Cé hé an cainteoir dúchais Gaeltachta?

Rugadh agus tógadh mé sa nGalltacht. Sin é tús mo scéil agus mo dhán. Is cainteoir dúchais Gaeilge mé a fáisceadh as teaghlach Gaeltachta sa nGalltacht. Ar ndóigh ní muid an chéad dream rinne é seo agus ní bheidh muid ar an dream deireanach ach an oiread. 

Tá sé mar bharúil ag daoine, nach furasta an rud é clann a thógáil le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht. Cé nach ceantar Gaeltachta é Ros Cathail anois, tá an fhéith Ghaelach sin a bhí fairsing san áit tráth, fós i gcaint agus i nádúr na ndaoine. Ar ndóigh nuair a tháinig mo mhuintir go Ros Cathail ar dtús níor chuir muintir na háite araoid ar bith orthu. 

Bhí agus tá muid inár gcadhain aonair mar theaghlach ó thaobh na teanga sa gceantar. Is mise an duine is sine de cheathrar leaids, agus sí an Ghaeilge atá againn lena chéile i gcónaí. Ar ndóigh ní raibh rogha ar bith againn ach Gaeilge a labhairt. Ón lá ar leagadh ar an sop muid níor labhair Mama ná Deaide focal Béarla linn. Ní bheadh sé nádúrtha do mo mháthair, bean as an Trá Bháin, Béarla a labhairt linn. Idir ghreann, ghol, ghaisce, sciolladh agus mhagadh, is i nGaeilge amháin a déanadh é sin.

Cé go bhfuil an ‘Ghaeltacht’ oifigiúil cheithre mhíle soir an bóthar uainn, tá muid chúig mhíle dhéag ón gceantar fíorGhaeltachta is gaire dúinn. 

Tá a fhios ag an bpobal thart orainn gurb í an Ghaeilge a labhraíonn muid sa mbaile, ach tá daoine ann fós a dhéanann iontas gurb í amháin atá againn. ‘Ye’re into the Irish sure’, ‘Sure ye do be talkin’ the Irish at home’, ar nós gur rud í atá mar chaitheamh aimsire againn. Ach sin dearcadh soineanta an Bhéarlóra, gan cleachtadh acu gur rud é atá in ann tarlú (taobh amuigh den Ghaeltacht). Is í an íocshláinte againn í agus sin a chleacht muid i riamh.

Is é an tógáil a bhí againn ná go labhródh muid Gaeilge le teann nádúir agus go mbeadh muid buacach bródúil aisti i gcónaí. Thosaigh mo mháthair naíonra in Uachtar Ard ionas go mbeadh muid in ann réamhoideachas bunscoile a fháil i nGaeilge, deis nach raibh le fáil san áit roimhe sin. Bhí sé mar rún aici go mbeadh oideachas faighte againn inár dteanga féin.

Scoilín mhaith a bhí sa mbunscoil ach bhí easpa tuisceana ann gurbh í an Ghaeilge amháin a labhair muid sa mbaile. Bhí sé ina churaíocht teanga sa mbunscoil, idir an Ghaeilge “s’againne féin”, Gaeilge na scoile agus an Béarla. Tréimhse ghuagach a bhí ann. Nuair a bhínn ag caint leis na gasúir eile sa rang nó amuigh sa gclós, bhínn i mo údár fonóide acu agus iad ag caint liom. Cailicéireacht agus fiodmhagadh seasta uaidh ghasúir eile maidir leis an gcaoi a ndeirinn rudaí. 

Is beag ugach agus seans a tugadh dúinn ó thaobh ár gcanúna sa mbunscoil go dtí go ndeachaigh muid ag an meánscoil. Ní chuirfinn an milleán ar na múinteoirí go hiomlán sa gcás sin, ach ní raibh ár gcanúint Ghaeltachta ag duine ar bith acu, cé gur ag bunscoil ‘Ghaeltachta’ a bhí muid i Maigh Cuilinn.

Níor tháinig aon athrú go dtí gur thosaigh muid i gColáiste na Coiribe, áit a raibh múinteoirí as Conamara againn, rud a chuir ar ár gcompord go mór muid. Bhí an mheánscoil ar nós gaoth choscartha, áit ar threascair muid an náire sin a bhí againn ón mbunscoil. Is beag caidéis faoin ár gcuid Gaeilge a fuair muid sa meánscoil.

Agus muid ag dul in inmhe tháinig díle saibhris chugainn agus thuig muid gur dheacair an tseanchaint a shárú.

Chaitheadh muid samhraí séanmhara ar an Trá Bháin chuile bhliain, áit a dtagadh slacht agus smais ar ár gcuid cainte. Cuireadh ar champaí samhraidh muid thiar freisin ionas go mbeadh seans againn bheith i gcomhluadar gasúir eile a labhair Gaeilge sa mbaile. Sin í an Ghaeilge atá beo dúinne, áit a bhfuair muid gean ar ghaois agus ar bhinneas béil ár muintire. 

Ar ndóigh bhí an imní ann go mbeadh éagmais saibhris ann mar gheall nach raibh muid lonnaithe sa nGaeltacht, ach céard nach raibh againne a bhí ag an ngnáthpháiste Ghaeltachta? Théadh muid agus téann muid siar fós ar an dúchas chuile dheireadh seachtaine go dtí an Trá Bháin áit ina bhfuil na hamhráin, seanchas, béaloideas, agus an saibhreas teanga sin go smior.

Cé gur tógáil Ghaeltachta a bhí agus atá againn, agus muid fáiscithe as teaghlach bhfuil an Ghaeilge ag tál aisti gan dealú, bhfuil muide in ann ‘cainteoirí dúchais Gaeltachta’ a thabhairt orainn féin, cé gur tógadh muid sa nGalltacht?Cé hé an cainteoir dúchais Ghaeltachta sa lá atá inniú ann? 

Tá gasúir dhá dtógáil le Béarla sna Gaeltachtaí, an mbeadh tú in ann ‘cainteoirí dúchais Béarla na Galltachta’ a thabhairt orthu sin? Nach a mhalairt a rinne an mhuintir s’againne féin anseo i Ros Cathail, sa nGalltacht? Níl ansin ach lom na fírinne.

Thaispeáin mo mháthair nach gcaithfidh tú clann a thógáil sa nGaeltacht lena go mbeidh Gaeilge nádúrtha acu. Ní hí mo mháthair an chéad duine de mhuintir s’againne féin a rinne é seo. Rinne seanaint le mo mháthair, Mary Mháire Sheáinín, máthair na gConnollys iomráiteacha, an éacht chéanna i mBaile an Bhriotaigh, taobh thoir de Ghaillimh.

Thug a mac Joe an óráid is deise agus is binne i nGaeilge riamh i stair an CLG nuair a bhuaigh Gaillimh Craobh Iománaíochta na hÉireann in 1980. Tháinig an mórtas cine agus Gaeilge an chliabháin amach le linn na hóráide. Í blasta ceochánta, agus í ina macalla ón talamh eibhreach agus ón bhfarraige thiar. Í ag foluain ar a theanga mar a a bheadh curach amuigh ar dhroim na bóchna. Ní dhearna sé féin ná a chuid deartháireacha agus deirfiúracha dearmad riamh ar an muintir thiar, an dream a bhí ceansaithe caoithiúil leo agus iad óg.

Dáimh ghaoil agus muintearais a thagann leis an nGaeilge, ceangal leis an bpobal atá thiar, mar a bhí ag na Connollys. Murach an Ghaeilge is beag beann b’fhéidir a bheadh muid ar ár muintir agus ar ár n-oidhreacht. Mórtas cine atá ann, an teanga mar iarmhais seanda atá sa mianach, atá deacair le tréigean. Mar a d’airigh muid go minic anseo sa mbaile, ‘an bairille a mbíonn an fíon ann, fanann cuid de sna cláir’. B’fhéidir go bhfuil an braon ar fónamh ionainn agus tá súil agam go bhfuil.

Mar a dúirt Joe Steve Ó Neachtain, go ndéana Dia grásta air, faoin gcainteoir líofa tráth, ‘go mba filíocht gach focal agus cora cainte dá dtagadh amach as a mbéal’. Tá féith fileata agus fios labhartha ag chuile chainteoir dúchais, ina dteanga fhéin. I ndeireadh na dála is teanga éadálach í an Ghaeilge gan fál, Gaeltacht nó Galltacht, cuma cá dtógtar thú.