Is breá linn seo…
Cuid den fhírinne ó lucht Lurgan

“Is breá liom Gaeilge ach…” is teideal d’fhíseán úrnua de chuid Choláiste Lurgan, agus is breá linn é.

Tá clú ar lucht an Choláiste, atá suite sa Spidéal, as an chur chuige samhlaíoch comhaimseartha a bhíonn in úsáid acu le teagmháil a dhéanamh le Gaeil óga fud fad na tíre agus is minic a bhíonn muidne anseo in oifigí NÓS ag amharc ar a gcuid físeán iontach.

Agus is féidir an eisiúint is déanaí seo a chur leis an liosta sin.

Níor mhaith linn an rún a scaoileadh – b’fhearr linn go mbreathnófá ar an fhíseán féin ar ndóigh – ach seo líne ón sárshaothar spreagúil:

“And you have some crazy notion that a Tyrannosaurus Rex does a great version of ‘Dúnmharú ar an Dart’.”

Ach mar atá a fhios againn… He does! And the same T-Rex has an opinion piece in our next print edition. Coinnigh súil amach dó.

Mar a deir muintir Choláiste Lurgan, “Muide an todhchaí, gach éinne againn, Gaeilge gan eagla, tá sí ar eolas agat!”