Conspóid chosc na Spáinne ar bhrat na Catalóine
Eagla ar an Spáinn roimh an Estelada

Amárach beidh cluiche ceannais an Copa del Rey (Corn FAI na Spáinne) ar siúl i Maidrid idir na curaidh reatha, Barcelona, agus Sevilla, a bhuaigh an corn mór go deireanach sé bliana ó shin.

Níl aon rud as an ghnáth faoin méid sin ar ndóigh ach, mar a tharlaíonn go minic le cúrsaí sacair i stát na Spáinne, tá conspóid mhór ag baint le gné eile den spórt: an siombalachas.

Rialaigh rialtas na Spáinne le linn na seachtaine nach mbeadh cead ag aon tacadóir de chuid Barcelona bratach náisiúnach na Catalóine, an Estelada, a thabhairt isteach go Staid Vicente Calderon ar an Domhnach.

Luaigh an rialú gur mar gheall ar chúiseanna “oibríochtúla agus slándála” a tugadh an cosc isteach, cé go bhfuil sé deacair a shamhlú cad é mar is féidir le píosa éadaigh bheith ina bhaol slándála.

Chuir cinneadh an rialtais fearg nach beag ar mhuintir na Catalóine trí chéile agus d’fhógair Barça féin gurbh ionsaí é ar shaoirse tuairimíochta.

Níl mórán a d’easaontódh leo.

estelada-barca

Chun teacht thart ar an chosc bhí sé beartaithe ag na Catalónaigh 10,000 bratach Albanach, an tSailtír, a úsáid in ionad an Estelada – léiriú ar an nasc atá ag teacht i dtreis idir an dá thír le tamall de bhlianta anuas de bharr na ngluaiseachtaí neamhspleáchais atá acu araon.

Sa deireadh áfach ní bheidh ar mhuintir Barcelona dul i muinín na Sailtírí – cé gur cinnte go bhfeicfear roinnt acu i measc an tslua go fóill – mar tráthnóna inné chinn breitheamh i Maidrid nach raibh aon bhunús dlíthiúil le cosc na brataí agus chuir sé ar neamhní é.

Is fianaise shoiléir é an cosc a moladh ar an dímheas agus ar an eagla atá i measc bhunaíocht pholaitiúil na Spáinne maidir le cumhacht pobail na Catalóine – a bhfuil club sacair Barcelona mar chomhartha de sa chás seo – agus ar an dul chun cinn atá déanta ag próiseas neamhspleáchais na tíre, a bhfuil tacaíocht anois aige ó mhóramh na dteachtaí sa pharlaimint Chatalónach.

Is sampla maith é fosta de ghnáthamh polaitiúil na Spáinne – go háirithe i dtaca leis na náisiúin eile sa stát – ina bhfógraíonn na húdaráis i Maidrid ordú amháin, tugann na húdaráis ‘réigiúnacha’ dúshlán an ordaithe sin agus fágtar an cás ag breitheamh cúirte chun an cinneadh deiridh a dhéanamh.

Chuaigh an cinneadh i bhfabhar mhuintir na Catalóine inné, ach is minic a tharlaíonn a mhalairt.