Achainí ar Uachtarán na hIodáile an Iodáilis ‘a shábháil ón mbéarlachas’

Tá grúpa scríbhneoirí, staraithe, aisteoirí agus daoine mór le rá eile san Iodáil tar éis litir a scríobh chuig uachtarán na tíre ina n-impíonn siad air an Iodáilis a chur chun cinn agus cur i gcoinne an bhéarlachais. Seo mar a deir siad féin sa litir: “Is grúpa saoránach sinn a bhfuil imní agus olc orainn faoin méadú atá ag teacht ar líon na bhfocal Bhéarla i ngach réimse saoil, iad ag éirí níos líonmhaire agus níos coitianta de réir a chéile, go háirithe sna meáin, sa saol oibre, sa pholaitíocht agus san oideachas.”

Tá an ceart ag cách a rogha teanga a labhairt, a deir na húdair, ach tá dualgas faoi leith ar ionadaithe stáit, sa pholaitíocht agus sa riarachán go háirithe, dea-shampla a léiriú ó thaobh na hIodáilise de chun sothuigtheacht a chinntiú agus meas a thaispeáint don phobal Iodálach agus dá n-oidhreacht theangeolaíoch. Ábhar imní é d’údair na litreach an oiread sin béarlachais a bhíonn i dtéacsanna na n-institiúidí stáit, mar sin: “Rud díobhálach é tús áite a thabhairt don bhéarlachas agus a cheapadh gur comhartha foráis é sin. Ní mór dúinn éirí as a bheith ag déanamh gaisce den bhéarlachas amhail is go bhfuil náire orainn faoinár dteanga féin, teanga a bhfuil an oiread sin gradaim uirthi ar an gcoigríoch agus an oiread sin tóra uirthi.”

Deir údair na litreach nach bhfuil sé i gceist acu tús a chur le haon “chrosáid” agus nach amhlaidh go bhfuil siad ag cur i gcoinne ró-úsáid an Bhéarla toisc gur saoithíní iad, ach toisc nach féidir na figiúirí a shéanadh a thuilleadh. Trí bhíthin na meán agus na polaitíochta, tá an béarlachas á scaipeadh i measc an phobail Iodálaigh. Le tríocha bliain anuas, tá méadaithe faoi dhó ar an méid béarlachais atá sna foclóirí Iodáilise (ó 1,600 focal in 1990 go dtí 3,500 sa lá inniu) agus is béarlachas timpeall ar leath de na nuafhocail atá tagtha isteach san Iodáilis ón mbliain 2000 i leith (ag deireadh na 1950idí, ní raibh sa bhéarlachas ach 5 % de líon iomlán na nuafhocal sa teanga). 

Dá bharr sin, “tá an cumas á chailleadh ag ár dteanga forbairt go neamhspleách, ár bhfocail féin a chruthú agus a úsáid. Bímid ag dul i muinín na bhfocal Béarla nó na mbréagfhocal Béarla, iad á dtabhairt isteach go lom againn, gan iad a aistriú, a chur in oiriúint ná casadh nua dár gcuid féin a chur orthu.’

Is chuig an uachtarán a scríobhadh an litir, a deir na húdair, toisc go bhfuil an t-údarás aige beart a dhéanamh ar son na hIodáilise sa pholaitíocht agus sna hinstitiúidí stáit. Ba cheart an Iodáilis a chothú agus a chosaint, a deir siad, faoi mar a dhéantar i gcás gnéithe eile den oidhreacht náisiúnta, ar nós na healaíne agus an bhia. Ag deireadh na litreach, impítear ar an uachtarán feachtas a thosú sna meáin chun tús áite a thabhairt don teanga náisiúnta agus í a chosaint, rud a dhéantar sa Spáinn agus sa Fhrainc cheana. Más féidir feachtas a chur ar bun i gcoinne an fhoréigin teaghlaigh agus na maistíneachta san Iodáil féin, a iarrann siad, cad chuige nach bhféadfaí amhlaidh a dhéanamh in aghaidh mhí-úsáid an Bhéarla?

Go dtí seo, tá os cionn 4,000 duine tar éis an litir oscailte a shíniú ar change.org ach níl aon fhreagra tugtha ag an uachtarán uirthi go fóill. 

Níl aon chosaint ag an Iodáilis sa bhunreacht náisiúnta agus is ar éigean a thugann an stát aon tacaíocht airgeadais dóibh siúd a bhíonn ag saothrú ar son na teanga. Comhlachtaí neamhspleácha agus daoine aonair a fhoilsíonn foclóirí as a stuaim féin, cuir i gcás, agus bíonn uachtarán na hinstitiúide teanga is tábhachtaí agus is sine san Iodáil, l’Accademia della Crusca, ag obair go deonach sa ról sin. 

Ceann de na cúiseanna gur leasc leis an stát polasaí teanga a thabhairt isteach chun an Iodáilis a chosaint ná go samhlaítear a leithéid le ré an fhaisisteachais nuair a rinne rialtas Mussolini iarracht an teanga a íonghlanadh trí théarmaí eachtrannacha a dhíbirt, rud a raibh cuid mhaith seineafóibe ag baint leis. Mar shampla, nuair a tháinig na Stáit Aontaithe isteach sa Dara Cogadh Domhanda ar thaobh na gComhghuaillithe in 1941, cuireadh cosc ar an bhfocal jazz agus ar ainmneacha agus ar theidil Angla-Mheiriceánacha – cuireadh Luigi Braccioforte ar Louis Armstrong, an ceoltóir Meiriceánach, cuir i gcás, rud is ionann agus ‘Alaois Lámhláidir’ a thabhairt air as Gaeilge.

Ach ní baol go mbeadh aon rud faisisteach ná seineafóibeach i gceist le polasaí úr cosanta teanga, dar leo siúd atá buartha faoin mbéarlachas sa lá inniu. Is féidir an Iodáilis a chaomhnú le cur chuige stuama, ciallmhar, a deir siad: níor ghá gach téarma eachtrannach a ruaigeadh, cuir i gcás, ach d’fhéadfaí téarmaí malartacha dúchasacha a cheapadh agus a chur chun cinn, faoi mar atá á dhéanamh le fada ag institiúidí teanga sa Fhrainc agus sa Spáinn le tacaíocht an stáit.