B’fhearr ligean do Maria Bailey anois

Ceithre rud gur deacair a thuiscint: intleacht na mban, obair na mbeach, teacht agus imeacht na taoide, agus suim an phobail i scéal Maria Bailey. 

Ní chreidim go bhfuil an scéal fós i mbéal an phobail — ach tá. Bhí alt ann faoi ar phríomhleathanach an Sunday Business Post an deireadh seachtaine imithe tharainn, agus é á mhaíomh go mbeidh rudaí ina gcíor thuathail má sheasann Maria Bailey, an polaiteoir iomráiteach a thit den luascán in Óstán an Dean agus a rinne iarracht cás a thógáil in aghaidh an óstáin ina dhiaidh, sa chéad olltoghchán eile. 

Ag an bpointe seo, ní thuigfinn an chúis go siúlfadh Maria Bailey thar an tairseach arís, ach is dócha go bhfuil an foláireamh tugtha ag Fine Gael di, agus é tugtha go héifeachtach tríd an nuachtán. 

Tá muid ag déanamh ceap magaidh de Maria ó thús an tsamhraidh; agus is cinnte gur chuir sotal agus aineolas Maria isteach orainn ar fad. Ach tá cúpla fáth ann go bhfuil muid fós ag caint ar an scéal seo — agus táimse den thuairim go bhfuil ár ndóthain cloiste againn. 

Ar an gcéad dul síos, caithfear an milleán a chur ar Maria í féin — Teachta Dála do Dhún Laoghaire, a thaitin go pointe leis an bpobal ann (dúirt duine ar aithne agam — nach vótálann ar son FG — gur oibrigh Maria go tréan go háitiúil agus go raibh meas ag an bpobal uirthi), ní raibh baol ann go gcaillfeadh sí a post.

Ach is dócha go bhfuair an tsaint agus an sotal an lámh in uachtar agus cheap sí go raibh cúpla pingin le saothrú as cás a thógáil in aghaidh an Dean — cinneadh a n-íocfaidh sí go daor as amach anseo.  

Botún ollmhór a bhí ann an cás bréagach seo a thógáil. An botún ba mheasa a rinne sí ná agallamh a dhéanamh ar chlár Sheáin O’Rourke, ina chuir sí í féin i láthair mar íospartach neamhchiontach (deacair a chreidiúint), ag insint bréag agus ag déanamh óinsigh dí féin ar an gcraoltóir náisiúnta. 

Ba iad Fine Gael a rinne an dara botún. Dá mbeadh ciall acu, thuigfidís nárbh fhéidir le Maria a post a choinneáil, agus gur cheart í a bhriseadh as a post lena láidreacht ó thaobh na ceiste seo a thaispeáint. Ina áit sin, chaith siad an samhradh ar fad ag dul siar agus aniar, ag tabhairt faoi fhiosrúchán oifigiúil (nár fhoilsigh siad ina iomlán) agus ag tabhairt le fios go gcoimeádfadh Maria a post. Fad is a bhí dóchas ag Maria, bhí suim againn sa sobalchlár seo, agus bhí lámh ag Fine Gael anseo chomh maith. 

Is cinnte, áfach, gur chothaigh iriseoirí áirithe spéis an phobail sa scéal. Bhí iontas orm, agus mé ag féachaint ar agallamh Prince Andrew ar an BBC, gur chuir cúpla iriseoir óg (fir) tvuíteanna amach ag déanamh comparáide idir an t-agallamh sin agus comhrá Maria le Seán Ó Ruairc ar RTÉ. Comhtharlú aisteach, nach ea?

Mar a tharlaíonn sé, má fhéachann muid ar chuntais na n-iriseoirí éagsúla anseo, tabharfaidh muid faoi deara gur minic a luaitear Maria — í luaite 27 uair ag Kevin Doyle ón Indo, agus bhí deis aige dul ar chlár Claire Byrne agus Ivan Yates chomh maith lena plé. B’fhéidir gur thuig na fir óga seo go raibh aird le tarraingt, leantóirí le bailiú, próifíl le hardú acu dá labhróidís faoin ábhar seo? 

B’fhéidir, ina theannta sin, go raibh ról ag inscne sa scéal seo — ní dhearna an oiread sin magaidh faoi Alan Farrell, ar éirigh leis ina chás árachais atá…amhrasach, déarfadh muid. Cén fáth ar dhírigh muid ar Maria?

Ag deireadh an lae, is maith an rud é nach bhfuil Maria Bailey ag seasamh ar thicéad Fhine Gael san olltoghchán — botún dáiríre agus míchothrom a bhí ann, agus caithfear pionós a ghearradh orthu siúd a dhéanann a leithéid. Mar sin féin, caithfidh mé a rá go raibh mé míchompordach ag féachaint ar aird daoine áirithe sna meáin ar scéal Maria — b’fhearr liom i bhfad dá bhfágfadh muid í mar atá sí anois.