Daoine óga, na meáin agus an neamhfhírinne


An bhfuil daoine óga bréan den pholaitíocht nó an bhfuil na meáin ag cothú na líne sin? Pléann Ciarán Dunbar an cheist.


Rinne Q Radio, m’fhostóirí lae, díospóireacht a eagrú idir na páirtithe móra ó thuaidh Dé Céadaoin seo caite.

Bhain an ócáid le holltoghchán na Ríochta Aontaithe, an stát ina bhfuil Sé Chontae de chúige Uladh suite ann – níor mhaith liom bheith mórluachach faoi sin ach ní féidir talamh slán a dhéanamh d’eolas ar bith.

Shíl muid gur eagraigh muid go fíormhaith é.

Cha raibh gach duine sásta áfach.

Bhí mná éagsúla sa slua iontach míshásta mar gheall ar an easpa ban ar an ardán – ach ní orainn a bhí an locht faoi sin, díospóireacht na gceannairí áitiúla a bhí i gceist, cé gur cuireadh go leor fir ionaid chuige.

Ach ardaíonn sé sin an cheist, ar cheart go mbeadh cuótaí inscne ann?
Bhí na mná sa slua ar an lá cinnte gur cheart.

Tá gá le níos mó ban sa pholaitíocht ach má thosaítear ag cur isteach ar an phróiseas daonlathach i bhfoirm chuótaí, cá stopann tú?

An mbeadh an toghlach sásta tacú le duine atá ar an bhallóid mar gheall ar a n-inscne thar rud ar bith eile?

Chomh maith leis sin, léirigh roinnt mhaith daoine óga a bhí i láthair ar an lá an easpa spéise atá acu sa pholaitíocht – cé go raibh siad ann as a stuaim féin go díreach!

Gnáthrud é sin títear dom, daoine óga ag gearán nach bhfuil polaiteoirí ar aon fhocal leo agus nach bhfuil siad ar aon fhocal lena chéile.

Ach sin an fáth a bhfuil an pholaitíocht ann, mar bhealach chun plé le tuairimí agus dearcthaí éagsúla.

Cruthaíodh polaitíocht ionas nach mbeadh orainn dul i mbun foréigin ar bhonn laethúil, mar a dhéanann an simpeansaí nuair a bhuaileann sé le simpeansaí eile nach as a threibh féin é.

Mar sin féin lig cuid de na daoine óga le fios “go bhfuil siad bréan den pholaitíocht”, mar is nós leis an aos óg go minic ag an chineál seo ócáide.

Ní chreidim iad mar léiríonn siad spéis in agóidí i gcoinne táillí uisce, léirsithe ar son na Gaeilge, argóintí amaideacha in Aontas na Mac Léinn, mórshiúlta mór na bhFear Flannbhuí.

Ceisteanna polaitiúla iad seo agus níl aon easpa daoine óga ag agóidí, círéibeacha ná mórshiúlta.

Mothaím go bhfuil frustrachas orthu seachas neamhspéis.

agoid-teanga

Is í an cheist ná an bhfuil suim acu sna páirtithe polaitiúla atá ann, thuaidh agus theas faoi láthair?

Gach seans nach bhfuil ag go leor – mar sin féin tá go leor eile acu ina mbaill de pháirtí polaitiúil éigin.

Ó thuaidh, tá port á sheinm ag na meáin le fada: “tá daoine óga dubh dóite le polaitíocht ‘oráiste is glas’.”

Cuirtear ceist – an bhfuil tú dubh dóite le ceisteanna faoi pholaitíocht ‘oráiste is glas’ agus quelle surprise faightear an freagra “tá.”

Mar thuairisceoir áitiúil áfach, títear domsa go bhfuil na meáin ag cur dallamullóg orthu féin le ‘ceisteanna lódáilte’ mar seo.

Tá daoine óga paiseanta faoi go leor ceisteanna polaitiúla, agus sea, cúrsaí ‘oráiste agus glas’ más maith leis na meáin iad “a fhrámú” sa chaoi sin.

Anois, seans go ndéarfadh stócach nó cailín óg nach bhfuil spéis acu i ‘gceist na mbratach’ ach bí damanta cinnte go bhfuil tuairim acu ar an cheist – cén dóigh nach mbeadh?

I mo thaithí féin, soicind théis do dhuine ráiteas mar sin a dhéanamh, léiríonn siad a thuairim ar an cheist.

Mar shampla, “tá mé tinn tuirseach de dhaoine bheith ag argóint faoin Ghaeilge.”

Tic, toc, tic, toc, tic…

“Ba chóir dearmad a dhéanamh faoin Ghaeilge, cruthaíonn sé teannas gan chúis agus labhraíonn muid Béarla go léir.”

Polaitíocht ‘oráiste agus glas’, fiú má dúradh an ráiteas le blas meánaicmeach.

Nach bhfuil sé aisteach, má deir duine rud éigin i mblas meánaicmeach nach bhfuil sé seicteach?!

Ginmhilleadh, pósadh aon-inscne, ciorruithe sa bhuiséad, Gaeilge, mórshiúlta, an Phalaistín, Iosrael, tá daoine óga paiseanta faoi na ceisteanna seo – agus tá siad (sibh!) chomh scoilte scartha céanna is atá seandaoine.

“Ach ní vótálann ach mionlach de dhaoine óga,” a deirtear.

Sea, ach tá sé mar sin ar fud Iarthar na hEorpa agus ní féidir talamh slán a dhéanamh de na fáthanna.

Mar shampla, ó thuaidh, glacann na meáin gan cheist gur aontachtaithe iad go héifeachtach gach duine óg nach gcaitheann vóta.

Mar thuairisceoir a oibríonn ar an Iúr agus a thugann cuairt ar Iarthar Bhéal Feirste go minic áfach, féadaim a mhaíomh gur dóiche gur ‘easaontóirí’ poblachtacha nó lucht-nach-bhfuil-sásta-le-Sinn Féin iad na daoine seo seachas aontachtaithe – ach ná ligimis do rud beag oibre ar an talamh cur isteach ar an bholscaireacht.

Ar ndóigh, mura bhfuil spéis ag daoine óga sa pholaitíocht, is ionann sin agus tacaíocht don stádas reatha – d’ainneoin cén taom feirge a bhuaileann iad ó am go chéile.

Má tá an neamhfhírinne seo á cothú agus á scaipeadh ag codanna de na meáin, caithfear an cheist a chur – cén fáth?

Ní eolaíocht roicéid é a chairde.