‘Northern Irelanders’ an eochair d’athaontú na hÉireann


Tá rud amháin cinnte.

Ní bheidh a dhath mar an gcéanna arís.

Clísé é sin a deirtear linn i dtéacsleabhair na hiriseoireachta gan a úsáid choíche.

Ach tá amanna ann ina n-athraíonn rudaí go tobann, gan choinne agus ó bhun go barr.

Brimeacht, Sasamach, nó Breatimeacht.

Is cuma do théarma air, tá sé ag tarlú – nó lena bheith níos cruinne agus níos soiniciúla, thiocfadh leis tarlú.

D’athraigh toradh an reifrinn thall cúrsaí polaitiúla sa Bhreatain, san Eoraip agus anseo in Éirinn ar bhealach nár athraigh aon toghchán iad ó bhí deireadh an Dara Cogadh Domhanda ann.

Mar sin féin, níor cheart a bheag a dhéanamh de chumas polaiteoirí neamhaird a dhéanamh de thoil an phobail.

Tá leisce orm a dhath a thuar ach ní bheadh aon iontas orm dá mbeadh an Ríocht Aontaithe fós ina ball, nó ina leath-bhall, den Aontas i gceann 5 bliana go fiú.

Sin, nó faoi laincis éigin ag an AE i gcónaí.

Cuimhnigh nár thosaigh aon phróiseas oifigiúil go seadh.

I gcomhthéasc an toraidh nach raibh mórán ag súil leis, tá Theresa May, Príomhaire nua na Breataine, tar éis deireadh a chur le réimse David Cameron.

Duine pragmatach í, ach is cinnte go bhfuil sí níos faide ar an eite dheis ná an Camshrónach.

Chuir sí féin crot nua ar chomhaireacht s’aici láithreach bonn.

Cé go raibh sí féin ar son fanacht san AE, ghlac sí triúr Breatimeachtóirí isteach chun tabhairt faoi shonraí an cholscartha: Boris Johnson, Liam Fox agus David Davis.

Ardú céime nó pionós?

Is maith an scéalaí an aimsir.

Tá ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre, Jeremy Corbyn, faoi léigear i gcónaí.

Is cosúil, dá dtoghfadh gnáthbhaill an pháirtí an tUasal Corbyn mar cheannaire arís, go mbrisfeadh an páirtí Parlaiminte ar shiúl ón mhór-pháirtí.

Dhá pháirtí nua ar a laghad a bheadh mar thoradh air sin.

Rud a chinnteodh blianta de riail na dTóraithe, atá gan mórán tacaíochta in Albain agus gan aon tacaíocht sna Sé Chontae.

Agus níl sé seo uile go léir ach ina thús, thiocfadh dó go mbeadh tionchar níos doimhne ag an Bhreatimeacht fiú.

Ní fios dom. Ní fios d’éinne.

Chuir mé spéis i dtaobh amháin den scéal seo thar aon ghné eile.

Is é sin gur vótáil Albain agus Tuaisceart na hÉireann ar son fanachta, go láidir i gcás na nAlbanach.

Mhúscail sé sin ceist neamhspleáchas na hAlban in athuair.

Beidh an SNP ag iarraidh reifreann eile.

Anois, dá mbeadh neamhspleáchas ag Albain, d’imreodh sé sin an-tionchar ar chúrsaí ó thuaidh.

Ach tá sé sin tar éis tarlú cheana féin.

Lig dom seo a mhíniú.

Is iad na daoine siúd a thugann Tuaisceart-Éireannaigh orthu féin – daoine ó chúlra dúchasach Éireannach den chuid is mó, caithfear a rá – a bhfuil an chumhacht acu anois maidir le hÉirinn Aontaithe.

Is mionlach iad siúd a thugann ‘Briotanaigh’ amháin orthu.

Is mionlach níos lú iad na daoine sin a thugann ‘Éireannaigh’ amháin orthu.

Mar sin, is é an dream seo sa lár a shocróidh cúrsa bunreachtúla.

Faoi láthair tá siad deighilte ón deisceart, agus dílis don chóras ina bhfuil siad beo ann.

Tá fonn orthu dul chun cinn a dhéanamh, beag beann ar chúrsaí féiniúlachta ná cultúir.

Tá amhras orthu faoi aon smaoineamh a chuirfeadh isteach ar chinnteacht eacnamaíochta.

Tá an sciar seo den phobal sásta a bheith Northern Irish in Northern Ireland, gan ró-dhúil acu in Éirinn ná sa Bhreatain .

Mar chuid den socrú seo bhí an teorainn, arbh éigean go raibh rian ar bith di le feiceáil le blianta anuas, rud a thaitin le náisiúnaithe agus le haontachtaithe liobrálacha araon.

Tá na mílte duine, ón dá thaobh den chríoch, ag obair, ag súgradh, ag síopaíocht agus ag suirí ar an taobh eile gach lá.

Is féidir neamhaird a thabhairt ar an teorainn inniu, ach tá an faitíos ann anois go bhfuil bacanna de chineál éigin ar a mbealach ar ais.

Mar sin, tá iallach ar náisiúnaithe measartha agus aontachtaithe Caitliceacha, aontachtaithe Protastúnacha liobrálacha fiú, a machnamh a dhéanamh maidir le mianta polaitiúla s’acu in athuair.

Den chéad uair le fada, títear don dream seo gurbh fhearr an saol in Éirinn neamhspleách atá mar chuid den AE ná sa Ríocht Aontaithe – Sasana go bunúsach – atá taobh amuigh den Aontas.

Tá daoine ar an dá thaobh den teorainn ag caint faoi Éirinn Aontaithe arís, smaoineamh a bhí imeallaithe go hiomlán le dhá ghlúin anuas.

Níor chóir a bharraíocht a dhéanamh de.

Ní bheidh aon reifreann ann fiú sa mheán-tréimhse.

Ach is cosúla Éire Aontaithe mar thoradh ar an reifreann seo, más ar éigean é, ná mar a bhí.

Nó, b’fhéidir, má tá muid ionraic linn féin, is cosúla ath-chríochdheighilt agus atarraingt na teorann ná mar a bhí chomh maith.


Craoladh leagan den alt seo mar cholún raidió ar RTÉ Raidió na Gaelachta ar 19 Iúil 2016.