‘Conas is féidir le hOifigeach Pleanála Teanga duine a mhealladh lena shaol a chaitheamh trí Ghaelainn?’

Is é bun agus barr na pleanála teangan, dar liom féin, ná iarracht a dhéanamh, meon an duine i leith na Gaeilge a athrú. Cá dtosnófá, fiú, á thriailt sin? Táimid ar fad ag déanamh ár ndíchill gach lá an bia ceart a ithe, a bheith aclaí, ár gcuid oibre a dhéanamh, an tig a ghlanadh, súp a bhaint as an saol, aire a thabhairt dár gclann agus a bheith inár ndaoine maithe, gan trácht ar ualach eile a chaitheamh anuas orainn, is é sin an Ghaeilge a fhoghlaim. 

An ualach é, ár dteanga náisiúnta, áfach? Is í an fhírinne ná, ní hí teanga chách í, fiú cuid acu sin atá ina gcónaí sa Ghaeltacht le fada an lá anois. Ní orthu san atá an locht. Tá cuid acu báúil don dteanga agus níl cuid eile acu agus is mar sin atá i ngach gné don saol, ní hamháin cúrsaí teangan. Is maith le cuid againn tae le bainne tríd agus ní maith le cuid eile. Is amhail don dteanga.

Tá mo chroíse daingnithe sa teanga, ach ní hí an teanga féin amháin a bhfuil lé agam léi. Tá amhráin na teanga, drámaíocht na teanga, logainmneacha na teanga, pearsana na teanga, saíocht agus ársacht na teangan, seanfhocail agus ceachtanna na teangan ná fuil sa Bhéarla, difríochtaí canúna na bparóistí agus na gceantar Gaeltachta agus is iomaí rud eile. 

Dá mbeadh mo chuid féiniúlachta le tarrac ar phóstaer, bheadh na nithe sin ar fad ann, iad tarraingthe go daite, go grámhar. Tógadh na haon phíosa domsa i gcorplár na Gaeltachta le Gaolainn bhinn bhlasta Nain is Ghag is Mham, Raidió na Gaeltachta casta ó dhubh dubh, na comharsana ag teacht isteach ag imirt chártaí agus na spéireataí, na muileataí is na cleasa agus na speacha ar fad á n-ionrabháil is á gcaitheamh ar a chéile go fileata, ach go nádúrtha. 

Is nádúrtha domsa comhaireamh i nGaeilge agus cuimhneamh sa teanga leis, a bhuíochas don tslí ar tógadh mé. Deir an eagraíocht Tús Maith, i gCorca Dhuibhne, gurb iad na blianta luatha de shaol an linbh na blianta is tábhachtaí chun iad a thumadh sa teanga agus i saol na teangan; bheith páirteach in imeachtaí agus a leithéid, a bhfuil taitneamh le baint astu, agus ráiníonn sé gur i nGaeilge atá na himeachtaí sin á reáchtáil. Tá ana-ana-obair á dhéanamh ag Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne agus na heagraíochtaí atá faoina gcúram agus sin alt eile ar fad. Níl a sárú ann, i ndáiríre.

Cinnte, deineann an teanga saibhir sinne, a bhfuil sí ar a toil againn agus is mó deiseanna fostaíochta agus eile a thagann inár dtreo dá réir. Sin é an t-ábhar meallta a bhíonn agam féin nuair a bhíonn cainteanna á dtabhairt agam babhtaí do scoláirí meánscoile, atá ag cuimhneamh ar a ngairmeacha beatha amach anseo. “Bain triail aisti. Cad atá le cailliúint agaibh?” a deirim.

Tuigim go bhfuil níos mó i gceist le pleanáil teanga ná iarrachtaí daoine atá á ceal a shú isteach i saol na Gaeilge. Tá dualgais leis ann ó thaobh an chainteora líofa, ach ní baol dúinne, ar shlí, cé gur breá linn, den gcuid is mó a bheith ag freastal ar ócáidí saibhrithe teanga, ar nós Allagar na hAoine le Toose Mac Gearailt.

Is í an cheist is mó atá agam ná conas is féidir le hOifigeach Pleanála Teanga an cainteoir ná fuil líofa a mhealladh chun suim, ar an gcéad dul síos, a bheith acu a saol a chaitheamh trí Ghaolainn?

Níl freagra na ceiste agamsa. N’fheadar an bhfuil sé agaibhse? Iomaire fada le treabhadh, cinnte, ach de réir a chéile a thógtar na caisleáin.