‘Ba cheart coláistí samhraidh a bhunú do chainteoirí dúchais’

Tosaíonn sé ar dtús i mí na Bealtaine. Bliain i ndiaidh bliana tagann siad, ina sluaite, na bóithre dubh leo, ag cruthú tranglaim thráchta ar bhóithre na Gaeltachta. Ag caint ar na Gaeilgeoirí atá mé, gasúir mhéanscoile a fhreastalaíonn ar choláistí samhraidh ag foghlaim Gaeilge.

Tá a fhios ag an saol mór nach ar mhaithe leis an nGaeilge a fhoghlaim dáiríre a thagann na Gaeilgeoirí chuig na coláistí samhraidh bliain i ndiaidh bliana. Cinnte, bíonn ranganna gramadaí acu agus cleachtadh don scrúdú béil san Ardteist, ach is tábhachtaí i bhfad an t-eispéireas saoil ná riail ghramadaí ar bith.

Is minic a cloistear “it’s because of the way it’s taught” ráite nuair a bhíonn daoine ag tabhairt amach faoin nGaeilge, amhail is go bhfuil baint ar bith agamsa nó agatsa leis sin. Ní hé go bhfreastalaíonn an córas oideachais ar an té a bhfuil Gaeilge ón gcliabhán acu ach an oiread!

Ach mura bhfreastalaíonn an scoil ar riachtanais na ndaltaí atá ag foghlaim na Gaeilge, tá neart coláiste Gaeilge ann leis an mbearna sin a líonadh. Is ea, ní hí an Ghaeilge a mheallann ar dtús iad, ach na trí seachtaine a bheidh acu saor ó thuismitheoirí, saor ó rialacha baile. 

Mar sin féin, cruthaíonn na coláistí Samhraidh seo spás do dhaltaí an Ghaeilge a labhairt taobh amuigh den scoil, aithne a chur ar Ghaeilgeoirí eile, agus grá don teanga a chothú nach bhforbraítear sna seomraí ranga.

Ach cén fáth nach bhfuil a leithéid ann do chainteoirí dúchais? 

Is éard a mholaimse ná coláiste samhraidh a mhairfeadh trí seachtaine, ionas go rachaidh na scoláirí i gcleachtadh ar an Ghaeilge a bheith mar theanga cumarsáide eatarthu. Tá sé de nós ag déagóirí gan Gaeilge a labhairt le chéile, fiú más í an Ghaeilge a gcéad teanga. Bhí mé féin ar an gcraic chéanna. Ach má théann tú i gcleachtadh ar theanga amháin a labhairt le duine, is mó seans go gcloífear leis an teanga sin – chothódh sé seo daoine óga as chuile cheard den tír agus é de nós acu Gaeilge a labhairt le chéile ag cur aithne ar a chéile taobh amuigh de rudaí scoile agus, bhuel, tá saol na Gaeilge sách beag, bí cinnte go gcasfaí ar a chéile arís iad. 

Maidir leis an lóistín, bíonn an chraic is fearr ar thuras ar bith nuair a bhíonn chuile dhuine ina gcónaí le chéile. Déan dearmad iomlán ar ranganna Gaeilge agus ar churaclam na hArdteiste. Beidh chuile chineál imeachta ann – spóirt, ranganna amhránaíochta agus damhsa ar an sean-nós, seisiúin cheoil, agallaimh bheirte, lúibíní (gearr le bootcamp an Oireachtais é seo anois). 

Ní hamháin sin, ach tá go leor rudaí ann is féidir a dhéanamh a bheadh iomlán difriúil, cosúil le Escape Rooms, turais chuig baile éigin eile, scannáin, comórtais bheaga, ionaid eachtraíochta, agus mar sin de.Dar ndóigh, ní fhéadfaí dearmad a dhéanamh ar na céilithe ná seóanna tallainne a bhíonn mar imeacht lárnach i chuile choláiste samhraidh ach an oiread. 

Silím go mbainfí an-chraic as, agus nuair a chuimhníonn tú gur dóigh go mbeadh reunion mór ag aon duine a fhreastalaíonn ar an Oireachtas cúpla mí ina dhiaidh, bhuel bheadh sé ina raic.