosraelacha nó Meiriceánacha a bhí sna deartháireacha a rinne an slad sin?

    Is leir ó dheireadh d’fhíseáin go bhfuil teoiricí an-chasta agat chun gach uile rud ar domhan a mhíniú – is ar éigean a thuigeann tú na teoiricí seo tú féin, mar tá siad chomh casta sin! Tá áthas orm go bhfuil saineolaí ar chaighdeán Ghearóid ag scríobh daoibh, NÓS!