Urlabhraí na Gaeilge éirithe as an gComhaontas Glas

Tá Peadar Ó Caomhánaigh, urlabhraí Gaeilge agus Gnóthaí Gaeltachta an Chomhaontais Ghlais, éirithe as an bpáirtí. D’fhógair comhairleoir contae do Bhaile Átha Cliath Theas ar maidin go bhfuil sé ag éirí as an bpáirtí láithreach bonn mar gheall ar chinntí a rinne an rialtas ó chuaigh an Comhaontas Glas i gcomhrialtas le Fianna Fáil agus Fine Gael anuraidh.

Dúirt Peadar ar Twitter ar maidin go raibh sé in aghaidh an Phlean don Rialtas a d’aontaigh na páirtithe anuraidh agus nár cheil sé a thuairim faoin bPlean riamh. Dúirt sé nár réitigh an chaoi ar déileáladh lena ghearáin phoiblí faoin bPlean le “luachanna an Chomhaontais Ghlais” agus gur mar gheall air sin a d’éirigh sé as inniu.

Thug sé geallúint uaidh go gcoinneoidh sé air ag obair ar son mhuintir Chluain Dolcáin, an Chaisleáin Nua, Theach Sagard, Rath Cúil agus an Bhriotáis “le tacaíocht [a] iar-chomhghleacaithe páirtí”.

Níos luaithe an mhí seo, glacadh d’aon ghuth le rún a chuir an Comhairleoir Ó Caomhánaigh chun cinn ag cruinniú de chuid na Comhairle chun Coiste na Gaeilge a bhunú “ar mhaithe le Gaeilge labhartha a chur chun cinn sa chontae”.

Tá aithne mhaith ag lucht labhartha na Gaeilge i mBaile Átha Cliath ar Pheadar Ó Caomhánaigh mar gheall ar an Pop Up Gaeltacht, gluaiseacht a bhunaigh sé lena leathbhádóir Osgur Ó Ciardha in 2016. Bíonn sé le cloisteáil go minic ar Raidió na Life freisin.