Tairiscint Arlene: frithionsaí polaitiúil nó sos cogaidh cultúrtha?


Ina cholún is déanaí do RTÉ Raidió na Gaeltachta, cíorann Ciarán Dunbar tairiscint Arlene Foster bualadh le baill de phobal na Gaeilge. Cad a chiallaíonn an bogadh seo do na Gaeil, don mheon aontachtach agus don tuaisceart trí chéile?


Tá sé ráite ag iar-Chéad-Aire Thuaisceart na hÉireann, agus ceannaire an DUP, Arlene Foster, go bhfuil sí ag iarraidh bualadh le Gaeilgeoirí.

Tháinig an imirt seo an tseachtain seo caite nuair a bhí ag teip glan ar na cainteanna polaitiúla is déanaí.

Agus toghchán ginearálta anois fógartha ag Príomh-Aire na Breataine, Theresa May, tá cibé dóchas a bhí ann do na cainteanna sin imithe.

Ní léir gur chuir Bean May an Tuaisceart san áireamh agus í ag glacadh a cinnidh.

Tá ceist na Gaeilge ar an ábhar is mó easaontais idir aontachtóirí agus an dá pháirtí náisiúnacha.

Tá Sinn Féin agus an SDLP ag seasamh an fhóid ar son reachtaíocht chearta teanga – tá aontachtóirí docht daingean ina coinne.

Tá gluaiseacht na Gaeilge an-tógtha, an-spreagtha agus an-láidir ar an cheist le tamall.

Mothaíonn aontachtóirí faoi bhrú dá bharr.

Tá fáilte ó chroí á cur roimhe le ráiteas Arlene Foster ag grúpaí Gaeilge, go poiblí cibé ar bith.

Tá leor ag amharc ar fhocail Foster mar léim chun tosaigh ón ghráin atá léirithe ag an DUP don teanga riamh anall.

Mhaígh Arlene Foster i mí Feabhra go díreach nach ngéillfeadh an DUP ar cheist Acht Gaeilge “choíche”.

Ach tá a páirtí tar éis bogadh beagán ar an cheist seo: tá siad anois ag cur ‘Acht Cultúrtha’ chun tosaigh mar smaoineamh.

Tuigtear go mbeadh “meas” don Ghaeilge á léiriú ann, cothromaíocht d’Albainis Uladh chomh maith le soláthair éigin maidir le hómós a léiriú d’fhórsaí armtha na Breataine.

Mar sin féin, thug Bean Foster foláireamh iontach soiléir.

Dúirt sí, “Tá muid ag iarraidh meas a bheith againn ar, agus muise, tuiscint níos fearr a bheith againn ar theanga agus cultúr nach bhfuil muid mar chuid de.”

Lean sí, áfach, ag soiléiriú gur mhaith léi labhairt le daoine ón chúlra Gaelach nach bhfuil “bagáiste polaitiúil ná éilimh acu, daoine a bhfuil grá dáiríre acu don Ghaeilge agus nach n-úsáideann í mar arm polaitiúil”.

Mar a dúirt an colúnaí aontachtach, Newton Emerson, Dé Sathairn, “Cén Gaeilgeoir a ghlacfadh leis an tairiscint ‘scar is treascair’ seo?”

Is macalla é an caveat sin den iarracht a rinne Oifig Thuaisceart Éireann sna 1980í scoilt a chothú idir “abrasive Gaels”, mar a thug siad féin orthu, agus díograiseoirí “maithe” Gaeilge.

Chlis ar an iarracht seo, muise chuaigh an plean in abar.

An frithionsaí polaitiúil an bogadh seo ón DUP mar sin seachas sos cogaidh cultúrtha?

An iarracht é seo Gaeilgeoirí atá i gcoinne Acht Gaeilge a aimsiú seachas fíor-iarracht Gaeil a thuigbheáil atá ar bun ag Arlene Foster?

Is maith an scéalaí an aimsir.

Cinnte, tá Gaeilgeoirí áirithe ann dubh i gcoinne Acht Gaeilge sa Tuaisceart, nó in áit ar bith.

Creideann siad gurb ionann cúis na Gaeilge agus dea-thoil an phobail aontachtaigh a chothú thar aon rud eile, agus nár chóir d’aon cheart, scoil, comhartha ná teaghlach an chúis sin a shárú.

Creideann siad, dá mbeadh an dea-thoil seo ann, go mbeadh níos mó daoine de gach cineál is aicme sásta an teanga a labhairt.

Is gann iad an dream seo ag an phointe seo áfach – chabhraigh cur chuige an DUP le dhá ghlúin anuas sin a dhéanamh amhlaidh.

Chun tuiscint na n-aontachtach i leith na Gaeilge a fháil, níl eagarfhocal an Belfast Newsletter ón Aoine seo chuaigh thart le sárú:

“Ní féidir ligean d’acht Gaeilge todhchaí a chruthú ina mbeadh aon bhaint ag cáilíocht sa Ghaeilge le fostaíocht san earnáil phoiblí agus ina mbeadh ar phobal agus ar scoileanna nach spéis leo Gaeilge freastal ar éileamh nach ann dó – is é sin a rá nádúr Thuaisceart Éireann a athrú go buan, mar is mian le cuid poblachtánaigh.”

Agus sin agat é, ní féidir a shéanadh, d’athródh Acht Gaeilge Tuaisceart na hÉireann ó stát a cruthaíodh chun freastal ar riachtanais chultúrtha an phobail aontachtaigh amháin go stát ina bhfuil dlisteanacht ann do dhá chultúr, ar a laghad.

Sin an chúis nach ngéillfidh Foster ar an cheist choíche.

Tá sé ráite ag an idé-eolaí aontachtach, Ian Adamson, gurbh é Acht Gaeilge “an feall deiridh ar mhuintir Uladh”.

Is cinnte nach guth aonair é.

Mhaígh sé san alt céanna gur chum Éamon de Valera an Ghaeilge mar ghléas polaitiúil – ná déan gáire, creideamh measartha coitianta é i measc aontachtóirí áirithe.

Ach le bheith cothrom d’Arlene Foster, níl mórán áiteanna ar chlár na cruinne ina bhfuil cothrom na féinne idir dhá chultúr i stáitín beag amháin.

An deacracht atá ann anois áfach ná go bhfuil idir Bhriotanaigh agus Phrotastúnaigh ina mionlach, sa dúiche a gearradh amach dóibh féin amháin.