Achainí ar líne le fáil réidh le logainm Béarla i nGaeltacht na hAlban

Tá na céadta daoine tar éis a n-ainm a chur le hachainí ar líne, a tosaíodh mar mhagadh, le fáil leis an leagan Béarla d’ainm an bhaile ’An Gearasdan’ in Albain. Ba iad lucht an tsuímh aoire The Daily Gael a chuir tús leis an achainí i ndiaidh do bhlagálaí frith-Ghàidhlig tabhairt le fios go ndeachaigh sí amú ar bhóithre na hAlban mar gheall ar an nGàidhlig a bheith ar na comharthaí bóthair. 

“Baintear an t-ainm Béarla den Ghearasdan le nach gcuirfí mearbhall ar dhaoine nach féidir leo tiomáint” an fotheideal atá ar an achainí “Athainmnítear Fort William go An Gearasdan”. 

An tseachtain seo caite, dúirt an blagálaí Effie Deans go raibh sí ag tiomáint i nGaeltacht na hAlban le deireanas agus gur chinn uirthi an Gearasdan a bhaint amach mar gheall ar an mearbhall a d’fhág na comharthaí dátheangacha uirthi. 

Rinneadh ceap magaidh di ar Twitter na nGael in Albain agus in Éirinn, agus spreag a postáil go leor aoire agus magaidh ar na meáin shóisialta. Ó shin i leith tá ainm an bhaile i mbéal an phobail agus roinnt daoine den tuairim gur cheart fáil réidh leis an ainm Béarla atá ar an mbaile, ‘Fort William’, agus ainm Gàidhlig a úsáid mar an t-aon ainm oifigiúil ar an mbaile. 

Tá dhá ‘Fort’ i nGaeltacht na hAlban, Fort William agus Fort Augustus. Tagraíonn an t-ainm Gàidhlig atá ar Fort William don ‘gharastún’ a bhí ag Arm na Breataine ann san am a caitheadh, agus Gaeil na hAlban á gcur faoi chois. Cille Chuimein (Cill Choimín) atá ar Fort Augustus, an t-ainm a bhí ar an mbaile beag a bhíodh ann sular tógadh garastún eile de chuid Arm na Breataine i ndiaidh Éirí Amach 1715. 

Sa bhliain 2003, tugadh Acht na dTeangacha Oifigiúla isteach in Éirinn. De réir na reachtaíochta sin, níl feidhm oifigiúil le leaganacha Béarla ná leaganacha Galldaithe de logainmneacha na Gaeltachta níos mó, agus is i nGaeilge amháin a bhíonn comharthaíocht na Gaeltachta anois.