Cúig údar imní don Iodáilis i ré an Bhéarla

Le tamall de bhlianta anuas, tá an t-ollamh ollscoile agus teangeolaí Claudio Marazzini ag iarraidh aird a tharraingt ar mheath na hIodáilise. Is ea, meath na hIodáilise. Is aisteach an rud é, cheapfá, meath a lua le teanga a bhfuil stair agus cultúr chomh láidir saibhir sin aici agus an oiread sin cainteoirí dúchais aici. Ach dar le Marazzini go bhfuil an teanga ag dul i léig ar roinnt cúiseanna. Seo a leanas cúig cinn de na húdair imní atá air faoi mar a luann sé iad ina leabhar ‘L’italiano è meraviglioso’ (‘Tá an Iodailis go hiontach’):

1) Meon géilliúil na gceannairí i leith an Bhéarla

Tá ag teip ar cheannairí na hIodáile meas agus bród a chothú i leith na hIodáilise sa bhaile agus i gcéin. Is mór an fuadar a bhíonn orthu an Béarla a leathadh san Iodáil agus tapaíonn siad gach deis tiontú ar an mBéarla ag ócáidí idirnáisiúnta seachas a dteanga dhúchais a chur chun cinn os comhair an tsaoil. 

Is í an fhadhb is mó atá le sárú ag an Iodáilis, dar le Marazzini, ná easpa muiníne na nIodálach inti, go háirithe na hIodálaigh is mó tionchar agus cumhacht sa tsochaí agus is mó a bhfuil freagracht orthu as cinniúint na teanga dá réir sin. Deir Marazzini nár cheart an teanga a fhágáil faoi aicme cheannasach na tíre a thuilleadh mar is dream iad a bhfuil dúil chráifeach acu sa domhandú neamhshrianta agus iad lánchinnte de gur athrú chun feabhais é úsáid an Bhéarla. 

2) Béarla sa saol acadúil

I réimsí acadúla áirithe san Iodáil, tá an lámh in uachtar ag an mBéarla agus gan é ar a gcumas ag an lucht léinn a gcuid taighde a phlé gan stró in aon teanga eile. Is fíor sin go háirithe i gcás na matamaitice, na heolaíochta, na hinnealtóireachta, an leighis agus na tréidliachta. Is sa Bhéarla a fhoilsíonn taighdeoirí Iodálacha os cionn 90% dá gcuid oibre sna réimsí sin agus déantar faillí i saothrú na hIodáilise iontu dá bharr. Mar gheall air sin, is beag cumarsáid a dhéanann na heolaithe leis an ngnáthphobal san Iodáilis agus ní fhoilsítear leabhair eolaíochta atá dírithe ar an ngnáthphobal ach go ró-annamh, a deir Marazzini. Dar leis gurb é sin cuid den chúis go bhfuil an oiread sin aineolais ann maidir le ceisteanna eolaíochta i measc mhuintir na hIodáile.

3) Scolaíocht trí Bhéarla

Tá an sodar i ndiaidh an Bhéarla forleathan sa chóras scolaíochta trí chéile: i súile thuismitheoirí na hIodáile, is ionann dea-oideachas a thabhairt dá bpáistí agus greim maith a thabhairt dóibh ar an mBéarla. Is iomaí scoil Iodálach a chuireann curaclam idirnáisiúnta Cambridge ar fáil, curaclam a mhúintear trí mheán an Bhéarla agus a mharcáiltear de réir critéir choimhthíocha seachas gnásanna marcála na hIodáile. Tá sé in ainm agus dearcadh ‘idirnáisiúnta’ a thabhairt do dhaltaí ach fágann sé easnamhach a n-eolas ar a dteanga agus ar a gcultúr féin. Thairis sin, tá an Béarla á leathadh mar theanga an teagaisc i ngnáthscoileanna na tíre de réir a chéile, in ainneoin nach bhfuil caighdeán Béarla na múinteoirí thar mholadh beirte. Chun lagchumas Béarla na múinteoirí a leigheas, tugadh riachtanas isteach i mbliana gur gá don ábhar múinteora caighdeán sásúil a bhaint amach sa Bhéarla sula gcáilíonn sé. 

Faisean eile atá ag aicme cheannasach na tíre ná a bpáistí a chur ar scoil thar lear ar mhaithe le Béarla a fhoghlaim. Buille eile is ea é do stádas na hIodáilise – mura gceapann na daoine is mó cumhacht agus stádas sa tsochaí gur fiú dá bpáistí scolaíocht a fháil ina dteanga dhúchais, tabharfar le tuiscint don chuid eile den phobal gur teanga den dara grád í. 

4) Féiniúlacht lag mhuintir na hIodáile

Bhí muintir na hIodáile riamh chomh dílis sin dá gceantar agus dá gcanúint áitiúil féin gur dheacair féiniúlacht ghinearálta Iodálach a chur chun cinn ina measc fiú tar éis aontú polaitiúil na tíre sa 19ú haois. Is tír réasúnta óg i gcomhthéacs na hEorpa í an Iodáil agus gan í tagtha in inmhe riamh, dar lena lán. Tá daoine ann a bhfuil a laghad sin geana acu ar an Iodáilis chaighdeánach gur mhian leo go múinfí na canúintí agus teangacha réigiúnacha ar scoil, in éineacht leis an mBéarla, agus nach múinfí an Iodáilis chaighdeánach ar aon chor. Toisc an fhéiniúlacht náisiúnta a bheith lag, is lú an chosaint atá ag muintir na hIodáile i gcoinne brú ón mBéarla ná mar atá ag pobail teanga eile

5) Leathadh an Bhéarlachais i measc an ghnáthphobail

Dar le Marazzini go bhfuil fonn rómhór ar Iodálaigh glacadh go neamhchriticiúil le téarmaí ón mBéarla gan a bhfiúntas a cheistiú nó a fhiafraí díobh féin an bhfuil a gcomhionann ar fáil san Iodáilis cheana féin. Ós rud é go mbíonn na nuachtáin lán den Bhéarlachas agus go mbaineann aos eagna na tíre leas flúirseach as, scaiptear é i measc an ghnáthphobail de réir a chéile, fiú ina measc siúd atá ar bheagán Béarla. Is é atá tagtha chun cinn ná meascán den Bhéarla agus den Iodáilis – Italinglese – a ghlacann daoine chucu féin i ngan fhios dóibh féin uaireanta nó chun a chur in iúl gur daoine sofaisticiúla agus nua-aimseartha iad uaireanta eile. Agus muintir na hIodáile ag iompú ar an mBéarlachas, is iomaí focal Iodáilise atá á chaitheamh i dtraipisí acu, focail atá úsáideach sa saol laethúil chun cur síos ar choincheapa, ar nithe agus ar ghníomhartha, nó chun a ndearcadh saoil féin a léiriú.