Aisghairtear ‘an tAcht FrithGhaeilge’ – Doug Beattie

Tá Doug Beattie, iarrthóir toghcháin do Pháirtí Aontachtach Uladh, i bhfabhar go n-aisghairfí dlí a achtaíodh 282 bliain ó shin a chuireann cosc ar úsáid na Gaeilge sna cúirteanna ó thuaidh. 

Tá Beattie ag seasamh i dtoghchán Westminster an mhí seo agus súil aige suíochán a fháil i dtoghcheantar na Banna Uachtair. Agus é i mbun comhrá ar Twitter inniu le duine dá leantóirí faoi cheist an Achta Gaeilge ó thuaidh, dúirt an t-iarshaighdiúir go bhfuil sé den tuairim gur ceart Acht (Éire) Riar na Córa (Teanga) 1737 a aisghairm. 

D’iarr duine dá lucht leanta ar Beattie cá seasann sé ar cheist an Achta Gaeilge ó thuaidh, agus thug an t-iarrthóir Aontachtach nár thacaigh sé le hAcht Gaeilge ná le hAcht Ultaise. Dúirt sé go bhfuil sé sásta a chuid tacaíochta a thabhairt don “dá theanga” ach nach seasfadh sé le hAcht do cheachtar acu. 

Agus an freagra sin tugtha ag an bpolaiteoir, thapaigh craobh Brooklyn de Chonradh na Gaeilge, Cumann Uí Chléirigh, an deis ceist a chur ar Beattie faoin Acht “FrithGhaeilge” a tugadh isteach in 1737.

It should be repealed” an freagra gonta a thug fear an UUP ar an gceist. 

Tugadh an dlí isteach in Éirinn tar éis do dhlíthe eile cosc a chur ar úsáid na Gàidhlig in Albain agus úsáid na Breatnaise sa Bhreatain Bheag. Aisghaireadh na hAchtanna sin 156 bliain ó shin, ach tá an dlí fós i bhfeidhm in Éirinn.

Luaitear an Laidin agus an Fhraincis go sonrach san Acht agus is leis an mbéarlagair dlí sna teangacha sin a chosc a tugadh an tAcht “FrithGhaeilge” isteach. Ach toisc go bhfuil cosc san Acht ar “the use of any other tongue of language whatsoever”, ní cheadaítear an Ghaeilge a úsáid in imeachtaí na gcúirteanna ach an oiread. 

Sular thit an tóin as Stormont ag tús 2017, bhí an tAire Airgeadais ó thuaidh, Máirtín Ó Muilleoir, ag iarraidh go n-aisghairfí an dlí, agus thosaigh sé feachtas beag dá chuid féin é sin a dhéanamh. 

“Agus mé i m’Aire a bhfuil freagracht orm as rialú na hearnála dlí, ba mhaith liom go gcosnófaí cearta na ndlíodóirí agus na saoránach ar mhian leo an Ghaeilge a úsáid sna cúirteanna,” a dúirt sé in 2016.

Dúirt Ó Muilleoir nach bhfuil an cineál sin reachtaíochta i bhfeidhm “áit ar bith eile sna hoileáin seo”. 

Cháin polaiteoir Aontachtach eile, Jim Allister ón TUV, feachtas Uí Mhuilleoir in 2016 agus dúirt gur “cur amú airgid” a bheadh sann agus go gcuirfí na cúirteanna trína chéile dá mbeadh an ceart ag cainteoirí Gaeilge a gcuid gnó a dhéanamh iontu i nGaeilge. Dúirt sé gur cheart go mbeadh ceisteanna “níos práinní” ag déanamh imní don Aire Airgeadais agus go gcuirfí costas mór ar Sheirbhísí Cúirteanna Thuaisceart Éireann le seirbhísí aistriúcháin Gaeilge a chur ar fáil. 

De réir an Achta, gearrtar fineáil £20 ar dhuine ar bith a labhródh teanga seachas an Béarla sna cúirteanna. Diúltaíodh san Ard-Chúirt in 2010 d’iarracht grúpa cainteoirí Gaeilge an tAcht a aisghairm. 

Rialaigh an Breitheamh Girvan an uair sin gurb é an Béarla teanga oibre na gcúirteanna, go bhfuil an Béarla ag gach duine, agus go gcuirfí as d’obair na cúirte dá mbeadh an Ghaeilge in úsáid.

“I ndlínse gurb é an Béarla teanga fhormhór na mór na saoránach, is riachtanas praiticiúil agus féaráilte é go mbeadh cáipéisí cúirte lena gcuirtear tús le himeachtaí cúirte i mBéarla, teanga oibre na cúirte,” a dúirt sé.