An t-iarrthóir toghcháin is craiceáilte riamh
Susan-Anne White ag croí conspóide eile


Seachtain ón lá inniu rachaidh pobal an tuaiscirt chun vótála i dtoghcháin Westminster.

Mar aon leis na gnáth-pháirtithe tá iarrthóir neamhspleách áirithe i dTír Eoghain Thiar atá ag tarraingt aird na meán idirnáisiúnta uirthi féin, ach mar gheall ar na cúiseanna contráilte.

Go deimhin d’fhéadfaí a rá go bhfuil Susan-Anne White ar an iarrthóir toghcháin is craiceáilte le seasamh in Éirinn riamh.

Oíche Mháirt thug sí tacaíocht do mhaíomh Jim Wells ón DUP go bhfuil nasc idir daoine aeracha agus mí-úsáid páistí nuair a dúirt sí le linn díospóireachta go raibh daoine aeracha “40 oiread níos dóchúla mí-úsáid a thabhairt do leanaí”.

Dar léi go bhfuil “taighde” ann a thacaíonn lena ráiteas ach ba bheag an éisteacht a fuair sí ón slua a bhí i láthair ag an ócáid toghchánaíochta.

Tagann an raic is déanaí seo sna sála ar fhorógra toghcháin White, a foilsíodh an tseachtain seo i nuachtán áitiúil, ina gcuireann sí in iúl go dtabharfadh sí pionós corpartha ar ais i scoileanna agus go gcuirfeadh sí cosc ar pharáidí Bród, dá dtoghfaí í.

Dhearbhaigh sí chomh maith a rún chun deireadh a chur le ginmhilleadh i gcás ar bith, an pionós báis a thabhairt ar ais do dhúnmharfóirí agus cosc a chur ar aon mhosc eile a thógáil sa “Bhreatain”.

susan-anne-white

Faoin mhana “Ceart de réir an Bhíobla, NÍ de réir na polaitíochta”, dúirt White leis an Belfast Telegraph go ndéanfadh sí “coir den homaighnéasachas arís, dá mbeadh an cumhacht agam”.

“Dhéanfainn cion coiriúil d’adhaltranas (adultery) fosta, mar tá mé ar son chothrom na féinne sa chaoi sin. Creidim go bhfuil an t-adhaltranas ina pheaca uafásach.”

Dúirt an bhean 55 bliain d’aois, arb as Baile na Mainistreach i gcontae na hAontroma di ó dhúchas, go raibh feiminigh freagrach as an drochgheilleagar fosta mar go bhfuil scrios déanta acu ar choincheap an teaghlaigh thraidisiúnta.

Agus ar a bharr sin ar fad tá sí glan in éadan rac-cheoil chomh maith… craic den scoth ag cóisir gan aon amhras.

An t-aon fhaoiseamh anseo ná nach bhfuil seans dá laghad ag White an suíochán a bhaint.

Sheas sí i dtoghchán comhairle anuraidh agus d’éirigh léi 67 vóta a mhealladh.

Tá súil ag go leor gurb amhlaidh a bheas an scéal Déardaoin seo chugainn.