Dá mbeadh ciall ag Aontachtóirí…
bheadh straitéis ghlic acu do na Gaeil!

Dá mbeadh aon ghliceas ag Aontachtóirí dhíolfadh siad ‘an tAontas’ leis na Gaeil agus bheadh Acht Gaeilge mar chuid den ‘phacáiste’, díreach mar atá reachtaíocht Bhreatnaise ann i gCymru, a scríobhann Art Hughes. Ach ná bígí ag tnúth le haon athrú poirt go luath…


Tá an Ghaeilge le tamall thart i lár chlár oibre na polaitíochta sa pháirt thoir-thuaidh den oileán seo.

Ba cheart di a bheith, ach níor ghá.

San alt seo níl sé mar mhanadh agam a bheith ‘Dearg le Fearg’, mar ba mhian liom réiteach a fháil ar an scéal agus a fháil in aichearracht agus, ansin, bogadh chun tosaigh go dearfach.

Ba mhaith liom moladh a dhéanamh don Aontachtóir, straitéiseach ghlic.

Dá mbeinn i m’Aontachtóir, chuirfinn romham ‘an tAontas’ a chosaint agus a dhíol.

Mar chéad rud, déarfainn liom féin, tá Sinn Féin ag glacadh le suíocháin i Stormont agus ní thiocfaidh aon athrú ar an status quo maidir leis na Sé Chontae, nó ‘Tuaisceart Éireann’ mar a deir siad – mar Aontachtóir, ar ndóighe, ní bhainfinn fiú úsáid as ‘na Sé Chontae’ i mo dhioscúrsa.

Mar sin féin, bheinn ag rá liom féin go bhfuil cúis na nAontachtóirí go breá as, maidir leis an dá phointe réamhráite.

An rud is mó a bheadh romham mar Aontachtóir ná an tAontas a dhíol, agus a dhíol le gach duine.

Cád é mar a dhéanfainn sin?

Go furast: Is fearrde duit an tAontas! Beidh saoirse barúla, religiúin agus teanga agaibh i dTuaisceart na hÉireann!

Ní chreideann tú mé?

Deir tú nach bhfuiltear ag ligint d’Acht na Gaeilge, ach seo seansmaointeoireacht.

Tá líne úr ar bun anois againn, bíodh a fhios agaibh, ‘a chairde Gael’.

Tá plean nua againn anois.

Ba mhaith linn a bheith cairdiúil libh agus sibh a choinneáil sona sásta.

Ní raibh orainn glacadh le brú uaibhse, dá Dheirge sibh.

Níl ann ach gur dhearc muid thart ar an Ríocht rafar Aontaithe agus go bhfuair muid réiteach inmheánach.

Bhí an réiteach seo faoinár srón an t-am go léir.

Tá an Bhreatain Bheag faoi mhór-smacht ag Londain, cé go bhfuil Parlaimint dá gcuid féin acu, díreach mar atá againne i ‘dTeach Bán Chúige Uladh’, nó i Stormont.

Is sampla gleoite í an tsaoirse a thugann Westminister don pháirt seo den Ríocht Aontaithe agus ‘cead’ ag bunadh na Breataine Bige a dteanga féin a chleactadh sa chóras oideachais, sa chóras dlí, sna meáin srl.

Léiríonn sé seo cé chomh fial, oscailte, liobarlach agus a oibríonn an Ríocht Aontaithe don Bhreatain Bheag.

Tá fúinne (.i. Aontachtóirí fad-radharcacha Thuaisceart na hÉireann) an reachtaíocht cheannann chéanna atá sa chuid sin den Ríocht Aontaithe a bhfuil an Bhreatain Bheag uirthi a chur láithreach bonn mar dhúshraith d’Acht na Gaeilge i dTuaisceart Éireann.

Beidh deireadh le díspeagadh agus le drochmheas a chaitheamh ar an Ghaeilge ag ár n-urlabhraithe tofa.

Tá ré úrnua rugtha.

Aithníonn muid éagsúlacht agus bunchearta sibhialta agus teanga ár gcomhshaoránach.

Tagaigí isteach sa Rialtas arís in Oirthear Bhéal Feirste.

Tá polasaí inmheánach aimsithe againn ónár Ríocht féin, Acht na Breatnaise agus Acht na Gaeilge!

Nár fhógair agus nár gheall muid gur fearrde duit an tAontas!

Beidh saoirse barúla, religiúin agus teanga agaibh i dTuaisceart na hÉireann!

Acht na Gaeilge anois ó bhur gcairde, na hAontachtóirí straitéiseacha! 😉