An cainteoir dúchais Gàidhlig deireanach in Québec ar shlí na fírinne

Tá an duine deireanach a rugadh agus a tógadh le Gàidhlig i gcúige Québec i gCeanada tar éis bháis. Fuair Sìne NicÌomhair, Sìne NicCoinnich roimh phósadh di, bás ar an 30 Nollaig 2020 agus í 96 bliain d’aois. 

Rugadh i mí Iúil sa bhliain 1924 í i mbaile Milan i gcúige Québec, tráth a bhíodh na céadta cainteoirí dúchais Gàidhlig sa chuid sin den tír. Ba chainteoirí dúchais a tuismitheoirí Iain Mac Coinnich agus Christie Mhoireach, agus tháinig a sinsir go Ceanada ó Leòdhas in Albain sna 1850idí. Rugadh a athair thar ar 20 ciliméadar soir an bóthar ó Milan agus, de réir na staitisticí daonáirimh, bhí os cionn 2,000 duine le Gàidhlig sa bhaile sin agus é ina fhear óg ann. 

Bhí an Ghàidhlig, an Béarla, agus Fraincis Cheanada ag Sìne agus chaith sí deireadh a saoil i mbaile Sherbrooke i ndeisceart Québec áit a bhfuil an Fhraincis in uachtar. Phós sí cainteoir eile Gàidhlig, Alasdair MacÌomhair, agus bhí siad pósta lena chéile ar feadh 48 bliain sular bhásaigh seisean in 1994. 

Chuir iriseoir de chuid BBC Alba, Catrìona Mhoireach, agallamh uirthi in 2018. Is as Tolastadh bho Thuath, baile beag i Leódhas, í Catrìona, an baile céanna d’fhág muintir Shìne ina ndiaidh os cionn 150 bliain ó shin. Le linn an agallaimh fuarthas go raibh gaol fola ag an mbeirt bhan lena chéile, trí mháthair Shìne, Christie Mhoireach.

Maireann a cúigear clainne agus a 13 garpháistí. Léirigh Sìne aiféala san agallamh leis an BBC nár thug sí féin agus a fear an teanga ar aghaidh chuig an gcéad ghlúin eile. Tá an Béarla agus an Fhraincis ag a clann agus a garchlann. 

Is féidir éisteacht leis an agallamh i nGàidhlig a rinne Sìne leis an BBC a chloisteáil anseo.