‘Doras draíochta go domhan eile’ a bhí sa Ghaeilge – foghlaimeoir de chuid an East Belfast Mission

‘Doras go domhan eile’ a bhí sa Ghaeilge do dhuine de phobal Aontachtach Bhéal Feirste a thosaigh ag foghlaim na teanga san East Belfast Mission tamall ó shin. Dúirt Ivor Reid, a bhreathnaíodh ar an nGaeilge mar ‘theanga an namhad’ agus é ag fás aníos, nár thuig sé go raibh an Ghaeilge ina thimpeall ar feadh a shaoil go dtí gur thosaigh sé á foghlaim san ionad pobail in oirthear na cathrach. 

Cloistear glór Ivor i bhfíseán nua a d’eisigh an East Belfast Mission ar na meáin shóisialta tráthnóna agus atá á scaipeadh go forleathan inniu. 

“Nuair a bhí mé i mo ghasúr ba í an Ghaeilge teanga an namhaid, an dtuigeann tú. Tugadh cuireadh dom teacht chuig an rang agus ba mar gheall ar an gcuireadh sin a tháinig mé. Bhí an múinteoir greannmhar agus bhí craic mhaith ann nuair a bhí muid ag iarraidh an focal ‘gloine’ a rá – níor fhéad mé an focal a fháisceadh as mo bhéal. 

“Dúirt mé liom féin ‘tá craic anseo, tiocfaidh mé ar ais’, agus tháinig. Tháinig arís agus arís eile, agus ar deireadh dúirt mé ‘gloine’ i gceart. [Ach] ba iad na logainmneacha ba mhó a tharraing m’aird. Tá sé go deas an cúpla focal a bheith agat agus eolas a bheith agat ar d’áit dhúchais, agus tuiscint a bheith agat ar bhrí na logainmneacha,” a deir Ivor san fhíseán. 

Dúirt sé nár thug sé aird ar bith ar na nithe sin sular thosaigh sé ag foghlaim na Gaeilge agus gur gheall le “doras draíochta go domhan eile” a bhí sa Ghaeilge, domhan a bhí “ina thimpeall ar feadh a shaoil” ach gan aird ná eolas aige air. 

“Shiúil mé tríd an doras sin agus dúirt ’Ó a Dhia, ní raibh a fhios agam go raibh an domhan seo ann,” a dúirt sé. 

Ba iad lucht Thurais, an togra Gaeilge atá lonnaithe san East Belfast Mission a rinne an físeán beag beochana i gcomhar leis an stiúideo Enter Yes. Linda Ervine, a bhfuil cáil mhór uirthi mar gheall ar an obair a dhéanann sí ar son na Gaeilge i measc an phobail Aontachtaigh, agus Don Duncan a stiúir.