Bailitheoir Memes
á lorg ag Coimisiún le Béaloideas Éireann?

Ar chóir don Choimisiún le Béaloideas Éireann duine a cheapadh le méimeanna nó memes a bhailiú fud fad na tíre? Síleann Eoin P. Ó Murchú gur chóir.


Ach oiread leis an gcultúr béil agus na scéalta saibhre a bailíodh fud fad na tíre, tá tábhacht leis na memes.

Tá cultúr na híomhá agus an idirlín go mór i dtreis na laethanta seo, agus tá tionchar mór ag an gcultúr seo ar ár saol, mar a bhí i gcás na scéalta tráth.

Tá go leor de shaibhreas cultúrtha na tíre bailithe le chéile i gCnuasach Bhéaloideas Éireann sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

Tá isteach nó amach le dhá mhilliún leathanach de bhéaloideas, breis agus 10,000 uair an chloig de thaifeadtaí fuaime, 70,000 grianghraf agus mórán eile ann. Is fiú go mór a leithéid a bheith againn, ceann de na bailiúcháin is suntasaí ar domhan.

Ach tá cultúr reatha ag imeacht as gach lá beo agus ní bheadh uainn le hé a shábháil ach harddrive amháin.

Cá bhfuil an duine atá inchurtha le Seán Ó hEochaidh, Máire Mac Néill nó Séamus Ó Duilearga ó thaobh méimeanna a bhailiú?

Cá bhfuil an duine a bhuailfeadh Séamus Ennis an cheoil is a choinneoidh taifead ar gach pic grinn a gcuireann Éireannaigh croí nó réiltín leis?

Tá cuid den obair idir lámha ag dreamanna mar Memes na Gaeilge cheana agus tá mórán cuntas ar facebook, twitter agus instagram ach tá easnamh ann.

Foilsíodh méim Mo Farah (thuas), le Aindriú Ó Cathasaigh, ar leathanach Facebook Memes na Gaeilge.

Tá knowyourmeme.com ann do lucht an Bhéarla ach ní fheicim aon cheann atá dírithe ar Éirinn nó ar chinn i nGaeilge.

Cé a bheidh in ann teacht ar an ngreann, an tsaíocht agus an drochthuismitheoir atá le feiceáil san fhíseán ‘pint baby’ i gceann 100 bliain?

Cé a choinneoidh an tuiscint uathúil ar an saol atá le brath i ‘Pintman’ Paddy Losty?

Cad a tharlóidh do na méimeanna maithe faoin sraithphictiúr?

Cheana féin fiú an bhfuil aon teacht ar na méimeanna sin a bhí go mór chun tosaigh sa tsraith sin cosúil le Leonardo D’ith Ceapairío.

Agus teachtaireachtaí amaideacha a chur go daoine a raibh ainmneacha a dhealraigh cosúil le focail Ghaeilge? An caillte ar fad atá siad?

Agus Coimisiún le Béaloideas Éireann ag digitiú go leor dá gcartlann, ar chóir bheith níos forásaí fós agus tosú ar mhemes a bhailiú?

Gan amhras ba chóir, tá an digitiú déanta ar na nua-ealaíona dúchais seo cheana!

Ó thaobh an cheoil dúchais tá Taisce Ceoil Dúchais na hÉireann ann, cad faoi Taisce Memes Dúchais na hÉireann a bheith againn?

Áit a mbeadh ipads ar a bhféadfá breathnú ar fhorás memes ó bhliain go bliain agus ó áit go háit.

Is féidir na comhráite a shamhlú cheana féin ‘Is maith liom an meme sin ach is fearr go mór an ceann a bailíodh i gCúige Mumhan’.

Rud eile de, tosaíodh ar na scéalta béaloidis a bhreacadh nuair b’fhacthas don saol mór go raibh an teanga agus na nósmhaireachtaí ag imeacht as go tiubh tapaidh, mar a bheadh sneachta ag leá sna díoga.

D’fhéadfaí an rud céanna a rá faoi na memes, ann anois ach iad imithe ansin go deo na ndeor. Cé a dhéanfaidh taifead agus taisceadh ar na memes luachmhara seo do na glúnta amach romhainn?

(Mar eolas ba mhaith le hEoin P. Ó Murchú a dhearbhú go bhfuil sé lándáiríre anseo cé go gcaitheann sé leis an ábhar i mbealach spraíúil!)