‘Tá an ciníochas ann i measc phobal na Gaeilge féin’

Thuig mé i gcónaí go raibh mé difriúil le formhór na ndaoine i bpobal na Gaeilge. Bhí a fhios agam go raibh rud éigin cineál ‘ait’ déanta agam agus mé ag foghlaim na teanga agus mé ag fás aníos. Agus mé ar scoil, d’fhiafraínn díom féin ‘an do mo leithéidse an Ghaeilge?’. Ach d’athraigh sé sin agus mé i mo dhuine fásta i saol na Gaeilge. Mhothaigh mé go raibh na Gaeil mar ‘theaghlach eile’ agam agus chuirtí fáilte romham i gcónaí ag ócáidí éagsúla Gaelacha. 

Nuair a rinneadh ionsaí eagraithe orm de bharr an fhíseáin a rinne mé, bunaithe ar dhán a scríobh mé faoi ghruaig na mban dubh, bhí náire orm ar bhealach. Níor thaitin sé liom go mbeadh an cineál sin airde orm cé nár chuir maslaí agus ciníochas na dtroll as dom. Scaipeadh scéal na heachtra timpeall na meán traidisiúnta agus na meán sóisialta, agus mhothaigh mé beagáinín imníoch agus tuirseach de bharr na bhfógraí go léir a bhí ar m’fhón. 

Dúirt mé ar Twitter go raibh tráchtanna ciníocha i mBéarla agus i nGaeilge ann agus gur chuir na cinn Ghaeilge isteach orm toisc gur chreid mé go raibh mé i gcónaí ag obair ar son na teanga. Bhí eagla bheag orm labhairt amach faoi na tráchtanna i nGaeilge mar bhí a fhios agam go mbeadh ionadh ar fhormhór na ndaoine agus go ndéarfadh siad nach fíorGhaeilgeoirí iad na daoine sin. Ach a mhalairt a bhí fíor. 

B’fhéidir go raibh daoine ann a d’úsáid Google Translate ach bhí daoine eile ann ar léir go raibh Gaeilge mhaith acu. Ní raibh mé ag iarraidh go gceapfadh éinne go raibh mé i gcoinne phobal na Gaeilge nó aon sórt raiméise mar sin agus mé ag labhairt faoi na tráchtanna seo, bhí mé díreach ag iarraidh go dtuigfí go mbíonn an ciníochas le cloisteáil agus le feiceáil gach áit. 

Mar sin féin, nuair a tharla sé seo ar fad bhí an tacaíocht a fuair mé ó phobal na Gaeilge dochreidte ar fad! Seasadh liom. Níor mhothaigh mé comrádaíocht mar sin riamh. Chuaigh an grá agus an meas ar fad go mór i bhfeidhm orm, agus thuig mé láithreach bonn go raibh an pobal lánsásta go raibh mé i saol na Gaeilge agus is cinnte nach bhfágfaidh mé an pobal sin go deo. 

Dúradh liom go raibh mé ‘cróga’ sa bhealach a dhéileáil mé leis an ionsaí sin. Dar liom féin, ní crógacht a bhí ann ach seantaithí – tá mé cleachta leis an gcineál seo seafóide a tharlaíonn do dhaoine dubha. Traenáiltear muid ó aois óg le bheith ag déileáil leis an bhfuath a chaitear orainn. Ní bhacaim leis an bhfuath ar líne dá bharr – feicim na tráchtanna gránna agus cuireann siad ag gáire mé. 

Ach is ceacht é an eachtra seo dúinn go léir – tá an ciníochas gach áit timpeall orainn, i saol na Gaeilge freisin. Is daoine muid uilig agus dá bharr sin beidh roinnt claontachtaí ann i ngach pobal. Uaireanta, más pobal mionlach atá i gceist, ceaptar nach mbeadh aon fhadhb le mionlach a bheith mar pháirt den phobal sin. Cé go bhfuil sé sin fíor go pointe, ní chiallaíonn sé sin nach bhfuil daoine ciníocha ann sa phobal. Caithfimid a bheith ionraic lena chéile faoi thopaicí mar seo. Táim sásta gur tharla an eachtra seo le déanaí mar gur músclaíodh muid. Níl deireadh leis an gciníochas go fóill.