Korrika faoi lán seoil
‘Tipi Tapa’ le cluinstin ar fud Euskal Herria

Tá an 19ú Korrika – an rith náisiúnta gan stad ar son na Bascaise – faoi lán seoil i dTír na mBascach faoi láthair agus na céadta ciliméadar rite ag na mílte duine cheana féin, agus gan ach tús curtha leis inné.

Rith sealaíochta thar 10 lá é an Korrika, a tosaíodh in 1980 agus a bhfuil sé de sprioc aige úsáid na Bascaise a spreagadh agus an teanga a thabhairt i láthair an mhórphobail ar bhealach tarraingteach spleodrach.

Glacann na céadta míle duine páirt sa rith gach dara bliain agus i mbliana is ó Urepele, atá lonnaithe i dtuaisceart Euskal Herria i stát na Fraince, ar aghaidh go Bilbo a rachaidh an cúrsa 2,500 ciliméadar.

korrika-2015

I rith an bhealaigh bíonn manaí éagsúla an Korrika – ar nós ‘Tipi Tapa Tipi Tapa!’ – á scairteadh ag an slua mar aon le hamhrán an reatha á sheinm go hard ón tionlacan.

Cumtar amhrán úr do gach rith agus i mbliana is é ‘Denok Korrikara’ (Cách chuig an Rith) teideal an riain (thuas).

Mar is gnáth, mar chomhartha dlúthpháirtíochta leis na Bascaigh, beidh roinnt Gael ag rith sa Korrika ar son na hÉireann agus na Gaeilge ach fiú mura mbíonn deis agat féin bheith ann an uair seo, is féidir imeachtaí agus dul chun cinn an reatha a leanúint ar korrika.eus.

Agus, ar ndóigh, ná déan dearmadh go mbeidh deis agat páirt a ghlacadh i Rith s’againn féin in earrach 2016… Gora Korrika!