D’éirigh mé dubh dóite de Ghaeilge na hAlban cúpla bliain ó shin

Nuair a thoisigh mé ag foghlaim Ghaeilge na hAlban 11 bliain ó shin, bhí mé cosúil le neart foghlaimeoirí teanga eile. Bhí mé iontach díograiseach agus bhí an-fhonn orm. Níor ghnáthchaitheamh aimsire a bhí ann ar chor ar bith. I ndiaidh na gcéadta blianta de leatrom na bunaíochta — ó rialtas na Breataine agus na hAlban araon — ar deireadh thiar thall, bhíothas ag seasamh an fhóid ar son theanga na hAlban.

Bunaíodh BBC Alba cúpla bliana sular thoisigh mé ag foghlaim, agus bhí scoileanna Gáidhlig ag nochtadh ar fud na tíre, an chéad mheánscoil lánGháidhlig riamh ina measc. Ba réabhlóid chultúrtha é seo. Bhí mé féin i ndiaidh céim sa múinteoireacht a chríochnú agus bhí mé féin chun páirt ghníomhach a ghlacadh inti

Anois, tá céim bainte amach agam sa teanga, labhraím í gach lá agus mé ag obair agus, ar feadh tamaill ar a laghad, bhí sí ina páirt mhór de mo shaol sóisialta. Rinne mé mo dhícheall canúint a fhoghlaim, d’eagraínn agus ghlacainn páirt in ócáidí Gàidhlig sa chathair, agus thugainn tacaíocht do fhoghlaimeoirí eile. 

Ach anois, nuair a bhreathnaím siar, sílim go bhfuil mé ag amharc ar fhear eile. Thoisigh mé ag éirí dubh dóite de Ghaeilge na hAlban cúpla bliana ó shin. Labhraíonn neart daoine sa phobal faoi athbheochan Ghaeilge na hAlban ach an fuinneamh mór a mhothaigh mé i bpobal na Gaeilge i mBéal Feirste, cha raibh sé ann. 

Go minic, labhróinn le cainteoirí dúchais nó foghlaimeoirí líofa a labhródh ar ais liomsa i mBéarla, nó míleataigh a labhródh le fórsa í agus iad ag déanamh pointe polaitiúil. Mar theanga agus mar ábhar taighde, is breá liom í fós, ach mhothaigh mé nach raibh mé ag baint aon sult aisti. 

Níos measa arís, d’éirigh mé dubh dóite de dhaoine ag cáineadh an Ghàidhlig a bhí ag daoine eile. Cibé a bhí ann, Gàidhlig ag foghlaimeoir, canúint nó blas ag duine éigin, sin rud éigin a chluintear go minic agus thoisigh sé ag cur isteach orm. 

Bhí mise agus daoine eile i ndiaidh neart oibre a dhéanamh chun Gaeilge na hAlban a fhoghlaim go caighdeán réasúnta ard agus ba chosúil go raibh roinnt daoine, foghlaimeoirí eile ina measc, róshásta a bheith dár gcáineadh. Go minic, deirtear go bhfuil rudaí mícheart, ach ní bhíonn ann ach éagsúlacht canúna. 

Bhí drochthionchar aige orm féin agus ar dhaoine eile. Tá aithne agam ar dhaoine a bhfuil neart oibre déanta acu i saol Ghaeilge na hAlban a d’fhág an pobal, nó a ghabh coiscéim mhór siar. In áit páirt a ghlacadh i réabhlóid chultúrtha, bhí sé soiléir domh nach raibh cuid de dhaoine sásta rudaí a athrú. B’fhearr leofa post compordach a fháil agus níor lig siad do dhaoine eile teacht isteach le smaointe nua nó dul chun chinn a dhéanamh. 

Dála neart Albanach de bhunadh na hÉireann eile, cha raibh mé go hiomlán compordach le hAlbanachas nó féiniúlacht náisiúnta na hAlban. Cinnte gurbh Albanach mé. Corra uair. Shíl mé go ndéanfadh Gaeilge na hAlban mo chuid Albanachais ní ba dhoimhne. Bhí giota beag Gaeilge agam cheana féin agus dhéanfadh seo nasc pearsanta eile idir an dá thír. Foirfe. 

An mheancóg a rinne mé, agus míthuiscint choitianta é seo in Éirinn, ná gur shíl mé go raibh an Ghaeilge agus Gaeilge na hAlban mar an gcéanna san dá thír. Cé go bhfuil naisc stairiúla agus cultúrtha ann eatarthu, tá na róil i dtuiscint phobal an dá thír go hiomlán difriúil. 

In Éirinn, tuigeann an chuid is mó gur teanga na hÉireann í. In Albain, níl mé cinnte go dtuigeann. Is minic a chluintear “Ní labhraítí an Ghàidhlig sa cheantar seo riamh.” Ba ábhar mór iontais domh, an méid daoine in Albain a chreideann gur teanga Highland amháin, nó fiú gur teanga na hÉireann í Gaeilge na hAlban. 

Tchíonn neart daoine comharthaí bóthair i nGaeilge na hAlban, cluineann siad ar an raidió nó ar an teilifís í, nó léinn siad scéal fá dtaobh den ghaelscoil is nua agus creideann siad go bhfuil sí sábháilte anois ach ní hamhlaidh. 

Is minic a chluinim lucht an Bhéarla ag rá go bhfuil Gaeilge na hAlban “ar ais” ach ní thuigeann siad an fhírinne. De réir Dhaonáireamh na hAlban 2011 bhí 57,000 duine ann a raibh Gaeilge na hAlban go líofa acu. Níl mé cinnte cá mhéad duine a labhraínn í gach lá taobh amuigh den chóras oideachais ach chuirfinn geall go mbeadh an figiúr i bhfad i bhfad ní b’ísle.

Níl a fhios agam cé mhéad uair a bhí mé i measc Gael eile agus níor labhraíodh ach Béarla amháin, nó cé mhéad scéalta atá ann faoi daoine a fuair poist i saol na Gàidhlig agus nach bhfuil an cúpla focal féin acu.

Agus seo í an fhírinne shearbh, ina lán cásanna i bpobal Ghaeilge na hAlban, dá mhéad a labhraíonn tú í is ea is mó a scarfaidh tú tú féin den chuid eile den phobal. Is minic a chuirtear an dá theanga i gcomparáid lena chéile, ach deirim ní fada go mbeidh cúrsaí Ghaeilge na hAlban níos cosúla leis an Manainnis ná le Gaeilge na hÉireann. Ar an drochuair, ní déarfainn gurb í Gaeilge na hAlban an chéad teanga ag mórán daoine an lá inniu. 

Is é mo bharúil go mairfidh Gaeilge na hAlban, gan dabht, ach caithfidh Albain cinneadh a dhéanamh faoin an ról atá aici san 21ú hAois Le roinnt blianta anuas, tá pobal na Gàidhlig i ndiaidh jab an-mhaith a dhéanamh chun daoine nua a tharraing chuig an teanga. Má fhásfaidh an pobal, athróidh an pobal, ach, níl mé lán cinnte go bhfuil cuid den phobal compordach leis sin. 

Más teanga náisiúnta í Gaeilge na hAlban, seachas teanga phobal Inse Gall, caithfidh dearcthaí, i measc an dá chuid Gaeil is Gaill, a athrú. Más maith le muintir na hAlban fíor-athbheochan na teanga a thosú beidh gach cabhair atá ar fáil de dhíth. Tá sé in am againn díospóireacht thromchúiseach a dhéanamh sula dtabharfaidh daoine eile cúl leis an teanga.