Cé go bhféachann siad gleoite, neamhurchóideach, soineanta, tá rónta ag déanamh an diabhail ar fad ar stoc éisc na n-iascairà beaga i gCorca Dhuibhne.
Tá sé feicthe agam féin, pollóga breátha snaptha, ite, agus an ceann fágtha ina ndiaidh sna lÃonta ag na rónta. Sin iad na rónta láimh leis an mBlascaod Mór, mar a bhfuil na pollóga go flúirseach.
Bhà sé sna cinnlÃnte náisiúnta in 2012 nuair a maraÃodh rón, agus crochadh a cheann le tairne, ar chomhartha adhmaid lasmuigh den dtearmann rónta a bhà i Lios Póil ag an am.
Bhà na hiascairà chomh bailithe sin den slad ag an am, agus nÃos bailithe fós den laghad cabhrach a bhà Roinn na Mara agus na polaiteoirà ag tabhairt dóibh, go bhféachadar chuige go mbeadh na rónta á lámhach acu féin mura gcuirfà plean tacaÃochta éigin i bhfeidhm dos na hiascairÃ. Táid fós den tuairim sin, faoi iad a lámhach iad féin.
Tá iascairà na háite ar an dé deiridh ar fad anois, agus is gearr nach mbeidh aon slà bheatha ann dóibh nÃos mó, a deir siad.
Chaith fear óg amháin, Alan Flannery ón Daingean, a bhád féin a dhÃol mar nach raibh sé ag tuilleamh aon airgead toisc go n-Ãosfadh na rónta an t-iasc a bhà bailithe aige. Tá ocras ar na rónta leis, áfach, agus cad a Ãosfaidh siad mura n-Ãosfaidh siad iasc? Sin é an saol.
Ainmhà faoi chosaint is ea an rón glas ach tá na hiascairà ag éileamh plean bainistiú rónta, seachas a dhÃothú ar fad.
Caith lá amuigh ar an mBlascaod, agus cÃfidh tú na céadta rónta ar an dtráigh, agus bolg le gréin acu. Radharc aoibhinn, taibhsiúil, neamhghnách, go dtagann na céadta daoine ag féachaint air.
Ceist leochaileach, chasta, thromchúiseach à ceist na rónta. An bhfuil eagla ar an Rialtas tabhairt faoin gceist a réiteach? Conas nach bhfuil sà réitithe ó 2012, nó roimhe sin arÃs? Sin à an cheist a bheidh ag iascairà Chorca Dhuibhne as seo go ceann 3 seachtaine, nuair a thiocfaidh polaiteoirà ag cnagadh agus ag lorg vótaÃ.
Rón, rón eile, a haon, a dó.
Na mìlte rónta, och, ochón.
Iascairà scriosta, is lÃonta briste,
Is a bhoilgÃn lán ag an róinìn cliste…”