‘Tá an chomparáid idir cás na nGael agus cás an phobail ghoirm bailí’

Cé nach scéal nua dúinn é nuair a chluineann nó a fheiceann muid íomhánna truacánta, foréigneacha d’ainghníomhartha na bpéas i gcoinne an phobail ghoirm i Meiriceá, tá an chuma ar an scéal go bhfuil muid tar éis rubicon a thrasnú le dúnmharú mailíseach George Floyd ar shráideanna Minneapolis. Ó shin i leith tá sráideanna sna stáit agus fud fad na cruinne lán daoine ó gach cúlra agus cine ag éileamh go gcuirfí deireadh leis an gciníochas córasach. 

Tá ardú feasachta as cuimse ar siúl atá ag dul i bhfeidhm ar phobail leathana sna Stáit Aontaithe, go háirithe i measc an aosa óig. Ar shráideanna Bristol, i Sasana, baineadh chun talaimh dealbh den úinéir agus trádálaí sclábhaithe Edward Colston agus cuireadh go tóin na habhann é. 

Tá an t-ardú féin-fheasachta seo bunaithe ar an dlúthpháirtíocht choitianta dhaonna atá le feiceáil, ní hamháin i Meiriceá ach fud fad na cruinne agus daoine ón Astráil go dtí an Phalaistín ag seasamh go tréan leis an an phobal ghorm go háirithe, agus le mionlaigh i gcoitinne. 

In Éirinn, spreag na heachtraí seo machnamh ar ár stair fhoréigneach leatromach féin agus léirigh roinnt daoine dlúthpháirtíocht trí chosúlachtaí a tharraingt idir an streachailt in Éirinn agus an leatrom agus anró a d’fhulaing an pobal gorm ón chéad lá a fuadaíodh iad ón Afraic. 

Bhí daoine eile a rá nach féidir aon chomparáid a dhéanamh, ach an bhfuil bunús leis seo?

I dtosach báire, ní mór a rá nach dtuigfidh aon Éireannach geal cad é mar atá sé bheith i do dhuine gorm ná na streachailtí laethúla ar maireann na pobail sin leo. Is ann don ‘phribhléid gheal’ agus saothraíonn gach duine geal, in Éirinn nó aon áit eile, buntáiste aisti sin. 

Ach creidim go bhfuil íoróin éigin ag baint le daoine geala ag déanamh póilíneachta ar ‘phribhléid gheal’ agus i bhfírinne, bhain an easpa féin-tuisceana a léirigh roinnt daoine siar asam. 

Is í mo thuairim gur léirigh na poblachtáigh agus eile a rinne na comparáidí, gur léirigh siad dlúthpháirtíocht agus gur chloígh siad le hoidhreacht fhada na dhlúthpháirtíochta idir an dá phobal. Ní laghdaíonn seo, ar bhealach ar bith an díghrádú leanúnach brúidiúil ar leith a d’fhulaing an pobal gorm i Meiriceá. 

Thaistil an t-iarsclábhaí Frederick Douglas fud fad na hÉireann sa bhliain 1845 ag tabhairt léachtaí i gcoinne na sclábhaíochta. Labhair sé faoin “díograis iontach a bhí sna mílte a phlódaigh ina sluaite le cloisteáil faoin éagóir chruálach faoinár labhair mo chomhthírigh, a bhí ina sclábhaithe faoi chois le fada”.  

Labhair sé fosta ar an uafás a mhothaigh sé nuair a chonaic sé an bochtanas in Éirinn. Mar gheall ar na naisc láidre seo, bhí sé gníomhach san fheachtas ar son Shaoirse na hÉireann. 

Sa 20ú aois, bhí an Ghluaiseacht Cearta Sibhialta sna Sé Chontae spreagtha go mór ag an ghluaiseacht chéanna i Meiriceá, a bhí faoi cheannas Martin Luther King. Ceoladh amhrán clúiteach na gluaiseachta, ‘We Shall Overcome’, ar shráideanna Dhoire, Bhéal Feirste agus Birmingham, Alabama. Bunaíodh ‘Mórshiúl Fada’ ó Bhéal Feirste go Doire, a d’eagraigh an People’s Democracy in 1969, ar an mhórshiúl fhada a d’eagraigh an Dr King go Montgomery, Alabama. 

Ba mhinic don fheisire mór le rá Afrai-Mheiriceánach, Donald Payne, cuairt a thabhairt ar Éirinn agus rinne sé stocaireacht leanúnach le haghaidh fiosrúcháin ar dhúnmharuithe Pat Finucane agus Rosemary Nelson. 

Sa bhreis air sin, thug sé reachtaíocht isteach le cosc a chur ar úsáid piléar plaisteach ag Airm na Breataine. Maraíodh 18 leis na piléir chéanna anseo, ochtar páistí ina measc. Tá siad anois in úsáid go forleathan ar shráideanna Mheiriceá i gcoinne léirsitheoirí.   

Go deimhin, tá na cosúlachtaí idir an dá streachailt déanta ag gníomhaithe móra ar dhá thaobh an Aigéin Atlantaigh le fada an lá, go háirithe sóisialaigh. Tá an t-idirnáisiúnachas agus an dlúthpháirtíocht fréamhaithe sa fhrith-impiriúlachas coiteann. Is é stair an choilíneachais, bunchloch an chiníochais, an rud is mó atá coitianta eadrainn. 

Dar leis an iriseoir Afua Hirsch, “Chuidigh an Bhreatain an ciníochas in aghaidh daoine gorma a chumadh…agus rianaíonn na Stáit Aontaithe a n-oidhreacht chiníoch siar go dtí coilíneachtaí na Breataine i Meiriceá.’ 

Thug an tOllamh iomráiteach Donna Murch, caint iontach ar theacht i réim an Black Panther Party i Meiriceá i mBéal Feirste anuraidh. Le linn na cainte sin, labhair sí faoin “trasnú idir streachailtí mhuintir na hÉireann ar son na Saoirse agus an eite radacach den ghluaiseacht ar son shaoirse an phobail ghoirm”. 

Tá sé ríthábhachtach, dar léi, go n-amharcann muid ar streachailt na ndaoine gorma i Meiriceá “ní ar bhonn scoilteacht ach laistigh den eispéireas coilíneachta”.

Tuigimid fosta nach i Meiriceá amháin atá an ciníochas institiúideach i réim agus cé go bhfuil an dlúthpháirtíocht leis an phobal ghorm ríthábhachtach ag an phointe, níor choir dúinn cáineadh a dhéanamh ar an chóras leatromach i Meiriceá ach neamhaird a dhéanamh ar an chiníochas sa bhaile. 

Spreag na heachtraí ar fad seo roinnt daoine lena scéalta pianmhar féin a roinnt faoin chiníochas a d’fhulaing siad in Éirinn agus ní mór dúinn iad a chluinstin. Mar bharr ar an donas seo, tá córas i réim nach dtugann cead do theifigh bheith ag obair agus a bhrúnn teaghlaigh bhochta isteach in uafás an tSoláthair Dhírigh. 

Tá gluaiseachtaí ag teacht chun tosaigh in Éirinn a dhéanann iarracht dul i ngleic leis na gréasáin chumhachta a éascaíonn ciníochas agus seicteachas anseo – ní mór tacú leo. 

Ní hionann an streachailt agus pian a mhothaíonn an phobal gorm i Meiriceá agus ár streachailt féin. Ach mar gheall ar stair an choilíneachais atá againn san oileán seo: foréigean stáitt, polasaí leatromacha, impiriúlachas cultúrtha agus araile, is taithí iad a dhéanfadh muid a dhéanamh níos tuisceanaí faoin éagóir atá á himirt orthu siúd atá faoi chois ag an gciníochas córasach. Tá an taithí seo níos mó arís do mhná, an pobal aerach, lucht siúil agus pobail eile a ndéantar imeallú orthu. 

Mar sin, léirigh dlúthpháirtíocht le #BlackLivesMatter, tabhair síntiús do ghníomhaithe atá i ngéibheann agus má chastar duine ciníoch ort anseo, tabhair dorn láidir daofa. Má fheiceann tú polasaithe nó institiúidí ciníocha, cuidigh iad a bhaint anuas. 

Tuigimis ár namhaid!