‘Mish Rafferty’ – nuacht Mhanainnise le gasúir na scoile Gaelaí i Manainn craolta ar an BBC

Tá mír a craoladh ar an BBC níos luaithe an tseachtain seo á scaipeadh ina loisceadh sléibhe ar na meáin shóisialta agus lucht labhartha na dtrí theanga Ghaelacha thar a bheith tógtha leis na cainteoirí óga Manainnise atá le feiceáil inti.

https://twitter.com/BBCIsleofMan/status/1330915840091443200

“Fastyr mie, mish Rafferty,” a d’fhógair duine de dhaltaí Bhunscoill Ghaelgagh Mhanann, an t-aon scoil ar domhan ina ndéantar an teagasc sa Manainnis, ar an gclár nuachta Gaelg a taifeadadh sa scoil.

Thug lucht an BBC North West cuairt ar na Manainniseoirí óga ag tús na míosa agus na gasúir i mbun taifeadta ar a gclár nuachta féin. Tá idir fheasacháin theilifíse agus phodchraoltaí déanta ag na gasúir agus d’fhoilsigh siad a nuachtán féin, Yn Rollage (An Réalta), nuachtán ar díoladh os cionn 50 cóip de.