An comhrá Gaeilge is faide riamh
Gaeilge gan stad ar feadh 170 uair an chloig!

Cuireadh tús spleodrach inniu le curiarracht dhomhanda #Comhrá16, iarracht ar an chomhrá is faide riamh a reáchtáil, i nGaeilge nó i dteanga ar bith eile.

Is iad Niamh Ní Chróinín, láithreoir Raidió RíRá, Síomha Ní Ruairc, ó Sheachtain na Gaeilge agus Tomaí Rua Ó Conghaile a chuir tús le #Comhrá16 ag meánlae inniu, in Óstán Stormont, Béal Feirste.

Tá an comhrá Gaeilge gan stad seo, a spreagfaidh gach sórt ábhair chainte faoin spéir, á shruthú beo ar shuíomh Sheachtain na Gaeilge ar feadh na seachtaine agus is féidir coinneáil ar an eolas faoin chraic uilig ar Twitter tríd an haischlib #Comhrá16.

Go dtí seo, tá breis is 70 grúpa in Éirinn agus thar sáile cláraithe le páirt a ghlacadh sa chomhrá ar líne a mhairfidh 170 uair an chloig ar an iomlán.

Tá an churiarracht chomhrá seo á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge agus Seachtain na Gaeilge le trí bliana anuas.

Cé nár éirigh le curiarracht uaillmhianach na bliana na seo caite, dúirt Orlaith Nic Ghearailt, Feidhmeannach Sheachtain na Gaeilge & Feachtais Feasachta le Conradh na Gaeilge, go bhfuil siad dóchasach go ndéanfar an beart i mbliana.

“Sílim go bhfuil deis iontach ann i mbliana. Tá béim ar leith ar dhiaspóra na Gaeilge agus tá an oiread grúpaí Gaeilge cláraithe cheana féin le bheith páirteach, ” ar sí.

Ina measc, tá Gaeilgeoirí Toronto i gCeanada, Craobh Hong Cong de Chonradh na Gaeilge sa tSín, ciorcal comhrá Gaeilge i Maidrid sa Spáinn, Scoil na Gaeilge Sydney san Astráil, Conradh na Gaeilge Chathair na nAingeal i gCalifornia, agus An Ghaeltacht-sur-Seine i bPáras na Fraince.

Níos giorra don bhaile, beidh NÓS agus Raidió na dTreabh ag teacht le chéile Dé hAoine ag a 5in, in Áras na nGael i gCathair na Gaillimhe, le bheith páirteach san iarracht.

Tiocfaidh #Comhrá16 chun críche le hócáid speisialta i dteannta fhoireann TG4 i mBaile na hAbhann i nGaeltacht na Gaillimhe ag 3.00in Dé Máirt 18 Deireadh Fómhair 2016.

Mura bhfuil tú cláraithe go fóill, tá deis fós ann do dhaoine ar mhian leo a bheith páirteach Dé hAoine, Dé Sathairn nó Dé Domhnaigh. Níl le déanamh ach teachtaireacht a chur go snag@cnag.ie.

Abraimis amach!