Ár bhFada atá ar thraein…
'ceist an tsínidh fhada' réitithe ag Iarnród Éireann

Is le fada an lá atá daoine a bhfuil ainmneacha Gaelacha orthu — iad siúd a bhfuil síneadh fada san ainm go háirithe — ag clamhsán faoi Iarnród Éireann agus na hainmchláir dhigiteacha a thaispeántar os cionn na suíochán ar thraenacha in Éirinn. Ach tá ‘fadhb an tsínidh fhada’ réitithe anois ar deireadh thiar thall ag an gcomhlacht traenacha. 

Is féidir suíochán a chur in áirithe roimh ré ar thraenacha de chuid Iarnród Éireann, agus taispeántar ainm agus sloinne an duine a cheannaigh an ticéad os cionn an tsuíocháin ar an traein. Go dtí seo, dhéantaí praiseach ceart den ainm agus den sloinne sa chás go raibh síneadh fada ar cheachtar acu. Ní raibh córas Iarnród Éireann in ann déileáil leis na litreacha Gaelacha seo agus chuirtí siombailí aisteacha ina n-áit. 

Bhí an fhadhb ina údar mór gearáin agus clamhsáin ar feadh na mblianta — ní hamháin i measc cainteoirí Gaeilge na tíre ach i measc daoine gan Ghaeilge a bhfuil ainm Gaeilge orthu. Bliain i ndiaidh bliana gheall Iarnród Éireann gur fadhb ghearrthéarmach a bhí ann agus go rabhthas ag obair ar réiteach na ceiste. 

Tá gearáin le feiceáil ar na meáin shóisialta ag dul chomh fada siar le 2011, agus an freagra céanna á thabhairt ag Iarnród Éireann ó shin i leith orthu. 

Dúirt an comhlacht le Tuairisc.ie go raibh an fhadhb réitithe acu in 2015 ach níorbh fhíor a scéal.

Ach inné bhí bainisteoir an stáisiúin Raidió Rí Rá, Niamh Ní Chróinín, ar thraein de chuid Iarnród Éireann agus thug faoi deara go raibh a hainm litrithe i gceart os cionn a suíocháin — na trí shíneadh fada san áireamh. 

https://twitter.com/NiamhNiChroinin/status/1222965759816749056

Anuraidh cháin an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill Iarnród Éireann ina thuarascáil bhliantúil agus dúirt gur sárú ar an dlí a bhí i gceist nár taispeánadh ainmneacha i gceart ar na traenacha. 

“B’ait liom go gcuirfeadh comhlacht poiblí in Éirinn córas comharthaíochta isteach nach bhféadfadh ainmneacha paisinéirí atá sa teanga náisiúnta a léiriú go cruinn ná an dínit agus an chúirtéis a thabhairt dá phaisinéirí a n-ainmneacha Gaeilge a litriú mar a tugadh d’Iarnród Éireann iad,” a dúirt an Coimisinéir Teanga.