Iarrachtaí ar bun an ‘gnéasachas’ a bhaint den Fhraincis

Tá iarrachtaí ar bun le tamall anuas an “gnéasachas” a bhaint den Fhraincis agus leaganacha neodracha d’ainmfhocail a chur sa gcúrsaíocht i leaba na leaganacha ‘firinscneach’ agus ‘baininscneach’ a luaitear le hainmfhocail sa teanga sin. 

Is iondúil go gcuirtear an lánstad (.) ag deireadh abairtí sa bhFraincis, mar a dhéantar sa nGaeilge, ach le tamall anuas táthar ag cur an lánstad céanna i lár ainmfhocal áirithe leis an dá inscne a chur in iúl. Mar shampla, iarrann cumainn ollscoile ar étudiant.e.s (mic léinn) páirt a ghlacadh in imeachtaí agus agóidí, agus bítear ag caint ar adhérent.e.s (baill) d’eagraíochtaí éagsúla. 

Sa bhFraincis, nuair a bhíonn es ag deireadh ainmfhocail, bíonn an t-ainmfhocal sin baininscneach. Nuair is s as féin a chuireann críoch le focal, is ainmfhocal firinscneach atá ann. Déantar iarracht ainmfhocail “neodracha” a dhéanamh astu leis an lánstad agus an ‘e roghnach’ seo. 

Tá na hiarrachtaí seo ar bun mar chuid den l’écriture inclusive, nó an “scríbhneoireacht uileghabhálach”, gluaiseacht a tháinig chun cinn cúpla bliain ó shin le dul i ngleic le “patrarcacht na Fraincise”.

Fearacht na Gaeilge, bíonn tionchar ag inscne na n-ainmfhocal ar chúrsaí gramadaí in abairt sa bhFraincis, agus sa gcás go mbeadh ainmfhocal firinscneach agus ainmfhocal baininscneach faoi thionchar aon aidiacht amháin, freagraíonn an aidiacht sin don ainmfhocal firinscneach i gcónaí. Scríobhtar, mar shampla, des garçons et des filles intelligents agus ní scríobhtar intellegentes mar a scríobhfaí dá filles amháin a bheadh i gceist. 

Anuas air sin, is é an leagan firinscneach d’fhocail ar nós un sénateur (seanadóir) a úsáidtear i gcás fear agus ban araon. 

Níos luaithe i mbliana, rinne grúpa beag múinteoirí sa bhFrainc achainí in aghaidh na gcleachtas seo a thugann, dar leo, an lámh in uachtar d’inscne gramadaí amháin thar an inscne eile agus “a cheileann mná ón saol”. 

Maíonn duine acu sin, Eliane Viennot, nár socraíodh na rialacha gramadaí seo mar rialacha oifigiúla go dtí an 19ú hAois. Tá fianaise amháin, go deimhin, go mbíodh focail bhaininscneacha in úsáid go minic san am a caitheadh. Chuir iníon Charles VII na Fraince síos uirthi féin mar autrice (banúdar), agus tá tagairtí do charpentière (bansiúinéir) agus doctoresse (banollamh) i gcáipéisí ón tréimhse sular tháinig Napoleon i gcumhacht. 

Tá an dream atá anois ag éileamh go n-athrófaí na rialacha gramadaí ag iarraidh go n-úsáidfí na leaganacha thuasluaite agus go bhfreagróidh an aidiacht don ainmfhocal is giorra dó san abairt, mar a dhéantar i nGaeilge na linne seo. D’fhágfadh sé sin gur des garçons et des filles intelligentes a scríobhfaí i gcás na habairte thuas. 

Ní mó ná sásta atá saoithíní na Fraincise leis na hathruithe atá molta ag lucht l’écriture inclusive agus d’eisigh Académie Française “rabhadh oifigiúil” an bhliain seo caite in aghaidh na n-athruithe, agus mhaígh go gcuirfeadh a leithéid d’athruithe an Fhraincis “i mbaol”. 

Bhí raic chomh mór sin ann faoi gurbh éigean do phríomhaire na Fraince, Edouard Philippe, a ladar a chur sa scéal agus iarracht a dhéanamh teacht ar chomhréiteach. D’ordaigh sé go n-úsáidfí leaganacha baininscneacha d’ainmfhocail nuair is cuí, mar shampla nuair atá bean i gceannas ar rannóg stáit is une cheffe i leaba un chef a úsáidfear feasta. 

Níor ghlac an príomhaire leis an lánstad, áfach, agus dúirt gur cheart an dá leagan den ainmfhocal a úsáid in éineacht seachas leagan “neodrach” a chur chun cinn. 

Ar ndóigh, tá athruithe tagtha ar an gcaoi a gcuirtear síos ar phoist do mhná le blianta beaga anuas freisin, ach murab ionann agus an Fhraincis, tá an Ghaeilge ag imeacht ó leaganacha sonracha a bheith ann do mhná, ar nós ‘bangharda’ agus ‘banaltra’. Is fíor-annamh a chloistear na leaganacha sin anois agus ‘garda’ agus ‘altra’ in úsáid d’fhir agus do mhná araon.