Ardoifig CnaG le haistriú go Conamara agus ‘Músaem agus Leabharlann na Gaeilge’ le cur ar Shráid Fhearchair

Aistreoidh foireann shinsearach Chonradh na Gaeilge ó ardoifig na heagraíochta ar Shráid Fhearchair i mBaile Átha Cliath go hoifig nua i nGaeltacht na Gaillimhe “faoi dheireadh na bliana”. Aontaíodh ag cruinniú de chuid Choiste Gnó an Chonartha a reáchtáladh ar Zoom Dé hAoine seo caite go dtabharfar feidhm don rún a ritheadh ag Ardfheis na heagraíochta an mhí seo caite “gur chóir go mbunófaí oifig de chuid Chonradh na Gaeilge sa Ghaeltacht”.

Mhol coimeádaí an Chonartha Cuan Ó Seireadáin, agus an rún á phlé ag an Ard-Fheis, go lonnófaí a leithéid d’oifig i nGaeltacht Chonamara mar gheall ar na forais stáit agus na meáin chumarsáide atá lonnaithe cheana féin sa cheantar. Glacadh leis an moladh sin ag cruinniú na seachtaine seo caite, chomh maith le moladh eile ó bhall den Choiste Gnó, nach luaitear sa ráiteas a chuir an Conradh amach inniu, gur cheart an Ardoifig a lonnú “ar bhonn trialach” san oifig nua Ghaeltachta. 

“Aontaíodh ag cruinniú de chuid an Choiste Gnó a reáchtáladh ar Zoom ar an 26 Márta go n-osclófaí oifig nua de chuid Chonradh na Gaeilge i nGaeltacht Chonamara agus go n-aistreofar foireann na hArdoifige chuig an láthair nua seo faoi dheireadh na bliana seo ar bhonn trialach. Tréimhse bliana a bheidh i gceist leis an triail agus sa chás go bhfuil ag éirí go maith leis an socrú nua féachfar leis an Ardoifig a lonnú go buan i gConamara,” a dúradh sa ráiteas. 

Coinneoidh an eagraíocht teanga, a bunaíodh in 1893, seilbh ar an bhfoirgneamh galánta atá acu ar Shráid Fhearchair i ndeisceart na cathrach, mar a bhfuil an Ardoifig lonnaithe anois, agus úsáidfear é le rún eile a ritheadh ag an Ard-Fheis a chur i gcrích – bunú ‘Mhúsaem agus Leabharlann na Gaeilge’. 

Mhol Mícheál Ó Raghallaigh ó Chraobh na nAirne i gContae Chiarraí go mbunófaí leabharlann ina mbeadh “cóip de gach leabhar, nuachtán, lámhscríbhinn agus araile” a foilsíodh i nGaeilge ó tosaíodh ar an bhfoilsitheoireacht i nGaeilge a bhailiú in aon áit amháin agus a chur ar fáil do lucht labhartha na Gaeilge. 

Deir Conradh na Gaeilge go “sábhálfar na costais a bhainfeadh le aimsiú ionaid dá leithéid de thogra” trína lonnú i bhfoirgneamh atá i seilbh na heagraíochta cheana féin agus go “luíonn sé le réasún an teach maorga Seoirseach ar Shráid Fhearchair a fhostú mar seo” i ndiaidh don Ardoifig aistriú siar. 

Dúirt ionadaí ón eagraíocht le NÓS nach bhfuil an plean “ach ina thús” faoi láthair agus gur beag eolais eile is féidir a dheimhniú faoin aistriú siar chun na Gaeltachta ach amháin go bhfuil teagmháil déanta ag an gConradh le hÚdarás na Gaeltachta féachaint an bhfuil spás feiliúnach oifige ar fáil don eagraíocht i nGaeltacht na Gaillimhe. 

“Próiseas réasúnta fada a bheidh i gceist agus caithfear a bheith airdeallach ar an oiread sin rudaí agus aistriú mór mar seo á chur i gcrích. Tá sé an-tábhachtach dúinn a bheith i gcroílár na Gaeltachta agus tá sé tábhachtach freisin a bheith gar do chathair na Gaillimhe agus do na heagrais eile a mbíonn muid ag plé leo go minic – Roinn na Gaeltachta, na meáin chumarsáide ar nós TG4, RnaG agus Tuairisc, agus Údarás na Gaeltachta,

“Beidh muid ag breathnú ar an infreastruchtúr freisin, agus rudaí ar nós na seirbhíse leathanbhanda agus an córas iompair poiblí an-tábhachtach. Ní fhágann sé sin mórán áiteanna ar fáil dúinn agus tá súil againn a bheith lonnaithe idir Bearna agus an Spidéal,” a dúirt Róisín Ní Mhaoláin, Oifigeach Cumarsáide Chonradh na Gaeilge le NÓS. 

Dúirt ball de Choiste Gnó an Chonartha a labhair le NÓS go raibh sé ina “chath dearg” ag cruinniú an choiste an tseachtain seo caite faoin gceantar Gaeltachta ar cheart an oifig a lonnú ann. 

“Ar ndóigh, tá ceangal ag daoine áirithe le ceantair áirithe – cuid de na daoine is sinsearaí san eagraíocht – agus theastaigh uathu sin gur sa cheantar ab ansa leo féin a lonnófaí an oifig nua. Moladh Baile an Fheirtéaraigh, Rann na Feirste agus Leitir Mealláin, mar shampla, ach cinneadh sa deireadh gurbh fhearr é a lonnú i gceantar atá éasca a theacht air ó Bhaile Átha Cliath, áit a bhfuil an líon is mó cainteoirí Gaeilge sa tír.

“Aontaíodh go ndéanfar obair na hArdoifige ón oifig nua i nGaillimh ach go dtiocfaidh an Coiste Gnó le chéile i gceantair éagsúla do gach cruinniú mar a rinne an Coiste Gaeilge agus Gaeltachta i dTithe an Oireachtais cúpla bliain ó shin. Nuair a bheidh an phaindéim thart reáchtálfar an chéad chruinniú eile i mBéal Feirste agus bogfaidh muid ar aghaidh gach mí go cathair nó ceantar nua,” a dúradh le NÓS. 

Tuigtear do NÓS go raibh baill foirne de chuid an Chonartha ag obair as gach cearn ag tréimhsí éagsúla le linn na ndianghlasálacha, agus go bhfuil roinnt daoine fós ag obair as ceantair thuaithe, ceantair Ghaeltachta ina measc. 

Ní hé seo an chéad uair a aistríodh an Ardoifig ó láthair amháin go láthair eile. Ba in uimhir 25 Cearnóg Parnell a bhí an ceannáras ag Conradh na Gaeilge ag tús na hAthbheochana.