Soilse tráchta ‘aeracha’
Le haghaidh Bród Domhanda i Maidrid!

Tá comhairle Mhaidrid ag cur isteach siombailí nua ar thrasrianta coisithe na cathrach faoi láthair a thaispeánann lánúineacha comhghnéis in ionad fear beag aonair amháin.

Glacadh an cinneadh nuálach agus an phríomhchathair Spáinneach ag ullmhú i dtreo na féile domhanda aeraí WorldPride a bheas ar siúl ann ag deireadh mhí an Mheithimh.

De ghnáth glacann níos mó ná dhá mhilliún duine páirt in Pride (Bród) i Maidrid gach bliain ach meastar go mbeidh an fhéile i bhfad níos mó i mbliana agus an leagan domhanda WorldPride ag titim amach sa chathair.

Agus na sluaite bailithe ann le haghaidh na n-imeachtaí éagsúla feicfidh siad siombailí de bheirt fhear nó beirt bhan, iad lámh ar láimh le cheile, ar 72 trasrian coisithe ar fud na cathrach.

Mar aon leis na soilse, beidh ildathanna an tuair cheatha péinteáilte ar na stríoca traidisiúnta dubha agus bána a bhíonn ar thalamh na dtrasrianta chomh maith.

Is tionscnamh é seo de chuid Mhéara fórsach Mhaidrid, Manuela Carmena, agus cé gur trialadh a leithéid roimhe i gcathracha eile san Eoraip, seo í an chéad uair d’aon áit sa Spáinn bheith maisithe amhlaidh le haghaidh Bród.

Go dtí seo níl aon chomhairle cathrach in Éirinn tar éis cinneadh a dhéanamh a lasfadh soilse tráchta aeracha anseo – an dtiocfaidh athrú air sin agus Taoiseach aerach anois againn?

Fanaigí ar na fir agus ar na mná glasa!