Foras na Gaeilge 20 bliain ar an bhfód

Tá Foras na Gaeilge, an eagraíocht thrasteorann a chuireann an Ghaeilge chun cinn, 20 bliain ar an bhfód inniu. Bunaíodh Foras na Gaeilge i ndiaidh do rialtais na hÉireann agus na Breataine Comhaontú Aoine an Chéasta a shíniú in 1998. Is cuid den Fhoras Teanga iad Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise, eagraíocht atá freagrach as cur chun cinn na Ultaise.

Agus an 20 bliain á chomóradh ag an eagraíocht Ghaeilge, dúirt príomhfheidhmeannach an Fhoras, Seán Ó Coinn, go bhfuil “tírdhreach na teanga in Éirinn i ndiaidh athrú ó bhonn” ó bunaíodh an Foras in 1999, agus go bhfuil an eagraíocht “ina cuid lárnach den chlaochlú sin”.
 

Nuair a bunaíodh an Foras, tugadh isteach faoi aon eagraíocht amháin Bord na Gaeilge, comhlacht stáit sna 26 contae a chuir an Ghaeilge chun cinn mar theanga bheo agus mar ghnáthmheán cumarsáide; an Gúm comhlacht stáit a chuireann litríocht na Gaeilge chun cinn; agus an Coiste Téarmaíochta, eagraíocht a cheapann téarmaí nua don Ghaeilge. 

Is iad Foras na Gaeilge a dhéileálann le maoiniú an stáit don Ghaeilge, den chuid is mó, agus is é a thugann maoiniú do na sé cheanneagraíocht: Conradh na Gaeilge, Gaeloideachas, Glór na nGael, Gael Linn, Coláiste na bhFiann, agus Oireachtas na Gaeilge. 

Tugann an Foras maoiniú do na mórmheáin scríofa Ghaeilge freisin — an tseirbhís nuachta Tuairisce.ie, an iris chultúir NÓS, agus an iris litríochta Comhar. Is é an Foras a dháileann an maoiniú is mó a fhaigheann na stáisiúin raidió Raidió na Life agus Raidió Fáilte freisin. 

“D’éirigh le Foras na Gaeilge cur go suntasach leis an chreatlach thacaíocht thuaidh agus theas — airím an bonn buan atá faoi Chultúrlann MacAdam Ó Fiaich, Cultúrlann Uí Chanáin, Raidió na Life, Raidió Fáilte agus na sé cheanneagraíocht Ghaeilge atá mar chnámh droma thacaíochta don phobal. 

“Tá an foclóir ar líne ar cheann de na háiseanna foghlama is tábhachtaí dá bhfuil againn don teanga, agus tá téarma.ie ar cheann de na forbairtí is suntasaí agus an Ghaeilge á hullmhú le bheith aitheanta go hiomlán mar theanga oibre de chuid an AE in 2022,” a dúirt cathaoirleach an Fhorais, Pól Ó Gallchóir.

Dúirt sé gurb é príomhról na heagraíochta “córas a chinnteodh go dtiocfadh torthaí buana as fuinneamh, díograis agus fiontraíocht an phobail” ó thaobh na Gaeilge de a chur ar bun. Mhaígh sé go bhfuil  bonn ceart  faoi “aislingí” na heagraíochta, cé go bhfuil “a ndóthain dúshlán” ag an bhForas maidir le forbairt na Gaeilge ar fud na tíre.

Tá 20 bliain a bhunaithe á cheiliúradh ag Foras na Gaeilge tríd an haischlib #foras20 ar na meáin shóisialta.