Béarla: Is breá liom é
Tá plé ionraic faoin teanga de dhíth

Chonaic Mícheál Mac an Bheatha físeán áirithe faoina theanga féin ar líne le déanaí. Spreag sé é chun a thuairim a thabhairt ar theanga eile. Dar leis go bhfuil sé in am dúinn a bheith ciallmhar, réasúnta agus measartha faoin Bhéarla…


Ba mhaith liom rud a dhéanamh soiléir ar dtús – tá Béarla measartha agam agus tá an-ghrá agam dó mar theanga.

Aithním go bhfuil sé tábhachtach do go leor daoine in Éirinn agus go bhfuil sé mar chuid den taipéis shaibhir chultúrtha a chruthaigh Éire na linne seo.

Tá mé ábalta sin a aithint mar is duine réasúnta neamhchlaonta mé – in ainneoin gur cuireadh iallach orm staidéar a dhéanamh ar an Bhéarla ar scoil ar feadh 23 bliain, go mbrúitear orm é gach uair a n-amharcaim ar chomharthaí, agus go mbuaitear é isteach i mo chluasa sna meáin.

Agus na meáin luaite agam, caithfidh mé a rá go léiríonn roinnt de na cláir a chraoltar sa Bhéarla cé chomh bréagach is atá polasaithe craoltóireachta i leith na teanga sin.

Chonaic mise clár amháin agus bhí na daoine seo, Meiriceánaigh amháin leis a fhírinne a rá, ar spáslong ag dul tríd an chruinne ag Béarlóireacht leo – go hiomlán neamhréadúil – ní bheadh Gaeilgeoirí féin ábalta sin a dhéanamh fiú.

Tá Béarla á labhairt acu sa spás? Tarraing an ceann eile!


Ar chlár eile chonaic mé saighdiúirí Gearmánacha ag troid le Rúisigh i rith an Dara Cogadh Domhanda agus iad ag spalpadh Béarla ar nós iriseoirí an Indo.

Cuireann an bhréige seo olc ar dhaoine dar liom agus ba chóir do na meáin Bhéarla éirí as.

Maidir le leabhair Bhéarla, ní léim iad agus níl sé ar intinn agam iad a léamh.

An fáth?

Bhuail na múinteoirí ró-láidir agus ró-fhoréigneach mé agus iad ag brú Dubliners síos mo scornach fadó.

Ba cheart a lua chomh maith nach bhfuil mórán scríofa sa teanga gur fiú a léamh.

Dá mbeadh fiúntas ar bith ann bheadh sé ar fáil i dteangacha eile, ar nós na Gaeilge, cheana féin ar ndóigh.

Cuireadh iallach orm freastal ar scoil lán-Bhéarla mar gur shíl mo thuismitheoirí gurb é sin an rud ceart.

Béarla uilig a bhí le cloisteáil ann.

Caithfidh na Béarlóirí is díograisí aithint nach gcuireann sé seo le hilchultúrachas na tíre ach a mhalairt glan.

Bíonn na scoileanna aonteanga ag brú Béarla ar dhaoine óga go síoraí, rud atá ina bhac iomlán ar chothú tuisceana agus measa faoi chultúir eile na cruinne.

Rud eile ar ndóigh – agus, gabh mo leithscéal, ná glac seo mar mhasla – ach feictear domsa go bhfuil sé iontach garbh mar theanga.

Ní léir na consain, ní dhéantar séimhiú ar bith orthu.

Níl mórán séimh faoi fhoclaíocht an Bhéarla.


“Howar yez diz moornin?” a déarfadh an múinteoir linn.

Seans go n-éisteodh níos mó daoine leis an nuacht i mBéarla dá labharfadh siad le fuaimeanna deasa séimhe Gaelacha.

“And bhif dá R-T-É niús….”

Shílfeá, ag éisteacht le roinnt acu, gur daoine bochta ionphóraithe iad as geiteo éigin i nDeisceart Bhaile Átha Cliath – ní féidir liom bun ná barr a dhéanamh de an chuid is mó den am.

Tá Béarlóirí ag iarraidh go nglacfar leo in Éirinn go forleathan, ach dar liomsa go bhfuil sé réasúnta go leor iarraidh orthu athrú píosa beag ionas go mbeidh sé níos fusa glacadh lena rogha saoil.

Seans gur féidir, mar shampla, glacadh leis an ‘Béarla’ ar chomharthaí sa todhchaí – cé nach féidir le duine ar bith beo ciall dá laghad a bhaint as ‘Claregalway’ – Baile Chláir na Gaillimhe atá i gceist acu.

Ach creidim gur chóir go mbeadh comharthaíocht sa Ghaeilge amháin ar dtús agus gur chóir do Bhéarlóirí glacadh leis sin.

Dá nglacfaidís leis sin, seans go séimheodh rud beag den aighneas atá ann ar an cheist agus gur féidir amharc ar chomharthaíocht dhátheangach theoranta amach anseo – comharthaíocht do thurasóirí mar shampla, cé gur úsáidí i bhfad Gearmáinis agus Fraincis.

Agus ag caint ar cé chomh húsáideach is atá teanga, caithfidh fiú an Béarlóir is dúthrachtaí a admháil nach dtugann an Béarla buntáiste breise dúinn mar Éireannaigh.

Agus an mhórchuid de dhaoine óga na hEorpa ábalta í a labhairt go líofa anois, tá cibé luach eacnamaíochta a bhíodh aici (ag díol muc srl.) imithe go hiomlán.

Bhíodh Béarla áisiúil tráth chun muca a dhíol, níl sé níos mó.


Bheimis i bhfad níos fearr as a bheith ag teagasc trí mheán theangacha na Síne ná a bheith ag caitheamh airgid ar an teanga seo (más féidir teanga a thabhairt uirthi mar níl ann ach bailiúchán de chanúintí, má tá muid macánta) a bhfuil a luach praiticiúil imithe.

Ní gá do Bhéarlóirí dáiríre ach iarracht a dhéanamh Gaeilge amháin a úsáid ar feadh dhá bhliain nó mar sin agus d’imeodh go leor den imní atá ar dhaoine faoin Bhéarla.

Dá ndéanfaidís sin seans go mothódh daoine cosúil liomsa níos compordaí léi agus ábalta ár ngrá don tseoid luachmhar chultúrtha seo a léiriú go poiblí.

Seans fiú go mbeadh duine againne leithéidí “laedaidhs an sintilmén” a rá ag tús ráiteas poiblí éigin mar dhuais – nár mhór an rud é sin.

Ach ag deireadh an lae caithfidh Béarlóirí a bheith réalaíoch.

Gheobhaidh an Béarla bás lá éigin mar glacfaidh teanga agus cultúr níos tábhachtaí a áit sa saol.

Níl ann ach roghnú nádúrtha, ní gá a bheith mothúchánach faoi.