‘Coinneoidh mise mo mhisneach agus an Ghàidhlig á labhairt agam’

Spreag colún a scríobh Críostóir Piondargás ag tús na míosa Màrtainn Mac a’ Bhaillidh, Gael as Albain, peann a chur le pár faoina thaithí féin leis an nGàidhlig.

Is mór is trua liom é chuile uair a chloisim faoi dhuine éigin atá tar éis a dhóchas a chailleadh. Ach is é nádúr na streachailte, de chineál ar bith, go dtarlóidh sé uaireanta. 

Níor thosaigh mé ag foghlaim Ghaeilge na hAlban ag ceapadh go bhfaighinn aon cheo aisti. Bhí a fhios agam go raibh sí i mbaol a báis agus nuair a ceistíodh mé faoi sin agus mé ag obair in oifig ailtireachta in Berlin ag an am, bhí náire orm. 

Bhí mé aineolach go leor faoin gcúis – ghlac mé leis gur teanga náisiúnta na hAlban í, cé gur Doric, Albainis cheantar Obar Dheathan, a labhraíodh mo sheanathair. Mar sin féin, shíl mé go raibh dualgas orm Gaeilge na hAlban a fhoghlaim le tacú léi, le troid in aghaidh an domhandaithe atá gan meas ar aon rud nach bhfuil brabús le baint as.

Bhí mé sa mbliain dheireanach den ollscoil ag an am – cúpla bliain roimh an gcúlú eacnamaíochta in 2008 – agus bhí baint mhór agam le taighde ar an gcaoi le sochaí iar-chaipitleach a chruthú. 

Bhí sé soiléir dom gurbh í saint an chaipitleachais agus a chóras impiriúil a rinne scrios ar Ghaeilge na hAlban agus ar an draoi teangacha eile, rud a chreidim fós. Bhí tionchar mór ag Pàdruig Geddes orm ag an am, agus é ag rá “bíodh dearcadh domhanda agat, ach bí i mbun gníomhaíochta i measc phobal na háite”. 

Mar sin, ón tús ar fad thuig mé go raibh baint agam le streachailt. Níor shíl mé go mbeadh sí furasta, ach cosúil le streachailtí eile ar son an chomhionannais – feachtasaíocht in aghaidh an chiníochais nó cibé leatrom eile – is ceart agus is cóir an streachailt í.

Bhí tionchar mór ag eiseamláir na hÉireann orm ón tús. Bhí mé ag siúl amach le hÉireannach ar feadh blianta, agus mé sa tír go minic. Rinne mé cairdeas le go leor Éireannach san ollscoil, agus le roinnt eile tar éis dom Gaeilge na hAlban a fhoghlaim. 

Níl dabht ar bith ach go bhfuil cúrsaí níos fearr in Éirinn ó thaobh na teanga de, ach baineann go leor de na “cearta teanga” atá in Éirinn le siombalachas, ar an drochuair. Nuair a bhreathnaítear ar líon na gcainteoirí dúchais agus na gcainteoirí laethúla taobh amuigh den chóras oideachais, déarfainn nach bhfuil an difríocht idir cás na hÉireann agus na hAlban chomh mór sin. Agus go deimhin, mar a léirigh an tOllamh Pádraig Ó Riagáin, bíonn na líonraí de Ghaeil uirbeacha in Éirinn i gcónaí leochaileach agus i mbaol go gcaillfear cainteoirí a éiríonn tinn den chúis!

Níl dabht ar bith ach go bhfuil tuilleadh daoine óga in Éirinn atá spreagtha i leith na teanga agus a chaitheann a saol trí Ghaeilge, ach fós níl an oiread sin acu ann i ndáiríre. Cloisfidh tú na gearáin chéanna ó thaobh úsáid teanga in Éirinn, faoi “Ghaeil phroifisiúnta” a labhraíonn í ag an obair amháin. 

Cé gur briseadh croí dom é chomh lag is a bhíonn Gaeil na hAlban amanna ó thaobh úsáid na teanga de, tuigim gur ceist chasta í seo. Tuigim gur tógadh cainteoirí óga dúchais i bpobal atá ag athrú, timpeallaithe ag daoine ar insíodh dóibh nach raibh luach ar bith sa teanga agus gurbh é Béarla teanga an fhoráis. 

Tuigim go bhfuil go leor dúshlán eile roimh na pobail seo, agus go n-airíonn siad nach féidir an taoide a chasadh in aghaidh an iompaithe teanga. Ní é go bhfuil daoine ag roghnú an Bhéarla nuair atá rogha shaor agus furasta acu a mhalairt a dhéanamh. Tá córas eacnamaíochta agus polasaithe polaitiúla á dhéanamh thar a bheith deacair dóibh a bpobail féin a choinneáil beo.

Tá an t-athneartú teanga in Éirinn agus in Albain araon bunaithe ar pholasaithe siombalacha náisiúnta den chineál a mhol an sochtheangeolaí Joshua Fishman a sheachaint. I bhfocail an fhealsaimh cháiliúil sin, Biolbó Ó Baigín, tá muid “ag leathadh beagán ime ar an iomarca aráin”. Nó, mar a déarfadh Fishman, tá muid ag tógáil

institutions without foundations, as well as institutions that must constantly be revitalised anew (and as Second Language institutions to boot) from the ground up, generation after generation, rather than instituting any self-priming intergenerational momentum.

Sin an deacracht leis an gcaoi a bhfuil rudaí in Albain agus in Éirinn, go leanann muid polasaithe nach dtugann túsáite do chroíphobal na teanga. Tá dearcadh nua-liobrálach againn ar chúrsaí teanga, gur rud í an teanga a roghnaíonn an duine aonair chun obair a fháil, nó mar chaitheamh aimsire. Ach caithfidh pobail, grúpaí daoine atá ina gcónaí gar dá chéile, í a labhairt mar phríomhtheanga an cheantair, ní mar rogha phearsanta nó pholaitiúil, ach toisc gurb é a rogha nádúrtha féin é. 

Tá sé furasta misneach agus dóchas a chailleadh i gcúis ar bith – bhí mo thuismitheoirí féin i gcónaí searbh faoi cé chomh dona is a bhí cúrsaí oideachais in Albain, agus níl cúrsaí ailtireachta go maith ach oiread, agus leasa trádála ag scriosadh bailte, pobal agus na timpeallachta. 

Cé gur ráiteas seanchaite é ar bhealach, tá cuid mhaith den fhírinne sa ráiteas “is aoibhneas é an t-aineolas”. Más duine feasach thú a chuireann suim i gcúrsaí atá níos mó ná do shaol beag féin, bíonn fulaingt agus briseadh croí ann, gan dabht. 

Ach oiread leis an teanga, níl mórán dóchais ann ó thaobh na timpeallachta agus ollscrios dochreidte ag tarlú don domhan nádúrtha chuile lá, ach mar sin féin caithfidh muid iarrachta dhéanamh troid in aghaidh an scriosta uafásaigh seo. Mar sin, coinneoidh mise mo mhisneach agus mé ag troid le haghaidh domhain níos fearr, sult agus spraoi ann nó as.