Ár líonra sóisialta?
Gréasán Gaelach le cothú againn

Dhá bhliain ó shin scríobh mé alt tuairimíochta don nuachtán Gaelscéal inár léirigh mé an fhís atá agam, agus ag go leor Gael eile, go dtiocfaidh an lá ina mbeidh gréasán ceart Gaelach i bhfeidhm ar fud na tíre.

Ní díreach ranganna agus scoileanna a bhí i gceist – cé go bhfuil barrthábhacht leo sin chomh maith – ach gréasán sóisialta a chuireann ar chumas cainteoirí Gaeilge bualadh gan stró le baill eile de phobal s’againn, is cuma cén áit in Éirinn ina bhfuil siad.

Ag croí an ghréasáin seo tá caiféanna, pubanna agus ionaid eile inar féidir le Gaeil áitiúla, nó iad atá ar cuairt, bualadh isteach, cupán caife a ól, teacht ar ár meáin chlóite, freastal ar imeachtaí rialta agus fiú fanacht thar oíche dá mba mhian leo.

I dtíortha ar nós na Catalóine agus Thír na mBasach, tá áiteanna den chineál seo ina gcnámh droma ag gluaiseacht na teanga, agus is mór an difear a dhéanann siad do shaol laethúil na bpobal sin.

Cibé baile ina mbíonn tú sna dúichí sin beidh tú in ann theacht ar áit – caifé nó beár beag mar shampla – ina bhfuil teanga dhúchais na tíre á labhairt go hoscailte agus á cur chun cinn ar bhealach muiníneach neamhbhalbh.

Ar ndóigh, tá an dá theanga seo níos láidre ná an Ghaeilge faoi láthair ach bíonn na hionaid le fáil fiú i gceantair ina bhfuil an lámh in uachtar ag an Spáinnis, rud a dhéanann níos luachmhaire go fóill iad.

Neartaítear féiniúlacht an phobail go suntasach tríd an phróiseas leanúnach pearsanta seo agus d’aithneodh aon Ghael gur rud é sin atá de dhíth go géar ar ár bpobal féin i láthair na huaire.

Ar bhealach is líonra sóisialta san fhíorshaol iad, agus in aois seo na bhforbairtí teicneolaíochta tá a fhios againn uilig an tábhacht a bhaineann le líonrú sóisialta.

Na háiteanna in Éirinn a bhfuil spás sóisialta éifeachtach cheana féin ag pobal na Gaeilge – na Cultúrlanna ó thuaidh; Sráid Fhearchair agus a pobal gaolmhar; Café Cois Laoi; an iliomad teach tábhairne agus bialann srl. sna ceantair Ghaeltachta – tá mothúchán pobail níos láidre iontu ná sna háiteanna ina bhfuil cainteoirí Gaeilge ach atá gan an líonra sóisialta Gaelach sin.

Cad é atá le déanamh mar sin? Is fíor gur de réir a chéile a thógtar na cáisleáin ach más todhchaí pobail, teanga agus cultúir – atá uilig faoi bhagairt – atá á cruthú againn ní mór dúinn ar fad tabhairt faoin obair atá riachtanach.

Bíonn rólanna éagsúla le himirt ag gach duine – teaghlaigh a thógáil, oideachas a chur ar fáil, na meáin a sholáthar, feachtasaíocht a dhéanamh – ach beidh neart léitheoirí de chuid na hirise seo in ann páirt ghníomhach a ghlacadh i bhforbairt ár ngréasán sóisialta.

In am seo na déine ní fiú fanacht ar chuidiú nó ar chead na n-údarás le tús a chur le fíorú na físe. Go deimhin ba ón phobal aníos a tháinig na tograí Gaeilge is tábhachtaí thar na blianta – toil, paisean, sprioc, cur chuige, dóchas agus misneach na comhábhair a bhí de dhíth riamh agus atá de dhíth anois.

Dhá bhliain ar aghaidh ó scríobh mé an chéad alt ar an ábhar seo is beag forbairt nua fheiceálach atá déanta againn maidir le saol sóisialta ár bpobail féin.

Chun tograí úra san earnáil seo a spreagadh, chun feasacht a chothú maidir leis na deiseanna sóisialta atá cheana féin amuigh ansin agus chun ár bhféiniúlacht pobail a neartú dá réir, tá eolas á chur le chéile ag NÓS maidir le caiféanna, pubanna, ionaid shóisialta, Gaelimeachtaí comhaimseartha agus tithe lóistín atá tiomanta dár dteanga go príomha.

Cuirfear an t-eolas ar fáil san iris agus ar nosmag.com amach anseo. Bígí linn – déanaimis ár dteanga agus ár bpobal níos feiceálaí, níos bríomhara agus níos sláintiúla.

Má tá do thogra, imeacht nó gnó mar chuid de líonra sóisialta na Gaeilge, cuir in iúl dúinn ag eolas @ nos.ie