Ar thairseach an athaontaithe?
Dóchasach i bhfásach fadhbanna

Tá peirspictíocht ar leith ag an tuaisceartach a chónaíonn i ndeisceart na tíre.

Bhog mé féin as Béal Feirste go Luimneach in 2003, agus le 7 mbliana anuas tá cónaí orm cois Laoi i gCorcaigh.

Tá am caite agam faoi rialtas na Breataine, faoin chomhthionól an tuaiscirt agus faoi rialtas an tSaorstáit le 13 bliain anuas.

Tá taithí agam ar a bheith i mo chónaí in iarthar Bhéal Feirste, i gCnoc an Aonaigh (a mhacasamhail de cheantar ar an taobh ó thuaidh de chathair Chorcaí) agus i mbruachbhaile duilleogach ar an taobh ó dheas den Laoi.

Fuair mé cuairteanna saor in aisce ar an dochtúir i mBéal Feirste.

Chaith mé €50 ar chuairt dhá nóiméad ar an dochtúir i gCorcaigh le nóta oidis a fháil le haghaidh sceadamán nimhneach.

Chaith mé cúpla cloch i dtreo saighdiúirí Sasanacha le teann feirge corruair i mBéal Feirste, agus d’éist mé le hamaidí na bpolaiteoirí sa deisceart agus iad ag tabhairt droim láimhe don tuaisceart.

Níl mórán tuaisceartach ina gcónaí sa deisceart, agus anois go bhfuil an solas glas tugtha do ghluaiseacht na Breatimeachta ón Aontas Eorpach, ní fios an mbeidh sé níos deacra bogadh ó dheas chun freastal ar an ollscoil, mar a rinne mé féin na blianta siar.

Fiú ag an am sin ní raibh sé ró-éasca orm aistriú de dheasca na n-éagsúlachtaí míchothroma i gcóras na bpointí idir an Ardteistiméireacht agus na scrúduithe Ardleibhéil.

Bhí easpa tacaíochta ann chomh maith iarratas CAO a líonadh, mar aon le deacrachtaí eile.

Chuir an chaint ar fad faoi Éirinn aontaithe mé ag smaoineamh (nó ag brionglóideach) faoin lá mór ceiliúrtha a bheadh againn dá mbá rud é go n-aontódh formhór de mhuintir na tíre ar shochaí neamhspleách, chothrom, nua-aimseartha a thógáil le chéile faoin aon fhéiniúlacht amháin.

Níl aon amhras ann ach go bhfuil an tírdhreach polaitiúil agus sóisialta ag athrú ar luas spleodrach faoi láthair idir Breatimeacht, Príomh-aire nua sa Bhreatain, ionsaithe uafásacha ar ghnáthshaoránaigh ar fud an domhain, agus an chuma air go bhfuil scannal úr mí-úsáide airgid phoiblí ag teacht chun solais gach seachtain.

Ach an mbeidh Éire aontaithe i measc na dtarlúintí seo?

Neosfaidh an aimsir.

Ar an chéad fhéachaint, is cinnte gur féidir cás láidir a dhéanamh ar son reifrinn ar cheist na teorann, ach an mbeadh aon seans ann go n-éireodh leis, agus an bealach a bhfuil rudaí sa deisceart agus sa tuaisceart i láthair na huaire?

Níl mórán de sheasamh ag an dá mhórpháirtí sa deisceart maidir leis an tuaisceart agus is beag spéis atá acu ann.

Bheidís, nach mór, ag cur lámh ina mbás féin dá dtacóidís le hÉirinn aontaithe ag an phointe seo.

Tá fiacha ollmhóra ag rialtas Bhaile Átha Cliath, agus níl an córas sláinte thar mholadh beirte, go háirithe más gnáthshaoránach tú gan árachas príobháideach sláinte.

Chuirfeadh sé iontas orm dá mbeadh náisiúnaithe – le ceannlitir bheag – sa tuaisceart sásta tacú le hathaontú na tíre muna réiteofaí ceist an chórais sláinte ar dtús.

Ar ndóigh, tá cuid mhór náisiúnaithe ann a bheadh thar a bheith sásta an deis a thapú, is cuma cén dóigh a mbeadh ar mhuintir na hÉireann sna blianta beaga tar éis an athaontaithe.

Tá daoine eile ann a bheadh buartha faoina gcuid post, faoin chóras oideachais agus eile.

A luaithe a thosaíonn na seanfhórsaí polaitiúla sa deisceart ag déanamh a mhór d’fhadhbanna an tuaiscirt (seicteachas, séasúr na mórshiúlta srl) agus de na deacrachtaí fostaíochta agus airgid atá sna 26 contae, ní fheicim go bhfuil móramh in Éirinn faoi láthair a bheadh i bhfách le hathaontú.

Ach, tá súil agam nach bhfuil an ceart agam!

‘Northern Irelanders’ an eochair d’athaontú na hÉireann