Lá na Cinniúna faoin gcannabas dleathach ag druidim le muintir Aotearoa

Níl taithí againn anseo in Aotearoa (an Nua-Shéalainn) a bheith inár n-ábhar comhrá agus díospóireachta ar fud na cruinne, ach sin mar atá sé faoi láthair agus ár bpríomh-aire á cur i gcomparáid go minic le Trump, Johnson agus a gcairde de bharr na slí inar dheileáil sí leis an sladmharú uafásach in Christchurch anuraidh agus leis an gcoróinvíreas. 

Ach beidh imeacht eile ar siúl i gceann cúpla seachtain ar fiú leathshúil a choimeád air toisc go dtabharfar léargas maith ar an tír seo agus na fadhbanna daingne atá fós ann, agus toisc go mbíonn an t-ábhar idir chamáin go minic in Éirinn. Is é sin reifreann faoi dhlíthiúlacht an channabais.

Is é an 17 Deireadh Fómhair lá na cinniúna — beidh olltoghchán agus reifreann eile faoin eotanáis ar an lá céanna — agus tá an toradh fós idir dhá cheann na meá. Bhí an cannabas go hiomlán mídhleathach go dtí 2016 agus cé go bhfuil cead ag othair cannabas leighis a fháil ó shin i leith, ní bhaineann go leor daoine leas as an rialú sin de bharr costais, easpa éifeachta agus go deimhin toisc go bhfuil an planda nádúrtha le fáil go héasca agus go forleathan sa tír.

Is é an cannabas an druga mídhleathach is mó a ghlactar sa tír, agus beagnach 16% den daonra fásta á thógáil gach bliain, agus fásann plandaí méithe cannabais go flúirseach fud fad na tíre. Is léir go bhfuil ag teip go hiomlán ar an gcóras smacht a chur ar úsáid an druga, agus is í sin an argóint is láidre i bhfabhar an leasaithe — cannabas a bhaint amach as an gcóras coiriúil agus é a láimhseáil mar dhruga eile ar nós alcóil nó nicitín.

Ní chuirfidh toradh an reifrinn aon cheangal ar lucht reachtaíochta an dlí a athrú, ach tá an reachtaíocht ullmhaithe cheana féin agus ráite ag an bpríomh-aire go nglacfaidh sí le toil an phobail má bhuann sí an t-olltoghchán (agus buafaidh, gan dabht). 

Tá sé geallta go mbeidh cead ag daoine os cionn 20 bliain d’aois 14g de channabas triomaithe, nó 70g de channabas úr a cheannach gach lá, agus dhá phlanda a bheith acu age baile chomh maith. Beidh cead ag siopaí cannabas a dhíol agus beidh cead é a thógáil in áiteanna a bhfuil bia á sholáthar freisin.

Bheadh an Aotearoa cosúil le Ceanada mar sin, áit a bhfuil an cannabas dleathach dhá bhliain anois. Ach beidh ar an rialtas anseo táirge sábháilte cothrom agus réasúnta saor a sholáthar, ionas nach mbeidh margadh dubh mór againn, fadhb atá fós ann i gCeanada. 

Níl aon aontú le feiscint i measc na bpáirtithe polaitíochta. Tá an páirtí is mó ar an eite dheis, National, i gcoinne an rúin, ach páirtí eile atá níos faide siar ar dheis, ACT, ina fhabhar. Tá na Glasaigh, an páirtí a chuir roth an reifrinn ag casadh ar dtús, i bhfabhar ach gan aon tuairim aontaithe curtha in iúl ag a gcomhghleacaithe sa rialtas, Labour.

Agus cad faoin bpríomh-aire, Jacinda Ardern, ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre? Tá a tuairimí faoi cheilt fós (“Is í tuairim an phobail mo thuairim féin” a deir sí) agus léiríonn sé sin cé chomh cúramach agus cumasach atá sí mar pholaiteoir. Bhí uirthi glacadh leis an reifreann chun margadh a dhéanamh leis na Glasaigh in 2017, ach de réir na bpobalbhreitheanna níl aon taobh glan chun tosaigh go fóill, agus ní dóigh liom go mbeidh fonn uirthi bheith ar an taobh mícheart agus rialtas nua ar na bacáin.

Ach tá pobal eile sa tír agus baint ana-dhifriúil acu leis an gcannabas agus is iad sin na Māori, muintir bhundúchasach na tíre. De réir taighde, baineann níos mó den phobal Māori (25%) úsáid as cannabas, ach an rud is suntasaí ná go mbíonn deachractaí dlíthiúla acu de bharr cannabais i bhfad níos minice (trí huaire níos mó ar a laghad) ná mar a bhíonn ag an bpobal geal. 

Is léiriú é sin ar an gcóras dlí ciníoch atá i bhfeidhm sa tír le beagnach dhá chéad bliain anuas. Feictear go minic chomh maith “meon an tslánaitheora ghil” agus daoine ag rá gur cheart cannabas a choimeád mídhleathach chun an pobal Māori a chosaint, ach neamhaird á tabhairt acu ar na bunchúiseanna atá taobh thiar den mhí-úsáid drugaí — an bochtanas, an t-iarchoilíneachas agus an díshealbhú. 

Nach ait é chomh maith nach bhfuil an meon céanna le feiscint i dtaobh an reifrinn faoin eotanáis, agus na daoine céanna ag cur béime ar chearta pearsanta agus a n-argóint dírithe ar na Pākeha (daoine de shliocht na hEorpa) meánaicmeacha.

Agus sin an fáth go mbead féin ag vótáil ar son an athraithe. Tuigim go maith go bhfuil tionchar sláinte ag baint le gach aon druga, ach tá an cannabas le fáil go forleathan cheana féin agus is ceart é a tharraingt amach as an gcóras coiriúil chomh luath agus is féidir ar mhaithe leis an tír go hiomlán. 

Tá seans maith ann go mbeidh bua ollmhór ag Páirtí an Lucht Oibre san olltoghchán agus móramh mór acu den chéad uair le blianta fada. Raithneach dleathach sa Nua-Shéalainn Aontaithe, b’fhéidir? D’fháilteoinn roimhe sin!