Tá todhchaí na Gaeltachta ag brath ar an dream óg agus caithfear tacú leo

Le scór blianta is mór an fás agus an fhorbairt atá tagtha ar cheantair Ghaeltachta na tíre. Tá deiseanna anois ann nach raibh ag na glúnta a chuaigh romhainn, ach ainneoin na bhforbairtí sin is iomaí constaic a mhaireann fós do mhuintir na Gaeltachta agus go háirid don dream óg. Tá srianta ann atá ag cur luas le bánú na Gaeltachta, luas le maolú shaol na Gaeltachta agus atá ag cur brú ar an aos óg an baile a fhágáil. 

Tá fios ag an saol Fódhlach go bhfuil todhchaí na Gaeltachta ag brath ar an dream óg agus go gcaithfear tacú leo mar gheall gur iontu atá an éitir saol na Gaeltachta a shlánú. Mura mbíonn na deiseanna cearta ann dóibh is i léig a ghabhfaidh an Ghaeilge agus an Ghaeltacht. 

Ar ndóigh seanscéal é seo agus meirg air ach caithfear aitheantas a thabhairt don aos óg. Caithfear freastal ar a gcuid mianta agus iad a choinneáil muiníneach as a bpobal féin. 

Tá spreac i lucht óg tréitheach na Gaeltachta a bpobal a chaomhnú, spreac agus díocas nua-aimseartha. Is dream iad atá ag iarraidh a lorg féin a fhágáil ar Ghaeltacht na haoise seo, ach gan tacaí feiliúnacha oideachais, infreastruchtúr agus deiseanna a slite beatha a chothú sa mbaile, gabhfaidh siad áiteanna eile á dtóraíocht sin. 

Tá treallús sa dream óg ach ní thugtar aird ar a mianta agus ar a riachtanais teanga. Tá an dream óg ag fáil a gcuid oideachais uilig i nGaeilge sa mbaile ach ansin ag tabhairt aghaidh ar chúrsaí sna hinstitiúidí tríú leibhéal atá á reachtáil agus á dteagasc i mBéarla. 

Mura mbíonn na deiseanna ann do dhaoine óga iad féin, agus a slite beatha, a thabhairt abhaile agus saothrú go compordach ina dteanga féin, ní bheidh siad ag iarraidh theacht abhaile. Ar an lámh eile, tuige a mbeadh an dream óg ag iarraidh theacht abhaile tar éis dóibh a gcuid cáilíochtaí a bhaint amach, nuair nach bhfuil siad in ann tithe a thógáil in áit a muintire. Seo fadhb nach bhfuil ciall ná réasún ar bith leis, fadhb a bheidh ina buille marfach fós don Ghaeltacht mura mbíonn réiteach éigin ar an scéal. 

Tá cúrsaí pleanála tithíochta go mór sa treis faoi láthair agus na deacrachtaí a bhíonn ag muintir na Gaeltachta cead pleanála a fháil ina gceantair féin. Deacrachtaí iad seo atá ag cur srian ar fhás na Gaeltachta. Mura bhfuil dream óg na Gaeltachta in ann fanacht sa mbaile, imeoidh siad agus imeoidh an Ghaeilge leo. Tá éagóir á déanamh orthu siúd atá ag iarraidh fanacht sa bhaile agus a gclann a thógáil sa nGaeltacht ach ar an lámh eile tá na húdaráis aitiúla breá sásta ceadúnais phleanála a thabhairt go meargánta d’fhorbairtí móra tithíochta. Go minic déantar neamhaird ar choinníollacha teanga na bhforbairtí sin agus bíonn siad seo dochrach do chúrsaí teanga sna ceantair sin. 

Tá tús curtha ag triúr ban óga as Gaeltacht na Mí le hachainí ar líne chun aird a tharraingt ar fheachtas in aghaidh cinneadh a rinne an Bord Pleanála cead a thabhairt d’fhorbairt tithíochta agus teach ósta i Ráth Chairn. Tá sé mar rún acu dul chomh fada leis an Ard-Chúirt chun na forbairtí tógála a throid mar gheall go bhfuil imní orthu go ndéanfadh a leithéid dochar mór don Ghaeilge mar theanga phobail i Ráth Chairn agus sa gceantar máguaird.

 Tá an dream óg fós atá ag iarraidh an Ghaeltacht a chaomhnú agus tá spreac iontu chuile ní beo a dhéanamh a bpobal féin a shlánú, ach bhfuil an lámh i mbéal an mhadra anois? Má thugtar cead do na forbairtí tithíochta seo dul ar aghaidh, agus má dhéantar neamhaird ar ghlór an dreama óig a bhfuil dílseacht agus mórtas cine go smior iontu, ní bheidh údar misnigh ná dóchais acu tada eile a dhéanamh. Gan ghlór, treoir ná údar, ní bheidh tada ann le n-iad a mhúscailt agus muinín bheith acu astu féin.

Is furasta réiteach a fháil ar na dúshláin seo, agus beidh sé níos éasca ár bpobail Ghaeltachta a chaomhnú agus ugach a thabhairt do na glúnta atá le theacht.