Buailimis bóthar ar son na Gaeilge!
Tarraingt an reatha & 10KM na Ceathrún Gaeltachta

Tá go leor cuimhní maithe agam ó laethanta órga m’óige.

Agus mé ag fás aníos ar imeall bhaile an Iúir, ba bhuachaill óg gnóthach gníomhach mé; i gcónaí ag dul áit éigin, cluiche peile, go lár an bhaile, ar scoil, club óige agus mar sin.

Shiúil mé ann go minic, agus uaireanta rith mé.

Bhíodh dúil mhór riamh agam sa reathaíocht, ó na holl-ócáidí maithe grianmhara sin ar scoil, an Lá Spóirt.

Is maith is cuimhin liom bheith ag rith thar pháirceanna glasa agus fraoch corcra Shliabh gCuillinn, áit a raibh na caoirigh ag m’athair.

Tháinig sé go nádúrtha chugam, agus bhí ciall go leor ag mo thuismitheoirí mé a chlárú le cumann reathaíochta sa bhaile le linn mo bhlianta deireanacha ar an bhunscoil.

Rith mé gach áit, uaireanta rith mé chuig an chumann reathaíochta, agus abhaile arís.

Níor smaoinigh mé mórán air ag an am.

Rith mé, agus b’shin é…

Anois, agus mé o mo dhuine fásta, agus cónaí orm ar bhruach an tSléibhe Dhuibh, tá an tsuim sa reathaíocht athmhúscailte ionam.

rith2

Caithfidh go bhfuil sé i mo chuid fola, rud nár fhág riamh mé óir bíonn daoine ann, agus cairde liom, a deir liom nach dtaitníonn an reathaíocht leo.

‘Leadránach’ nó ‘Liodánach’, uaireanta ‘fadálach’, a deir siad liom.

Bím ag tabhairt a ndúshlán go minic, ach aithním gur rogha phearsanta atá ann fosta, ach nach mbainfí sult as gan toil reatha ag teacht ón duine féin.

Cad chuige a dtéim amach ag rith, mar sin?

Bíonn achan lá sa saol difriúil.

Más lá idir Luan agus Aoine é, is minic dom lá a chaitheamh os comhair ríomhaire, i gcruinnithe, ag léamh tuairiscí nó i mbun aistriúcháin, ag tiomáint nó ar an traein.

Is í an reathaíocht, mar sin, an t-éalú ó dhomhan sin na teicneolaíochta agus an pháipéarachais, éalú ó shaol sin na cumarsáide leanúnaí.

Agus mé amuigh ‘ar an bhóthar’, ní bhíonn ann ach mé féin agus mo chuid smaointí.

Ní chreidfí an méid sin rudaí a sciurdann fríd intinn an reathaí agus é nó í ag sodar faoin spéir.

Is spás atá sa 10 mbomaite, sa leathuair nó san achar áirithe sin duit féin agus don mhonalóg inmheánach úd.

Aimsíonn daoine an spás sin in áiteanna agus i gcomhthéacsanna difriúla; aimsím féin ar an bhóthar é, agus i bhfaiteadh na súl, bím ar ais arís… agus mo chuid aclaíochta don lá déanta.

Níor rith mé le daoine eile go dtí ar na mallaibh.

Bhí an domhan sin pearsanta, ar bhealach, príobháideach domsa.

Chuir an comhluadar sin gné nua, iontach leis an reathaíocht.

Rinne mé mo chéad ‘rás’ nó ‘ócáid’ oifigiúil coicís ó shin ar an Tamhnach Mhór i gContae Aontroma agus an pobal breá Gaeilge ansin ag iarraidh dornán airgid a thiomsú don soláthar áitiúil Gaelscolaíochta agus Naíscolaíochta.

Shíl mé go raibh aclaíocht reatha agam, go dtí go bhfaca mé cuid de na daoine seo.

Daoine ab iad roinnt acu a raibh breis agus an trí scór orthu, agus is iadsan a thug misneach agus comhairle dom agus mé ag titim siar le dhá chiliméadar le dul, iadsan a spreag chun deiridh mé.

Ag an líne chríche chaith mé tamall fada ag comhrá leo sin a bhí ag rith taobh liom, daoine nár casadh orm, agus d’aithin mé láithreach an ghné shóisialta dhaonna den ghníomh.

Rinne mé mo chéad ‘Rith Pairce’ seachtain níos moille.

Caithfidh go bhfuil sé seo ar cheann de na gluaiseachtaí aclaíochta agus nósanna sóisialta is mó fás ar domhan.

D’fhógair @parkrun gur rith 154,837 duine – fir, mná agus páistí – ag an deireadh seachtaine, na rití ar fad eagraithe ag 13,603 oibrí deonach ar fud na cruinne.

Giorraíonn beirt bóthar, nach cinnte…

10km-cg

Anois tá an chéad rás 10KM timpeall na Ceathrún Gaeltachta i mBéal Feirste á eagrú ag roinnt Gael sa chathair.

Ba mhian linn deis a thabhairt do dhaoine teacht amach le chéile agus triail a bhaint as, in ainneoin cumais.

Beidh deis ag daoine a dtearmainn intinne féin a aimsiú, nó, mura bhfuiltear chomh fealsúnach céanna liomsa, ar a laghad gheobhaidh siad deis bheith páirteach in ócáid a bheas ag tiomsú airgid don Ghaelscolaíocht agus don teanga trí chéile.

Agus cá bhfios, seans go meallfaidh sé glúin eile reathaithe chun bóthair, go gcruthóidh sé spás don tsaor-smaointeoireacht sin ar a raibh mé ag caint, nó seans fiú go spreagfaidh sé cumainn úra Ghaelacha sa taobh seo den chathair.

Cumann Reathaíochta Loch Lao, a Ghaela?


Is féidir tuilleadh eolais a fháil, agus clárú, do 10KM na Ceathrún Gaeltachta anseo.