‘Ba sa Ghaeltacht a phóg mé gasúr den chéad uair’

D’fhás mé féin aníos in Iarthar Bhéal Feirste agus d’fhreastail mé ar Bhunscoil Phobail Feirste. Mar sin de fuair mé oideachas trí mheán na Gaeilge agus ghlac mé leis agus mé óg gur gnáthchuid den saol í an Ghaeilge agus níor smaoinigh mé barraíocht faoi. Ní raibh sé go dtí go raibh mé níos sine gur thuig mé mar is ceart nach sin an chás agus go raibh an t-ádh dearg orm gur roghnaigh mo thuismitheoirí oideachas trí mheán na Gaeilge dom, cé nach raibh mórán Gaeilge acu féin. 

Thug siad muid chun na Gaeltachta ar saoire go minic agus ní dhéanfaidh mé dearmad choíche ar an chéad uair a thug siad go Rann na Feirste muid. Bhí bród an domhain orthu, agus orainne, go raibh muid ábalta Gaeilge a labhairt gach áit sa cheantar; sna siopaí, i dtigh Leo agus bhí cead againn dul chuig na céilithe i gColáiste Bhríde chomh maith. 

Sin nuair a thuig mé mar is ceart go raibh áit ann in Éirinn ar labhair gach duine Gaeilge ann, chan ar scoil agus le cairde áirithe amháin ach achan áit, agus bhí an-áthas orm. Thit mé i ngrá le achan rud fán chuid sin de Thír Chonaill — an tírdhreach, na haibhneacha, an Earagail, an fharraige.

Bhí rud éigin iontach speisialta faoi agus mhothaigh mé san anam é, níor imigh an mothú sin riamh agus faighim go fóill é ag tiomáint siar an bóthar ó Leitir Ceanainn go hiarthuaisceart an chontae. Ní raibh mé liom féin, fuair cuid mhaith den phobal sa bhaile an mothú céanna is cinnte. 

Sna blianta ina dhiaidh na chéad chuairte sin go Rann na Feirste bhuail mé le Gaeil na cathrach ar achan cuairt a thug mé ar Ghaeltacht Thír Chonaill, agus mhothaigh mé i gcónaí go raibh baile as baile againne ansin, ar dhóigh. 

Bhí pobail iontach speisialta againn i gceantair s’againn féin sa bhaile, pobal Bhóthar Seoighe – daoine ar leith a fuair spreagadh iontach ó Ghaeltacht Thír Chonaill agus a labhair faoi go minic linne. Theagasc Seán Mac Aindreasa, fear iontach ó Bhóthar Seoighe,  go ndéana Dia a mhaith air, amhráin Thír Chonaill domsa. Amhráin a chuaigh i bhfeidhm go mór orm agus ceolaim go fóill iad. Spreag na h-amhráin sin an grá atá agam féin do thraidisiúin amhránaíochta Gaeilge na tíre seo.

Labhair Seán liom fán chéad uair a thit sé féin i ngrá le amhrán i nGaeilge, bhí sé i nDún Lúiche agus é óg agus ag foghlaim Gaeilge, chuala sé daoine ag ceol ‘Coinnleach Ghlas an Fhómhair’ i seomra ranga sa Choláiste ansin agus stop sé ag an doras chun éisteacht leo. 

Dúirt sé liom go ndeachaigh sé i bhfeidhm go mór air. Sin an dóigh ar mhothaigh mé féin nuair a chuala mé ‘An Mhaighdean Mhara’ den chéad uair agus mé thart fá naoi mbliana d’aois ar Bhunscoil Phobail Feirste. Ní thiocfadh liom cur síos ar na mothúcháin a spreag sé i mo chroí ach faighim na mothúcháin chéanna sin agus mé i nGaeltacht Thír Chonaill. 

Nuair a bhí mé 13 bliana d’aois chuaigh mé chuig Coláiste Mhachaire Rabhartaigh den chéad uair. D’athraigh sé mo shaol! Saoirse, cairde, an oiread bia agus a thiocfadh leat a ithe agus gasúraí! Sin an chéad uair a phóg mé gasúr agus mé 13 d’aois ag an chéilí mhór, an oíche roimh dul chun an bhaile. Thit mé ‘i ngrá’ leis an ghasúr sin le linn an chúrsa agus ba gnáth liom stánadh air gach oíche ag na céilithe, ag súil go dtiocfadh sé chugam le damhsa a iarraidh uaim ach níor tharla sé. 

Ar an oíche dheireanach, ag an chéilí mhór bhí traidisiún ann go dtabharfadh gach duine póganna dá chéile! Chonaic mé é ag pógadh achan chailín sa tseomra mar sin de, bhí a fhios agam go raibh seans agam fá dheireadh agus go tobann bhí sé ansin os mo chomhair. Phóg sé mé agus shíl mé go raibh mé chun titim i laige. 

Chuaigh mé ar ais arís an samhradh dár gcionn agus an samhradh ina dhiaidh sin fósta. Thit mé i ngrá le Machaire Rabhartaigh, ceantair eile a bhfuil radhairc iontacha ann. Spreag sin an grá atá agam don nádúr, fiú agus mé chomh hóg sin, chuaigh na radhairc agus áilleacht na tírdhreacha i bhfeidhm go mór orm. Cuimhní iontacha.