“Ní féiniúlacht ghéiniteach í ‘an Ceilteachas’” — Ollscoil Harvard

Tá cáineadh géar déanta ag Dámh na dTeangacha Ceilteacha in Ollscoil Harvard orthu siúd a úsáideann an téarma ‘Ceilteach’ le “forlámhas daoine a bhfuil craiceann geal acu” a dhearbhú. 

D’eisigh an dámh ollscoile ráiteas láidir le deireanas inar séanadh gur “féiniúlacht ghéiniteach” a bhí sa Cheilteachas agus nach bhfuil aon phribhléid speisialta ag aon ghrúpa eitneach a thabharfadh faoin léann Ceilteach. 

“Dearbhaíonn Dámh na dTeangacha agus na Litríochtaí Ceilteacha in Harvard an bharúil chomhaontaithe gur catagóir teangeolaíochta é ‘Ceilteach’ lena gcuirtear síos ar ghrúpa teangacha, idir ársa agus chomhaimseartha. Dá réir sin, féadtar tagairt leis an téarma do thraidisiúin bhéil agus do litríochtaí sna teangacha sin agus do gnéithe eile cultúir atá nasctha go dlúth leis na teangacha sin,” a dúradh sa ráiteas. 

Cáineadh freisin an nós atá ag forchinígh gheala leithghabháil a dhéanamh ar shiombailí ‘Ceilteacha’. Cé nach luaitear go sonrach sa ráiteas í, is minic a bhaineann grúpaí fuatha agus forchiníoch úsáid as an gCros Cheilteach mar shiombail, chomh maith le gnéithe eile de chultúr na hÉireann agus de chultúr na náisiún eile Ceilteach.

“Tá leithghabháil déanta ar shiombailí a bhaineann le hÉirinn na Meánaoise agus a shamhlaítear nasc fánach a bheith acu leis an ‘Ceilteachas’ ag grúpaí a mhaíonn gur ardchine iad na daoine geala. Séanaimid an leithghabháil seo go neamhbhalbh, gan fiacail a chur ann,” a dúradh. 

Ag deireadh an ráitis, cuireadh fáilte roimh dhuine ar bith “beag beann ar dhath a chraicinn, a thír dhúchais, a chreideamh, a chlaonadh gnéis, a fhéiniúlacht inscne, ná aon ghné eile dá fhéiniúlacht” agus a bhfuil spéis aige sna teangacha Ceilteacha agus an litríocht a ghabhann leo iarratas a dhéanamh le staidéar a dhéanamh ar an léann Ceilteach in Harvard. 

Feictear an Chros Cheilteach, nó leagan di, ar bhratacha agus i bhfoirm tatú ag ciníochaithe i Meiriceá agus ar Mhór-Roinn na hEorpa go minic, chomh maith le háiteanna eile. Déantar tagairt do mhiotaiseolaíocht na hÉireann, na hAlban, agus Mhanann go minic i reitric na bhforchiníoch seo, agus baintear úsáid as frásaí i dteangacha Ceilteacha ar ábhar bolscaireachta de chuid a gcumann freisin.