Comhairle Chabaireachta
8 seift le mionchomhrá maith a dhéanamh!

De réir mar a théann ár gcolúnaí Louise Smith in aois, is amhlaidh is mó a thuigeann sí go bhfuil gá leis an chabaireacht. Chuige sin, tá 8 seift aici a rachaidh chun tairbhe dúinn agus muid ag iarraidh mionchomhrá maith a dhéanamh!


1.) Ábhar iontach cainte is ea an aimsir!

Bíonn fáilte roimh chaint ar an aimsir i dtólamh. Sa tír seo, spreagfaidh abairtín beag faoin bháisteach throm comhrá bríomhar.

Sna tréimhsí gairide idir na séasúir, cuirtear fáilte roimh chur síos cuimsitheach ar an aimsir – deis iontach atá ann scileanna na cabaireachta a léiriú.

Luigh isteach mar shampla ar shíneadh nó giorrú na laethanta.

Más fear mór cabaireachta an duine atá ag labhairt leat, tig leat talamh slán a dhéanamh de go léireoidh sé bréagiontas sna hathruithe seo.


2.) Coinnigh éadrom é

Nuair a chuirtear an cheist, “Cad é mar atá tú?” tá sé iontach tábhachtach a aithint cén cineál freagra a bhfuiltear ag súil leis: cúpla focal gonta nó freagra ceart domhain.

Beidh sé seo ag brath ar an chaidreamh atá agat leis an duine eile agus ar an áit ina bhfuil sibh ag caint. Mura bhfuil mórán aithne agat ar an duine eile, coinnigh éadrom é, go háirithe má tá go leor daoine eile thart oraibh.

In amanna, déanann daoine faux pas sóisialta.

Freagraíonn siad an cheist go hionraic nuair nach bhfuil gá leis. Seachain an míchompord agus tabhair freagra deas éadomhain.


3.) Coinnigh gairid é

Maireann mionchomhrá achar áirithe ama.

Má tá an chuma ar an scéal go bhfuil an chabaireacht ag iompú ina chomhrá ceart, tá an baol ann go gcuirfidh tú isteach ar an duine eile.

De réir mar a théann tú i dtaithí ar an spruschaint áfach, éireoidh sé níos fusa a mheas cad é an tréimhse oiriúnach ama faoi choinne mionchomhrá.

Is fearr i bhfad scéalta móra fada a sheachaint agus achoimre éifeachtach ghonta a dhéanamh ar eachtraí ón deireadh seachtaine, mar shampla.


4.) Cuir muinín san athrá

I gcás na mionchainte, níl aon teorainn leis an líon uaireanta a thig leat an rud céanna a rá leis an duine céanna san áit chéanna.

Taobh amuigh den aimsir, tá ábhair eile ann ar féidir leat tagairt rialta a dhéanamh dóibh: drochshlaghdán atá ag dul thart, an teas nó an fuacht an tseomra, praghas díosail agus tú a bheith ag dúil go mór leis an deireadh seachtaine.


5.) Déan gáire

Sa spruschaint, deir daoine rudaí a bhí measartha greannmhar an chéad uair a dúradh iad ach nach bhfuil greannmhar níos mó.

Mar shampla, nuair a bhíonn daoine ag fanacht ag stad bus ar feadh tamaill agus ansin tagann trí bhus in éineacht lena chéile, is gnách tagairt mhagúil a dhéanamh dó. “Nach mbeadh a fhios agat go dtiocfadh siad uilig le chéile!” Má deirtear a leithéid leat, déan gáire beag amhail is gurb é an chéad uair riamh é a chuala tú an jóc beag sin.


6.) Smaoinigh ar an lucht éisteachta

Níl gach cineál ábhar cainte fóirsteanach d’achan duine, ar ndóigh.

Tá téamaí áirithe sábháilte go leor, ach caithfear a bheith cúramach nach ndéantar tagairt do rud ar bith conspóideach.

Mar shampla, cé go bhfuil sé go hiomlán inghlactha ceisteanna polaitíochta, caidrimh agus cúrsaí airgid a phlé le do chuid cairde, éiríonn daoine míchompordach má roghnaítear ábhar mí-oiriúnach.

Má tá amhras ar bith ort faoi na rudaí a bhfuil suim ag an duine eile iontu, ná gabh sa tseans. Cuir ceisteanna ginearálta orthu faoin deireadh seachtaine nó déan gearán faoin tsaol nó faoi chúrsaí oibre.


7.) Tabhair aird ar chomharthaíocht choirp 

Coinnigh súil ar an chomharthaíocht choirp le linn babhta spruschainte.

Má thiontaíonn an duine eile uait, má thugann sí coiscéim nó dhó ar gcúl nó má amharcann sí go míshuaimhneach ar an chlog nó ar a ríomhaire féin, tá sé in am duit an mionchomhrá a thabhairt chun críche.

In amanna, tagann na comharthaí i bhfoirm labhartha fosta, agus má chluineann tú duine a rá, “’S ea, ’s ea, ’s ea,” go gasta, nó má deir siad go bhfuair siad glaoch práinneach ar an ghuthán, bíodh a fhios agat go ndeachaigh tú thar fóir leis an mhionchaint.


Cuir deireadh snasta leis an mhionchaint

Tá cásanna áirithe ann ina bhfuil an spruschaint riachtanach: agus tú ag fanacht le citeal fiuchadh, le ping ón oigheann micreathonnach, nó i scuaine sa bhialann oibre.

Go ginearálta, tagann deireadh soiléir nádúrtha leis an mhionchomhrá nuair a bhíonn an citeal fiuchta, nuair a chluintear an ping nó nuair a chuirtear idirbheart i gcrích.

In amanna eile, caithfear deireadh a chur leis an chaint go snasta sula n-iompaíonn sí ina gnáthchomhrá.

Bain triail as na habairtí úsáideacha seo: “Cogar, níl mé ag iarraidh tú a choinneáil; scaoilfidh mé leat.” “Caithfidh mé rith anois, ach tóg go bog é.” “An é sin an t-am?” “Sure, beidh mé ag caint leat go luath.”

Tá daoine ann nach bhfuil aon aird acu ar an chabaireacht.

Mar sin féin, is cleachtadh forleathan atá ann.

Má chloíonn tú leis na rialacha seo, bainfidh tú go leor tairbhe as an spruschaint.

Líonann sí bearnaí ciúnais, tugann sí sos ón scáileán duit, leagann sí béim ar thábhacht na haimsire agus ó am go chéile, foghlaimíonn tú rud éigin.