Beidh Trump glórach agus trioblóideach ar feadh na mblianta amach romhainn

Go gairid tar éis do CNN Joe Biden a fhógairt mar an chéad Uachtarán eile ar Mheiriceá, tháinig Jake Tapper ar ais os ar gcomhair. Chuir muid aithne mhaith air le linn na gcúig lá roimhe sin, fad is a bhí Stáit éagsúla Mheiriceá ag comhaireamh na vótaí, rud a d’fhág an domhan mór faoi dhraíocht CNN ó Nua-Eabhrac go New Dehli. Mhaigh Tapper go húdarásach go raibh deireadh leis an tromluí náisiúnta – Uachtaránacht Trump.

Shílfeá gur ag fanacht le ceithre bliana lena rá a bhí sé. Táimse ag scríobh inniu, os cionn seachtaine tar éis an toghcháin, le fógairt go bhfuil deireadh leis an tromluí IDIRNÁISIÚNTA. Agus is cinnte gur fhan mé ceithre bliana lena rá.

Bhí súil ag na Daonlathaigh go mbuafadh Biden, an t-iarLeas-Uachtarán a d’oibrigh le Barack Obama agus a chaith blianta sa Seanad roimhe sin, go héasca ar Trump. Thug na pobalbhreitheanna a rinneadh roimh an toghchán ábhar dóchais dóibh – thaispeáin siad go raibh Biden go mór chun tosaigh. Níor chreid feachtas Biden iad ar chor ar bith.

Ag an deireadh, bhí an ceart acu neamhaird a dhéanamh ar na pobalbhreitheanna, agus coinneáil leis an obair chrua daoine a chur amach ag vótáil. 

Tháinig na milliún amach le vóta a chaitheamh ar son Trump, tacaíocht dhochreidte a bhain preab as cách, agus a chinntigh go mbeadh muid ag fanacht cúpla oíche le toradh soiléir. Mar sin féin, agus níos tábhachtaí arís, fuair Biden i bhfad (thart ar chúig mhilliún) níos mó, agus bhuaigh sé stáit nár thacaigh le Hillary Clinton ceithre bliana ó shin – Michigan, Wisconsin, agus Pennsylvania ina measc. Toghadh é mar Uachtarán na tíre, is cuma muna bhfuil Trump sásta glacadh leis.

Conas a bhuaigh Biden, agus cad atá i ndán dó sna seachtainí amach romhainn?

Cé gur léir gur thaitin Trump le an-chuid daoine, bhí go leor eile ann arbh fhuath leo é. Fuair Biden tacaíocht níos forleithne ó mhuintir na mbruachtbailte, a thaobhann de ghnáth leis na Poblachtánaigh, ar chuir Trump déistin orthu.

Theip ar Hillary Clinton tacaíocht láidir óna páirtí féin a chinntiú. Bhí Daonlathaigh níos sásta teacht amach agus vóta a chaitheamh i gcoinne an Uachtaráin Trump seachas i gcoinne an iarrthóra Trump i mbliana. Sa bhliain 2016, bhí go leor idir dhá chomhairle – d’fhan siad ag an mbaile nó roghnaigh siad páirtí eile dá bharr – níor tharla sin i mbliana.

Tháinig na milliúin amach ag vótáil, níos mó ná aon toghchán a tháinig roimhe. Ag an deireadh, ba é Trump ba chionsiocair lena theip féin ag na botháin. Ag tús na bliana, bhí madraí na sráide ag tuar go mbuafadh sé arís go héasca. Bhí an eacnamaíocht ag dul ó neart go neart. Bhí an chosmhuintir sásta leis, agus go leor intinní athraithe ó 2016. Ansin, tháinig an coróinviréas, agus thug se leargas dúinn ar gach drochthréith a bhain le Trump. 

Bhí sé leithleasach ag an tús. Rinne sé beag is fiú den ghalar ar fhaitíos go gcuirfeadh sé isteach ar gheilleagar na tíre (agus go gcuirfeadh eacnamaíocht lag a fheachtas toghchánaíochta as riocht.) Bhí sé sotalach – níor chreid sé na saineolaithe toisc nár thaitin an méid a bhí á rá acu leis. Bhí sé leisciúil – seachas tabhairt faoi ar bhonn náisiúnta, d’fhág sé faoina Stáit éagsúla dul i ngleic leis an víreas iad féin. Dá bharr seo, bhí na Stát in iomaíocht lena chéile teacht ar acmhainní agus ar fhearas sláinte lena saoránaigh a tharrtháil- dochreidte sa tír is rachmasaí ar domhan.

Níor éirigh le Meiriceá smacht a fháil ar an bpaindéim, agus tá os cionn 230,000 duine básaithe dá bharr. Agus Meiriceá trí thine, bhí Trump ar Twitter.

Bhí daoine ann a bhí sásta an leiceann eile a iompú fad is a bhí borradh faoin eacnamaíocht. Thit an tóin as. Bhí lucht tacaíochta Trump fíochmhar á chosaint, bhí lucht tacaíochta Biden le ceangal faoi iompar an Uachtaráin. Nuair a tháinig an crú ar an tairne, bheartaigh na swing voters deireadh a chur leis an drámaíocht laethúil agus thaobhaigh siad le Biden. 

Ag deireadh an lae, áfach, b’ fhearr liom cúrsaí mar atá siad. Ní dóigh liom go mbeadh Meiriceá mar atá aithne againn uirthi ann tar éis ceithre bliana den chaint ghontach, den aineolas, de na bréaga áiféiseacha, den tír iomlán ag dúiseacht gach maidin agus faitíos orthu roimh ghiolcanna an Uachtaráin, de chrualacht ag an teorainn, de bhinbead agus d’éirí in airde. Níl deireadh le Trumpachas, ach is féidir slán a rá le Trump. Is fearr go déanach ná go brách.