‘Galore’ Focal Béarla…
a thagann ón nGaeilge!


Tuigimid uilig go bhfuil meascán maith de theangacha le brath sa Bhéarla, agus roinnt focal ar iasacht ón bhFraincis, Gearmáinis, Spáinnis agus eile.

Bheadh ar lucht aonteangach an Bhéarla bheith aineolach ‘galore’ gan an méid sin a thuiscint!

Ar ndóigh is iomaí focal i mBéarla na hÉireann a thagann ón nGaeilge ach tá roinnt acu sa Bhéarla caighdeánach chomh maith agus iad in úsáid ar fud na cruinne.

Seo chugaibh na cinn is coitianta!


Brogue – Bróg 

Glaotar ‘brogue’ ar bhróga den chineál seo, agus ní gá dom a mhíniú gur ó fhocal ‘bróg’ na Gaeilge a tháinig sé.

De réir cosúlachtaí, b’shin na cineálacha bróg a bhíodh á gcaitheamh ag na Gaeil nuair a tháinig siad go Sasana.

Ina dhiaidh sin tháinig an focal ‘brogue’ chun cinn le cur síos ar chanúint na nGael chomh maith – is é sin canúint na ndaoine a chaith ‘brogues’!


Puck – Poc

Haca oighir, a chairde!

Cluiche é seo ina mbíonn imreoirí ag scátáil timpeall ar oighear ag buaileadh rud a nglaonn siad ‘puck’ air.

Ar rith sé leat riamh go bhfuil an-chosúlacht idir sin agus an focal ‘poc’ sa Ghaeilge, a chuireann síos ar shliotar a bhualadh le camán san iománaíocht.

Más fíor iad na tuairiscí faoi fhoréigean ag na cluichí haca oighear, d’fhéadfá an focal a úsáid i mbealach eile chomh maith le cur síos ar “poc leis an gceann,” gluaiseacht a shamhlaítear le gabhar nó fia atá ar mire!

Agus ar ndóigh chuala muid ar fad trácht ar an “poc ar buille”!


Slew – Slua 

Úsáidtear an focal ‘slew’ le cur síos a dhéanamh ar líon mór.

“Slew of books” mar shampla.

Is ó ‘slua’ a thagann sé, focal a chuireann síos ar scata mór daoine atá bailithe le chéile, mar a bhí Dé Sathairn ag an Lá Dearg i mBéal Feirste! HUP!


Banshee – Bean sí

Déarfainn gur thuig sibh an ceann seo.

An dá fhocal ‘bean sí’ is bunús leis an bhfocal.


Smithereen – Smidiríní

Is é an ‘een’ ag deireadh an fhocail is mó a thugann nod dúinn leis an gceann seo, a tháinig ón bhfocal deas Gaeilge ‘smidiríní’.

Tá an focal sin bunaithe air ‘smiodar’, a chiallaíonn ‘píosa briste’.


Galore – Go leor

Focal é seo nár imigh ró-fhada ó thaobh brí agus litrithe de ón mbunGhaeilge ‘go leor’.

Úsáidtear é díreach sa chaoi céanna, le ‘a lán’ a chur in iúl.


Shebeen – Síbín 

Feictear tithe tábhairne darb ainm ‘sheebeen’ timpeall na cruinne, ach ar chuala tú riamh an focal ‘síbín’?

Ciallaíonn sé ‘fuisce mídleathach’, nó an áit inar féidir é a fháil.

Nach ait sin, ní dóigh liom go bhfuil a leithéid in Éirinn in aon chor!


Hooligan – Ó hUallacháin

Sa lá atá inniu ann úsáidtear an focal ‘hooligan’ go minic le cur síos a dhéanamh ar leantóirí sacair a bhíonn ag lorg trioblóide.

Seans go gcuirfidh sé iontas oraibh ach tá bunús ag an bhfocal sin sa sloinne Ó hUallacháin in Éirinn.

Deirtear gur tháinig an focal ón sloinne a bhí ar chlann racánach Ghaelach a luíodh in amhrán mór a chantaí sna hallaí damhsa ag deireadh an 19ú hAois.


Tory – Tóraí 

Ó nach deas an ceann seo?

Is ón nGaeilge ‘tóraí’, a chiallaíonn coirpeach, ropaire nó robálaí, a thagann an focal seo sa Bhéarla a chuireann síos ar an pháirtí choimeádach sa Bhreatain.

Tagann tóraí ón fhocal ‘tóir’, a chuireann in iúl gur duine a bhí sa tóraí a raibh daoine sa tóir air.

An-spéisiúil go deo!


Brat

Is minic a ghlaoitear ‘brat’ ar pháiste dána sa Bhéarla.

Bhuel, bíodh a fhios agaibh gur ón bhfocal ‘brat’ na Gaeilge a tháinig sé!

Thugtaí “brat” ar pháiste sráide bochta, a mbíodh brait á gcaitheamh acu. Sin bunús an fhocail.

Agus an raibh a fhios agat gur anagram den fhocal ‘brat’ é Bart, an buachaill dána sna Simpsons?

Tá lorg ár dteanga áille le brath gach áit má théann muid á chuardach!

  • Gearoidmuar

    An focal brogue ar chanúint. Ní bróg é sin ach barróg. Tá barróg ar a theanga.. ní féidir leis focal áirithe a rá i gceart. Sin é. An focal car sa Bhéarla, ó Carrus na Laidine a fuair na Rómhánaigh ó Cheiltigh na Fraince. Sean-fhocal Ceilteach atá i “carr”.
    Chomh maith, quay a thagann ó “cé”.
    Roinnt focal a bhaineann le sléibhte… Corrie ó Coire. Coom ó Cúm.

    • oisín ó flanagáin ó flanagáin

      Tá a lán focal a dtiocfadh linn tomhas a dhéanamh orthu maidir leis an nasc seo. Bhí mé ag amharc at ‘only fools and horses’ ar na mallaibh agus deir mo dhuine ‘cushty’ go rialta nuair a éiríonn le scéim nó margadh s’aige. Deir na gaeil ‘déanfaidh sin CÚIS’. An dochar bheith ag smaoineadh at a leithéid?

  • Fionnbarra

    Nár tháinig an focal ‘road’ sa bhéarla ón focal ‘ród’ a bhí ar dtús sa Ghaeilge?