Cainteoirí Bhéarla Bhaile Átha Cliath á lorg do staidéar

Tá teangeolaí as an bhFrainc sa tóir ar chainteoirí Bhéarla Bhaile Átha Cliath le haghaidh taighde atá sé a dhéanamh ar chanúint na hardchathrach. Tá Christophe Coupé i mBaile Átha Cliath le cúpla seachtain anuas agus agallaimh á gcur aige ar chainteoirí Béarla na cathrach agus súil aige “eolas faoin gcanúint mar a bhí sa bhliain 2021 a chaomhnú”. 

Cainteoir dúchais Fraincise é Christophe a tháinig go hÉirinn cúig bliana ó shin agus an bhunchéim sa mBéarla idir lámha aige. Ba é an turas bliana sin go Baile Átha Cliath a spreag a spéis mar theangeolaí sna canúintí éagsúla a chloistear taobh istigh den cheantar beag cathrach. 

“Bhí mé ag staidéar i gColáiste na hOllscoile in 2016, agus bhí mé féin agus cara liom amuigh sa chathair lá. Thrasnaigh mé an droichead go tuaisceart na cathrach agus d’iarr fios an bhealaigh ar dhuine ar an taobh sin, agus bhí a bhlas go huile is go hiomlán difriúil leis an mBéarla a bhí á chloisteáil agam sa cheantar timpeall na hollscoile. 

“Mhúscail sé sin spéis sna canúintí ionam agus thosaigh mé ag léamh faoi bhlasanna Bhaile Átha Cliath. Bheartaigh mé an tráchtas do chéim an mháistir a scríobh faoi Bhéarla Bhaile Átha Cliath, agus mé ag iarraidh a thuiscint cé as ar tháinig na canúintí difriúla. Anois tá PhD ar bun agam agus tá mé ag iarraidh an oiread daoine agus canúintí a thaifeadadh agus is féidir liom,” a dúirt Christophe le NÓS. 

Tá Christophe ag díriú ar an gceantar taobh istigh den chuarbhóthar M50 dá thaighde, ach tá sé sásta dul chomh fada soir le Binn Éadair agus na sráidbhailte mara i ndeisceart an chontae le hagallamh a chur ar dhaoine. 

“Is é an M50 an teorainn faoi láthair. Níl tiomáint agam agus tá mé ag brath go mór ar an iompar poiblí. Bheadh go leor leor taistil agus ama i gceist dá mbeinn ag dul chomh fada ó thuaidh leis na Sceirí nó an Aill. Ní hé nár mhaith liom dul ann, nó nach bhfuil spéis agam sna blasanna agus na canúintí taobh amuigh den M50, ach bheadh sé an-deacair orm dul i bhfad ó thuaidh nó ó dheas,” a dúirt sé.

Tá dhá bhliain den PhD curtha de ag Christophe cheana féin agus súil aige a bheith réidh leis faoi cheann dhá bhliain eile. Dúirt sé gur chuir na srianta a tugadh isteach in aghaidh an víris chorónaigh go mór isteach ar a chuid taighde, ó tharla nárbh fhéidir leis teacht go Baile Átha Cliath le labhairt le muintir na háite. 

“Tá an taighde á dhéanamh agam leis an Centre d’Études Linguistiques (CEL) sa Fhrainc agus is ann atá mé lonnaithe den chuid is mó. Theastaigh uaim teacht go Baile Átha Cliath le haghaidh na n-agallamh – ní féidir a leithéid a dhéanamh i gceart ar líne – ach chuir an chíor thuathail faoi Covid an plean sin bunoscionn. Rinne mé obair eile ar an gcanúint le linn na ndianghlasálacha, ní raibh mé in ann rud ar bith eile a dhéanamh, ach tá mé anseo anois leis an gcuid thábhachtach seo a dhéanamh,” a dúirt sé. 

Tá daoine aimsithe ag Christophe i mBaile Átha Cliath 1/2/6/7/8/24 agus i mBinn Éadair agus Dún Laoghaire go dtí seo. Cuirfidh sé fáilte roimh dhaoine eile as na ceantair sin ach ba mhaith leis labhairt le daoine atá in áiteanna eile sa chathair dá thaighde freisin. 

Agallamh tuairim is 35-45 nóiméad a bheidh i gceist agus é roinnte ina thrí mhír – comhrá nádúrtha le cara a ndéanfar taifeadadh air, agallamh leis an teangeolaí faoin gcanúint, agus mír léitheoireachta ina n-iarrfar ar an agallaí liosta focal agus téacs a léamh os ard. 

Is fearr, mar sin, go ndéanfadh beirt chairde nó beirt ghaolta an t-agallamh le chéile le go mbeidh Christophe in ann an ‘comhrá nádúrtha’ a thaifeadadh. Ní choinneofar sonraí na rannpháirtithe agus beidh an deis ag gach rannpháirtí an t-agallamh a choinneáil ón staidéar mura mbíonn sé sásta leis.

Cainteoirí Béarla as Baile Átha Cliath atá á lorg aige – is é sin le rá daoine a rugadh agus a tógadh i mBaile Átha Cliath, daoine a bhog ann agus iad an-óg, daoine a fuair a gcuid scolaíochta sa gcathair, nó daoine a chaith formhór a saoil i mBaile Átha Cliath.

Tá Christophe sásta taisteal go háit ar bith taobh istigh den cheantar taighde le hagallamh a chur ar dhaoine ina dteach féin (tá an dá shnáthaid faighte aige agus caithfidh sé clúdach aghaidhe, a deir sé) nó is féidir agallamh a shocrú leis i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. 

Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an teangeolaí ar an bhfón: 083 481 8179  nó ar ríomhphost: dublinenglishresearchstudy@gmail.com.