Imígí & Iolraígí
Ainmneacha, teidil & a gcumhacht

Más Manannach tú is d’aghaidh iompaithe siar agat ó Oileán Mhanann i dtreo na hÉireann, is Mooir Vannin agus ní Muir Éireann a thugann tú ar an muir atá idir tú is Nerin.

Sa Mheánaois is Irois a thug na Francaigh ar an Éireannach agus ansin, i bhfad aimsire, d’athraigh an t-ainm sin go Hibernois.

Ach faoin 18ú aois nuair a bhí seilbh glactha ag Sasana ar Éirinn go léir agus coilíneacht déanta di, is Irlandais a thug na Francaigh ar an Éireannach.

Is trí Shasana agus is tríd an ainm Béarla a bhí acu ar an tír a chuirfí Éireannaigh in aithne don Eoraip feasta.

Má tá tú i gceannas agus smacht agat ar scríobh an phreasráitis is féidir leat dearcadh daoine a mhúnlú nó a athrú.

Nuair a ainmníonn tú rud id theanga féin – tá tú á shealbhú.

Tá cumhacht san ainmniú.

Ach is féidir an t-ainmniú a úsáid le cur i gcoinne shamhailchruinne na cumhachta sin freisin.

Bhí múinteoir tíreolaíochta agam a labhraíodh ar na Malvinas in áit na Falklands – is dócha gur theastaigh uaidh rud éigin a rá linn.

Ag brath ar do dhearcadh tá príomhoifig NÓS sna sé chontae, i dTuaisceart Éireann nó in Ulster.

Bainim féin greann as LondainDhoire a rá go híorónta ach nuair a bhím ag cúléisteacht leis na meáin Bhriotanacha is a nuair chloisim go bhfuil cónaí orm sna British Isles, ní ag gáire a bhím.

Tá polaitíocht na féiniúlachta agus cé a thugann cad ar caidé cineál casta.

Níor thaitin an focal Gaeilgeoir liom is mé ag fás aníos.

Tá mo dhearcadh athraithe anois, ach ag an am mheasas go raibh smut den tarcaisne ag baint leis, agus bhí.

Nuair is de mhionlach tú agus go bhfuil mionlú déanta ort, cloiseann tú masla gach áit – fiú nuair nach bhfuil sé ann.

Ach seans nach bhfeiceann tú an tsail id shúil féin.

Chun a bhféiniúlacht a chur in iúl cumann dream áirithe ainm treibhe dóibh féin.

Nó baineann siad casadh úr as téarma atá ann cheana.

Go dtí gur chuala fear ag tabhairt ‘paddy’ air féin, agus é ag trácht go mórtasach ar eachtra a thit amach ar na ‘bildeáileacha’ i Londain sna 1980í, shamhlaigh mise riamh paddy ina théarma maslach.

Bíonn gá le do phreasráiteas féin a scríobh – bheith mar údar is eagarthóir ar do scéal féin.

Mar sin tá tábhacht ag baint leis an tslí go n-úsáidtear focail agus an tslí go gcloistear iad.

Is sciath chosanta focail chomh maith le bheith ina ndroichead mínithe.

Tá teanga ann le freastal ar na daoine – agus muna bhfuil cuid den teanga oiriúnach níos mó do chúinsí nó do dhearcadh na linne, athraíonn na daoine í – ón mbarr anuas, ón mbun aníos, trí thimpiste, nó d’aon ghnó.

Breán atáim den sé/síáil agus den idirlúibíní H-eáil.

Cuireann sé cuma leibideach ar abairt.

Bhain mé gáire as slua (no, really) ag oíche GaelGÁIRÍ cúpla bliain ó shin le léiriú ar an útamáil chumarsáide a ghabhann leis.

Tá ‘siad’ nó ‘leo’ fíor-úsáideach nuair nach bhfuil inscne an té ar eolas agat.

Is féidir le claontaí folaithe dúiseacht ar chloisint focail áirithe – ‘sé’, abair, nó ‘sí’.

Tá na seanchonstráidí sóisialta, na seanchinnteachtaí, – gúna agus gunna, cad is bean nó fear ann – scuabtha chun siúil.

Is constráid í sochaí agus teanga.

Tá daoine ann nach mian leo ceachtar den dá fhocal, fear nó bean, a úsáid mar chur síos orthu féin.

Tá daoine ann go mbraitheann gur d’inscne eile ar fad iad.

Níl inscne an té luaite sna focail ceoltóir, uachtarán, duine, ná bádóir – téir ag bádóireacht ar Mooir Vannin.


Seo leagan de dhán a dhein mé cúpla bliain ó shin. Is é an t-alt seo le Tomaí Ó Conghaile a chuir fonn orm é a roinnt.

Iolraigh

Deireadh le dénárthacht na dialachtaice
—leis an idirdhealú inscne
—leis an míchlaonadh réamháirithe
—le calcadh na cineáldheighilte

Ní ar dhuine den dís—é nó í
ach ar rian neamhdhénártha
atá a dtriall
—an tríú pearsa iolraithe, sealbhaithe acu

Ní teanntaithe go tuisleach
ag lúibíní an (h) atá siad
ach lasmuigh de theorainneacha
alpha agus omega aibíd na haibítre

∼ ∼ ∼ ∼ ∼

Tá tú tagtha in inmhe
is tugaim duit
iolra an ómóis,
a shliocht.


Beidh Marcus ag seinnt ag Liú Lúnasa ar an 24 Lúnasa sa Chultúrlann. Beidh amhrán is físeán nua á eisiúint aige sa bhFómhar.

  • Eoin Ó Riain

    An alt gura maith agat! Aithním mé fhéin in an chuid de na tuairimí ann.

    Ait go leor ní maith liom an ainm “Muir Éireann” (Nach ceart “Muir Éireannach’ a bheith air? Nuair a bhí mise ag dul ar scoil ‘in the time of the Barmicides!” bé an Muir Meann a bhí air. Tá fuaim fíor Éireannach air agus tá sé i bhfad níos comhgaraí don “Mooir Vannin!” (http://www.potafocal.com/beo/?s=meann)