“Is bréag í an Ghaeltacht”
Baineann ár dteanga le gach áit in Éirinn

Chuir Ciarán Dunbar tús le colún nua ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu le plé corraitheach ar an nuashonrú ar Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíochta na Gaeltachta. Seo é foilsithe ina iomlán.


Cha raibh sé ar intinn agam colúin an tsamhraidh seo a thoiseacht le haon ábhar a bhaineann leis an Ghaeilge nó leis an Ghaeltacht.

Bheirim mo dheimhin daoibh – bhí ábhar iomlán difriúil idir lámha agam.

Ach mhothaigh mé nach raibh an dara suí sa bhuaile agam in éis gur foilsíodh Nuashonrú ar Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch na Gaeltachta a léirigh “más pobal urlabhra Gaeilge a shamhlaítear leis an nGaeltacht” nach bhfuil sí inmharthana.

Tá an taighde bunaithe ar fhreagraí a thug daoine iad féin sa daonáireamh, uime sin, tá gach uile sheans go raibh cáil acu ag inse bréag go pointe agus go bhfuil an teanga níos laige ná mar a léiríodh fiú.

Agus fiú má labhraíonn na daoine sin an Ghaeilge ar bhonn laethúil, chan ionann sin is a rá nach labhraíonn siad Béarla níos minice.

Thit trí cheantar ó stádas A go B – sin an scéal mór agus is bocht an scéal é.

Ach rud nach bhfuil á thuairisciú chomh fairsing céanna ná gur ardaigh an méid Gaeilge atá á labhairt i roinnt ceantar.

Tháinig méadú i gcúig cheantar i gcatagóir A agus 14 catagóir B agus, mar a léiríodh ar Tuairisc.ie, tá “1,000+ cainteoir laethúil Gaeilge in ocht gcinn de cheantair Ghaeltachta.”

Ach ní hé seo an áit do mhion-anailís – is leor a rá nach bhfuil an scéal chomh dubh agus bán nó chomh duairc is atá á léiriú.

Tá an teachtaireacht sna meáin Bhéarla soiléir áfach: Ní bheidh aon Ghaeltacht ann i gceann deich mbliana.

Ag éirí as sin creideann go leor daoine go mbeidh sí go hiomlán marbh i gceann deich mbliana – chuaigh daoine áirithe as a mbealach chun sin a rá liom.

Tá bás na Gaeilge fógartha, arís.

Tá dáta báis nua aici, arís.

Fíor nó bréagach, is fíor-dhrochbholscaireacht í seo, a bhaineann de mhisneach an Ghaeil is dílse is a chuireann ola ar chroíthe na ndaoine sin nach bhfuil an Ghaeilge marbh go leor dóibh.

Mar sin de – cad is fiú iad na sonraí seo?

“An fhírinne” a deir roinnt agaibh.

Breast é mar fhírinne a deirimse: tá fíricí ann cinnte ach dheamhain fírinne ar an saol seo.

Ní thuigim faoin spéir cén fáth a bhfuil muid ag tabhairt an armlóin seo do naimhde na teanga, agus ag tabhairt dóchais don státchóras.

Tá a fhios acu nach gá dóibh ach an fód a sheasamh deich mbliana eile agus sin é – beidh an cogadh cultúrtha bainte acu.

Dar liom go gcuireann taighde agus bolscaireacht mar seo leis an mheath.

Ní bheidh aon toradh dearfach as.

Ní bheidh aon reachtaíocht cearta teanga níos láidre ann ná tacaíocht airgeadais sa bhreis ann mar gheall air – is dóiche a mhalairt.

Agus cé a thógfadh páistí leis an Ghaeilge in éis cloisteáil ar an raidió nach bhfuil ach deich mbliana aici mar theanga?

Tá comhlacht caidreamh poiblí de dhíth nó claonbholscairí maithe seachas níos mó taighde acadúil i mo thuairimse.

Tá feidhmeannaigh chorparáideacha agus a dtaithí de dhíth seachas pleanáil teanga.

Cad atá i gceist leis an eolaíocht sin ach bealach deas foclach le cur síos a dhéanamh ar bhás teanga?

Sea, is fo-iarmhairt na hiriseoireachta í an tsoiniciúlacht.

An_Ghaeltacht_Abu

Ach ritheann rud eile liom.

Is bréag í an Ghaeltacht, agus ba bhréag riamh an coincheap, cumtha ag státseirbhísigh seachas ag cainteoirí dúchais.

Níl mé ag maíomh nach bhfuil aon Ghaeltacht ann ar chor ar bith – tá mé ag ceistiú choincheap na Gaeltachta mar chur chuige reachtaíochta agus polasaí sa chéad dul síos.

Tá sé cruthaithe nach aon tearmainn iad, nach daingin teanga iad ach príosúin.

Tá íomhá cruthaithe go mbaineann an Ghaeilge leis an Ghaeltacht amháin agus nach bhfuil baint aici leis an chuid eile den tír, fiú sna bailte fearainn atá ceangailte léi.

Tá ráite liom i gceantair inar mhair an Ghaeilge 50 bliain ó shin gur ruaigeadh í in aimsir Chromail as an dúiche sin.

Ach níl aon difear eitneach traidisiúnta idir Carna agus Baile Uí Chonaola, nó idir Conamara agus Muraisc, nó idir Dún Chaoin agus Carraig an Chabhaltaigh, nó idir Rann na Feirste agus an Mullach Dubh – níl ann ach gur chaill ceann acu an teanga is an cultúr agus gur caomhnaíodh iad sa cheantar eile.

Baineann an Ghaeilge le gach áit in Éirinn – léiríonn an stair, sloinnte, logainmneacha, taifeadáin agus béaloideas sin.

Níl mé ag iarraidh a bheag a dhéanamh de na pobail a chaomhnaigh an teanga áfach.

Creidim i dtábhacht na Gaeltachta, ní mar thobar na Gaeilge amháin ach mar fhoinse cearta agus dlísteanachta mar gan Ghaeltacht ní dóigh liom go mbeadh tacaíocht stáit ar bith ann don Ghaeilge.

Níl amhras orm, má bheas deireadh leis na pobail a labhraíonn í mar theanga pobail, go gcuirfear deireadh le TG4, RnaG, Údarás na Gaeltachta agus sa deireadh le Gaelscoileanna na gcathracha fiú.

Ní bheidh aon chearta teanga ann agus bheadh na comharthaí aonteangach.

Ní cheadófar ach an leagan bréagach den stair a chuireann lucht léinn na hÉireann chun tosaigh mar cheiliúradh ar an aineolas.

Is deacair don chuid is dóchasaí againn aon dóchas a fheiceáil.


Gabh mo leithscéal anois, caithfidh mé imeacht.

Tá rang Gaeilge le teagasc agam ag a hocht a chlog, slán a bheas mé.

Agus chomh tábhachtach céanna leis an teanga féin a theagasc, beidh fírinne de mo chuid féin a theagasc agam: Is í sin gur Gaeltacht í seo cé gur cailleadh an teanga, agus is Gaeil sibh féin a bheas bhur dteanga agaibh arís.

rnag-nos-colun

  • Breandán

    An-phíosa. Aontaím 100%.

  • Máirtín Mag Uidhir

    Sílim go mbíonn leas le baint as dubh-bholscaireacht fosta (cé gur draíocht dhubh atá innti). Is minic nach gcuireann daoine cosa i dtaca ach amháin nuair a bhíonn an fód fúthu ag sleamhnú uathu.

  • ShaneD

    Aontaim fosta, ach silim go bhfuil an cogadh caillte cheanna fein.

    Ta an la ag na “haters”.
    Beidh an teanga bas taobh isitigh de ghluin amhain.

  • tomasohaodha

    Aontaím go pointe, ach tá sé an-tábhachtach gan cur i gcéill a dhéanamh orainn féin. Faraor fírinne ann ceart go leor, agus is séanadh na fírinne sin le fada an lá atá taobh thiar den drochstad ina bhfuilimid. Ach ag féachtaine ar iompar eagraíochtaí áirithe anois ní dóigh liom go mbeadh aon teacht as againn – is clúdach tóna amháin atá ar siúl, agus cúraim na teanga (chomh maith le milleán) brúite anuas ar ghrúpaí deonacha gan saineolas.

  • Pingback: Matamaitic, ciall cheannaigh agus an Ghaeilge sa Ghaeltacht Irish language, news, iGaeilge()

  • tuigim

    Aontaím

  • Paidí Mac Lochlainn

    Aontaím go bpointe go maith. Mar duine a rugadh I mBéil Feirste agus le 6 bhliain cáite I “nGaeltacht” airithe in iarthar na dtíre caithfidh mé rá go bhfuil níos mó meas ag cuid daoine do a dteanga dhúchais taobh amuigh den Gaeltacht sin na istigh. Níl mé ag rá nach bhfuil an Gaeltacht tabhachtach, agus níl ag iarraidh é a ionsú. I mó bharúil tá sé riachtanach do saol na dteanga. Ach tá sé brónach go bhfuil níos mó dul chun cinn sna 6 contae na I stáit ina bhfuil stádas “oifigeach” ag an Gaeilge, na Gaeltacht san áireamh. Is dócha go bhfuil an cath cáilte. Ach tá súil agam nach bhfuil an cogadh.

  • Pingback: Na 20 scéal is mó léamh | NÓS()

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Tá mé i ndiaidh an t-alt seo a léamh agus aontaím go hiomlán leat a Chiaráin. Tá mé i mo chónaí sa Ghaeltacht agus tá an Béarla á bhrú ar muintir na Gaeltachta go laethúil. Is leis an tír iomlán an Ghaeilg ach sé’n dearcadh atá acu siúd taobh amuigh den Ghaeltacht, i gceantar an dátheangachais, ná go labhraítear an Ghaeilg sa Ghaeltacht agus chan áit ar bith eile! Cha dtig leis an Ghaeltacht maireachtáil léi féin nuair atá an oiread sin seirbhísí agus táirgí Béarla ag teacht isteach sna ceantracha seo agus gan aon fógra tugtha roimh ré go bhfuil dualgas ar dhaoine Gaeilg a labhairt má thagann siad isteach sna réigiúin leochaileacha seo. Bheadh sé ina chuidiú dúinn dá ndéanfaí an Ghaeilg a chur chun tosaigh níos mó taobh amuigh den Ghaeltacht – níl ort ach amharc ar bhaile Dhún Fionnachaidh, atá buailte le teorann Chloich Cheann Fhaolaidh sa Ghaeltacht, agus níl faic a dhéanamh acusan le aitheantas a thabhairt don Ghaeilg – agus tá páistí bunscoile (gan Gaeilg) ón ceantar sin á chur chuig Pobalscoil Chloich Cheann Fhaola – meánscoil atá suite sa Ghaeltacht?? Ó bunaíodh an stát seo tá an státchóras ag déanamh neamhaird don Ghaeilg agus d’úsáid na Gaeilge ar fud na tíre.